Farrell os cionn a bhuille ach saothar nua Lanthimos ábhairín rótheann as féin

Bogann The Killing of a Sacred Deer ar aghaidh ar a bhogstróc agus é go hiomlán teann as féin, rótheann b’fhéidir

Farrell os cionn a bhuille ach saothar nua Lanthimos ábhairín rótheann as féin

Stiúrthóir: Yorgos Lanthimos

Cliar: Colin Farrell, Barry Keoghan, Nicole Kidman, Alicia Silverstone.

Tráth dá raibh bhí gealladh thar na bearta faoin mBleá Cliathach Colin Farrell agus comparáidí á rianú le Tom Cruise. I ndiaidh do Tigerland (2000) le Joel Schumacher é a radadh i lár an aonaigh ba í tuairim na coitiantachta go raibh an mianach ann le bheith ina cheann feadhna ar aon dul leis an gCruiser. Dhaingnigh comhghuaillíochtaí le Bruce Willis, Al Pacino, Steven Spielberg agus an Cruiser féin an tuairim sin; cé go rabhthas ag monabhar nár iompair sé scannán ar a ghuaillí féin go fóill. D’éirigh leis sin a dhéanamh go pointe in táirge Oliver Stone, Alexander (2004). Ní go rómhaith a glacadh leis an saothar úd agus baineadh barrthuisle as. Diaidh ar ndiaidh, áfach thosaigh sé ag máinneáil leis as lár an aonaigh agus i dtreo tháirgí ní ba shuaithinsí. Is léir go n-oireann táirgí aduaine dó agus bhí sin le feiscint go paiteanta in The Lobster (2015).

’Sé an ceardaí céanna, Yorgos Lanthimos atá ar an bpeann agus ar an stiúir don saothar suaiteach seo. Arís eile tugann Farrell taispeántas ábalta uaidh agus léiríonn gur aisteoir ar leithligh é nuair atá sé os cionn a bhuille. Máinlia croí in Cincinnati é Steven Murphy (Farrell) a bhfuil an-rath air, agus é rachmasach, dá bharr. Címid go bhfuil caidreamh aisteach ar siúl idir é féin agus an déagóir Martin (Barry Keoghan na hÉireann). Cuirtear ar ár súile dúinn go bhfuil uisce fé thalamh ann; ’sé sin gur cailleadh athair Martin agus é fé scian ag Steven. Ní fada nó go léirítear dúinn go bhfuil Martin imithe le craobhacha ar fad agus tosnaíonn ag ciapadh an teaghlaigh, mar a tharlaíonn i leithéidí Cape Fear (1991) agus Fatal Attraction (1987). Níl sárú Keoghan le carachtar dá leithéid seo a léiriú. Go deimhin caithfidh sé a chinntiú faoin tráth seo nach ndéanfar tíopshamhlú air. Éiríonn leis an tsoineantacht agus an bhagairt a léiriú ní hamháin in aon charachtar amháin ach in aon phaiste cainte amháin.

Bogann an scannán ar aghaidh ar a bhogstróc agus é go hiomlán teann as féin. Tá tuin agus rithim chainte faoi leith ag an saothar, tréith atá le feiscint go soiléir sna radharcanna aite idir Steven agus a bhean chéile (Kidman). Taibhsíodh dom go bhfuil éachtaint mhagúil á tabhairt ar dhea-bhéasa agus creidiúnacht lucht na meánaicme, agus é sin le feiscint arís sna radharcanna le comhghleacaí  Steven ina bhfuil caint bhacach gan mórán téagair. Chuirfeadh sé pian ort a bheith ag éisteacht leo.

Tá téamaí na freagrachta, an chirt agus an díoltais á gcíoradh anseo agus fealltacht óil Steven ag filleadh air.

Tugann an saoiste Kidman taispeántas cumasach uaithi, mar is dual di.

Sroicheann an scannán ceann scríbe truamhéalach, uafásach. In ainneoin na dtaispeántas iontach, níor thaitin an saothar liom ar an mórgóir. Bhíos róshuaite, róchortha agus ró-mhíshuaimhneach. B’fhéidir gur ormsa atá sin ach bhí an scríbhneoir/stiúrthóir ábhairín róthógtha lena smaoineamh féin.

Suaiteacht ar a son féin a bhí sa scannán.

Fág freagra ar 'Farrell os cionn a bhuille ach saothar nua Lanthimos ábhairín rótheann as féin'

  • traolach

    Tagaim leat. Scéal áiféiseach, bacach, gan dealramh, ó thús deireadh. Fág cibé meabhair cinn atá agat sa bhaile….mar ‘súfaidh an t-uafás agus an sceon isteach ina gcuilithe tú’, a mhaíter. Beidh na cosa ag lúbadh fút ar dhul amach duit…Beidh do chroí id bhéal agat…bla..bla bla..Nár cheart go mbeadh tús áite ag clisteacht, ag dealramh agus fuaimint an scéil chun scannán maith a chur i dtoll a chéile seachas a bheith ag brath ar sháraisteoireacht agus ar cheol ‘atmasféarach’ chun é a chrochadh leis? Chuir leanbaíocht agus luargacht gan chúis an scannáin seo déistin orm. Mura mbeadh an ceol bheimìs ar fad ag sranntarnaigh
    Bhíos ag súil roim ré go mbeadh cúpla braon fuarallais liom ach ní mór ná gur phléasc mé amach ag gáirí in áiteanna. Bhuail ‘sceimhle’ Hollywood (nach sceimhle chuige í) bob orm féin agus ar mo phóca arís don uair dheiridh.

  • traolach

    ‘meabhair chinn’ dar ndó…

  • traolach

    ‘suaiteacht ar a son féin’ …go díreach, an chéad seait go háirithe den obráid chrói, cén fhaid a mhair sé? Hollywood fé gheasa aige féin. Ord mór á úsáid chun tairne a chomáint. ‘Boighreán’ an focal breá a bhí ag Paidí a’ Choma (má thuigeas i gceart é) chun cur síos ar an saghas sin ruda .i. coinbhinsiún spiagaí gan bhrí (sórt bídh is é leis & bríonna eile fairis sin). Bullshit?

  • traolach

    ‘suaiteacht ar a son féin’ …go díreach, an chéad seait go háirithe den obráid chrói, cén fhaid a mhair sé? Hollywood fé gheasa aige féin. Ord mór á úsáid chun tairne a chomáint abhaile. ‘Boighreán’ an focal breá a bhí ag Paidí a’ Choma (má thuigeas i gceart é) chun cur síos ar an saghas sin ruda .i. coinbhinsiún spiagaí gan bhrí (sórt bídh is é leis & bríonna eile fairis sin). Bullshit?