‘An té ar treise leis lann, bíodh aige an gadhar bán is an fia dubh,’ a deir an seanfhocal.
Is é is dóichí go mba don chlaíomh a bhí an té a chum sin ag tagairt. Déarfá inniu go bhfuil an ráiteas céanna fíor faoin gcamán, cluiche a bhfuileadar siúd is fearr chuige inniu níos airde agus níos téagartha go mór ná na laochra a chuaigh rompu.
Foireann iomána Luimnigh atá sa tóir ar Chorn Mhic Cárthaigh den ceathrú huair le cúig shéasúr is fearr a léiríonn sin. Tá an airde agus an spreac atá iontu mar aon leis an bhfisiciúlacht a léiríonn siad ina gcuid imeartha tar éis athrú mór a chur ar an gcaoi a dtugtar faoi chluiche na hiománaíochta – aon duine dhéag den fhoireann a bhuaigh craobh na bliana seo caite dóibh ar a laghad 6’ 1” ar airde.
Ba mhór an trua mar sin féin dá mba í an cháilíocht sin amháin a d’fhágfadh an bhuíon imreoirí seo ina ndiaidh mar oidhreacht. Le fírinne tá a gcuid scileanna, a ndíograis agus a ndiongbháilteacht ar an gcaighdeán céanna.
De bharr a mbarr feabhais le ceithre bliana níl ag a gcéilí comhrac anois ach aithris a dhéanamh orthu. Bhí amanta ann nuair is caol go maith a bhí an bhearna sin – scaití eile leathan a dóthain.
An rud is aoibhne faoin athrú seo ar fad go bhfuil na scileanna a bhaineann leis an iománaíocht ag dul i bhfeabhas freisin. Níos minice ná a chéile i gcúrsaí spórt is místuaim, righneas agus támáilteacht a mheabhraíonn lúthchleasaithe móra do dhuine. A mhalairt ar fad atá i gceist anseo.
Inniu is beag cúl báire idirchontae nach bhfuil in ann an sliotar a chur isteach glan díreach i mbos do láimhe agus é 80 méadar uait. Go mion minic bíonn an fad céanna ag baint le cuid mhaith de na cúilíní a fheictear. Agus iad i sáinn, tá iománaithe oilte in ann an sliotar a bhualadh faoin talamh le lán nirt agus a chinntiú gur comrádaí atá trí fhad camáin uathu a gheofas í.
Sin scileanna nach raibh sa gcluiche go dtí le réasúnta gairid.
Ní hin le rá nach bhfuil daoine ann atá cáinteach ar iomarca pasála a bheith san iomáint, faoi éadroime an tsliotair agus rudaí eile. Is é mo chomhairle dóibh siúd breathnú ar bheagán den pheil Ghaelach agus ní fada go maolóidh sin a bpian.
6”1” atá Nickie Quaid, cúl báire Luimnigh a imreoidh Gaillimh i gCluiche Leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inniu. Nuair a d’imir Luimneach in aghaidh Aontroma ann i 1996, ba é a chol ceathrar Joe a bhí ann, fear a bhí trí horlaí níos lú ná sin.
Taobh amuigh de Joe, bhí leathchúlaí darb ainm Davy Clarke – lán le fuinneamh agus é 5’7”. Diarmuid Byrnes a bheas san ionad sin inniu, geansaí cuid mhaith níos mó air – tá fear Thobar Phádraig 6’ 4”.
I seomra feistis Luimnigh is fear darbh ainm Ger O’Connell as Pailís Ghréine a shíneann na geansaithe ag Byrnes agus ag a chomhghleacaithe. Déarfainn 3XL a bheith greanta ar go leor a thugann sé amach – Gearóid Hegarty agus Kyle Hayes (6’5”); Dan Morrissey (6’3”); Declan Hannon, Barry Nash, Will O’ Donoghue & Séamus Flanagan (6’2”); Nicky Quaid, Tom Morrissey agus Aaron Gillane (6’1’).
Seans go bhfuil comparáid idir téagar na n-imreoirí níos suimiúla fós – bíonn imreoirí an lae inniu níos toirtiúla agus níos troime ag obair gheimhridh agus earraigh sa giomnáisiam.
An airde cheannann chéanna (5’10”) atá an cosantóir Seán Finn agus an té a bhí ann i 1996, Stephen McDonagh – tá fear an lae inniu beagnach cloch mheáchain níos troime.
Orlach amháin san airde atá ag Declan Hannon ar an leathchúlaí láir a bhí ann i 1996, Ciarán Carey, ach tá Hannon cloch go leith níos troime ná é.
Ní baileach go bhfuil an téagar céanna sna geansaithe a bheidh le tabhairt amach inniu ag ceannasaí feistis na Gaillimhe, mo sheanchara ‘Tex’ Callaghan. Ag Joseph Cooney (6’4) a shínfidh sé an geansaí is mó agus ag Gearóid McInerney (6’3”) an ceann is gaire dó sin. Ní ‘tóin le talamh’ an chuid eile acu ach an oiread. Nuair a bhuaigh siad ar Chorcaigh anseo coicís ó shin sa mbabhta ceathrú craoibhe ní raibh ach triúr ar an bpáirc acu in aghaidh Chorcaí a bhí faoi bhun 6 troithe.
Sa mbliain 2005 nuair a d’imir Gaillimh in aghaidh Chill Chainnigh, 5’7” a bhí Damien Hayes agus ní raibh ach tosach amháin (Richie Murray) a bhí in ann a rá
go raibh sé 6 troithe.
Fágfaidh mé slán agaibh le seanfhocal eile: ‘Is mór an rud an neart, mar a dúirt an dreoilín nuair a mharaigh sé an phéist.’
Bainigí bhur rogha ciall as sin!
JP
Is troime go mór a thiteann na fathaigh chun talún. Agus titfidh. Agus “ní hiad na fir mhóra a bhaineann an fómhar i gcónaí.”
Cuimhním ar Fran Larkin, JJ, Tommy Walsh…fathaigh ina méid féin ach thar aon rud eile iománaithe go smior.