Tá cáineadh déanta ag iarUachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge ar an droch-chaighdeán, dar leis, a bhaineann le físeán nua atá curtha amach ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do Sheachtain na Gaeilge.
Deir Cóilín Ó Cearbhaill, ar eagarthóir teilifíse agus scannán é féin, gur léiriú é an físeán, agus an chaoi go bhfuil sé “caite le chéile” ar mheon “ar nós cuma liom” an Rialtais i leith na Gaeilge.
Léiríonn an bealach go bhfuil an físean seo caite le chéile ar nós cuma liom, go leor faoin meoin i leith an teanga náisiúnta ag an rialtas. Fuck it it’s grand, nobody will watch it anyway. https://t.co/dS0NA5UxRX
— Cóilín Ó Cearbhaill (@COCearbhaill) February 27, 2019
Sa bhfíseán, labhraíonn Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta, faoi Sheachtain na Gaeilge, a mbeidh tús á cur léi ar an 1 Márta, ach deir Ó Cearbhaill go bhfuil droch-chuma ar an saothar.
“Níl an caighdeán sách maith,” a deir sé. “Seo í príomhfhéile Ghaeilge an Stáit, sin iad na hairí Gaeltachta agus seo é an físeán a dhéanann siad?
“Ní léir go bhfuair siad duine proifisiúnta chun an rud a chur le chéile fiú. Tá deis acu daoine a spreagadh ach mura bhfuil an rud curtha le chéile go proifisiúnta, is deacair creideamh go mbeidh mórán spreagadh i gceist leis.”
Tá Ó Cearbhaill den tuairim go mbeadh “cuma níos fearr” ar an saothar dá mbeadh poiblíocht á lorg ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do sheoladh féile nó feachtas eile.
“Ceapaim gur léiriú é ar mheon an Rialtais i leith na Gaeilge – gur rud fánach í go bhfuil a leithéid seo ‘sách maith’ dá réir. Is é an trua nár thapaigh siad an deis físeán snasta a dhéanamh agus roinnt bróid a léiriú. Dá mba rud é go raibh siad ag seoladh féile eile, an mbeadh sé caite le chéile ar an gcaoi céanna?”
Deir Ó Cearbhaill go mbíonn na físeáin a chuireann an Taoiseach Leo Varadkar amach ar na meáin shóisialta gach seachtain ar chaighdeán níos airde ná an ceann atá curtha amach ag an Roinn ag tacú leis an bhféile bhliantúil don Ghaeilge.
“Cuireann sé díomá orm go bhfuil an cineál seo inghlactha ag roinn rialtais, go gceapann siad go bhfuil sé maith go leor do Sheachtain na Gaeilge.”
Ní raibh An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sásta aon ráiteas a dhéanamh faoi cháineadh Uí Chearbhaill ar an bhfíseán.
Ciarán Ó Fátharta
Jesus, ár dteanga bhreá agus masla mór millteach eile atá caite leithe agus chuile duine ag caint ar climate change.
Des O Murchu
Aire na ag munadh na Gaeilge,!
Traolach Ó Sioradáin
Go hainnis ar fad mar físeán
Máire Uí Mhaoláin
Shílfeá go gceapann Sean Kyne go bhfuil an rud ar fad an-bharúil!!
Padraic
Glacaim leis nach bhfuil aon chuma ar an bhfíseán cé nach bhfuil sé feicthe agam ach cén bhaint atá ag athrú aeráide leis an scéal? Ní dhá rud chomheisiacha atá san fhíseán agus san athrú aeráide.
Séamus
Ceart ar fad ag an bhfear sin Cóilín. Is cuma leo faoin teanga agus sin sin
TG Lurgan
Caitheann an Stát, faoi choimice na R.Oid, €800+ milliún chuile bhliain ar chóras fíor-lochtach ar an bhfuil “Sraith Pictiúr” mar bhuachphointe 13 blian foghlama. I dtaobh seo fanann earnáil/quangos na teanga go hiomlán ina dtost ach téann siad thar barr a chéile faoin mioneachtra seo?
Concubhar Ó Liatháin
Táim ag ceapadh go bhfuil daoine i bhfad ró chruaigh ar an bhfíseán is lucht a foilsithe. Is cinnte nach mbeadh sé ar an ngearrliosta do Ghradam Oscar ach ba mhaith an rud é go raibh teachtaireacht ó Airí na Roinne atá freagrach as an nGaeilge ag fáíltiú Seachtain na Gaeilge. Cén uair a tharla sin roimhe? Is cinnte go bhfuil go leor idir eagarthóirí is léiritheoirí theilifíse míshásta mar nach bhfuil sé ar chomhchaighdeán lena saothar a bhionn ar TG4 is chainéalacha eile. Tá bainisteoir nua cumarsáide ag an Roinn agus tá Gaeilge aici. Is cinnte go mbeidh an chumarsáid do lucht na Gaeilge ag dul i bhfeabhas as seo amach.