‘Faraor, tá an Ghaeltacht ag fáil bháis ar níos mó ná bealach amháin’ – taighde nua seolta

Ag Oireachtas na Samhna inniu, sheol an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh mórthuarascáil taighde nua, ina mbreathnaítear ar na seacht gceantar Gaeltachta ó thaobh na socheacnamaíochta de

Tá os cionn an ceathrú cuid de phobal na Gaeltachta ag maireachtáil i gceantair atá áirithe mar cheantair atá ‘faoi mhíbhuntáiste’ nó ‘go mór faoi mhíbhuntáiste’.

Sin cuid den eolas atá le fáil i dtuarascáil taighde nua a bhreathnaíonn ar na seacht gceantar Gaeltachta ó thaobh na socheacnamaíochta de.

De réir na tuarascála tá 27% de mhuintir na Gaeltachta, nó 26,850, ag cur fúthu i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste de réir innéacs náisiúnta na bochtaineachta.

De réir an taighde tá an Ghaeltacht trí chéile ‘beagán faoi bhun an mheáin’ ó thaobh rachmais de agus is i gceantair i nDún na nGall agus i Maigh Eo is measa an scéal.

An Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh a thionscain an staidéar a rinne Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn. 

Agus an tuarascáil á seoladh tráthnóna ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, dúirt an Seanadóir Ó Céidigh go léiríonn an taighde nua go bhfuil an Ghaeltacht ag “fáil bháis”.

Feicfidh sibh, faraor, go bhfuil na Gaeltachtaí ag fáil bháis ar níos mó na bealach amháin,”  a dúirt Ó Céidigh.

 Déantar comparáid sa tuarascáil, Próifíl Shocheacnamaíoch de na Seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn, idir na ceantair Ghaeltachta go léir agus na limistéir pleanála teanga iontu. 

Seoladh an tuarascáil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne tráthnóna.

Tugtar léargas sa chéad chuid den turascáil ar cén chaoi atá ag éirí leis na ceantair Ghaeltachta agus na limistéir pleanála teanga i gcompáráid leis an chuid eile den tír.

Breathnaítear sa dara cuid den tuarascáil ar leagan amach sóisialta agus déimeagrafach na gceantar Gaeltachta agus na limistéir pleanála teanga, agus tugtar mioneolas ann faoin daonra, faoi chúrsaí sláinte, oideachais, tithíochta, leathanbhanda agus teanga. 

De réir an taighde, tá 16.6% de phobal na Gaeltachta os cionn 65 bliain d’aois, i gcomparáid le 13.4% go náisiúnta. Deirtear nach bhfuil rochtain ar an idirlíon ag 25% de mhuintir na Gaeltachta i gcomparáid le 18% sa chuid eile den tír, agus níl teacht ar leathanbhanda maith ag 61% de mhuintir na Gaeltachta i gcomparáid le 71% sa chuid eile den tír.

Breathnaítear sa tríú cuid den taighde ar chúrsaí fostaíochta.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie anuraidh gur cheantair beagáinín faoi bhun an mheáin náisiúnta ó thaobh rachmais agus oideachais, ceantair atá faoi mhíbhuntáiste nó ceantair atá go mór faoi mhíbhuntáiste iad gach ceantar láidir Gaeltachta i gConamara agus i nDún na nGall.

Fág freagra ar '‘Faraor, tá an Ghaeltacht ag fáil bháis ar níos mó ná bealach amháin’ – taighde nua seolta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caidé seo? Tuilleadh taighde?? Cé atá ag gnó as na tuarascálacha seo?? Tuilleadh airgead caite agus caidé’n toradh??

    Tá Plean Forbartha Contae foilsithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall i mbliana. Mairfidh sé 6 bliana. Táim cinnte go mbíonn a leithéid ag achan contae sa stáit seo. An bhfuil sé indéanta acu siúd a chuir an tuarascáil seo i gceann a chéile cóip a thabhairt d’achan chomhairle contae/baile/ceantair sa stáit? Níl mé ag maíomh na contaetha siúd a bhfuil ‘Gaeltacht’ iontu ach ACHAN contae.

    Tá an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta ag fulaingt de thairbhe na Gaeilge. Sé sin, níl daoine ag iarraidh dhul i ngleic leis an Ghaeilg agus í a úsáid mar theanga cumarsáide – labhartha agus scríofa – ná mar theanga oibre – pobal-stáit/stáit-pobal, pobal-gnó/gnó-pobal sa ghnáth shaol. Is cosúil nach bhfuil againn ach an tOireachtas agus cúpla imeacht Ghaeilge eile. Tá mé i mo chónaí sa Ghaeltacht agus níl mé ábalta imeachtaí ná caitheamh aimseartha go hiomlán i nGaeilg a aimsiú!

    Níl córas ná plean ná polasaí de chineál ar bith ag rannóga stáit chun an Ghaeilg agus an Ghaeltacht a chuir san áireamh ina gcuid tograí náisiúnta, ina gcuid oifigí ar fud na tíre, sna córais inmhéanacha ríomhaireachta. Níl aitheantas ar bith tugtha don Ghaeilg ar ríomhphoist ná ar chomhfhreagrais ar bith a sheoltar idir eagraisí stáit – is é an Béarla teanga an stáit. Níl líonra ná líonrú ar bith idir chainteoirí Gaeilge sna rannóga stáit éagsúla m.sh. idir An Bord Pleanála agus Comhairlí Contae. Suíonn an stáit siar agus fanann siad ar bhaill aonaracha den phobal teagmháil a dhéanamh leo i nGaeilg. Agus, dar ndóighe, níl cleachtadh ar bith ag daoine aonaracha sa Ghaeltacht bheith ag déanamh a ngnóithe leis an stáit trí mheán na Gaeilge (cúpla duine ach mórchuid acu – níl). Fágann muintir na ‘Gaeltachta’ an obair sin ag na hionadaithe poiblí/polaiteoirí agus lucht léannta, agus is beag duine acu sin a dhéanann a ngnóithe i nGaeilg leis an stáit thar ceann na pobail Gaeltachta!!

    Bíonn lucht gnó i gcónaí ag caoineadh fá airgead agus BRABÚS. Muna bhfuil airgead ná brabús le déanamh as an Ghaeilg níl suim ar bith acu inti. Chuala mé Leo Varadkar ar RTÉ raidió1 ar maidin ag caint fá na hAontachtaithe i dTuaisceart Éireann agus luaigh sé; thar aon rud eile – maoin agus an gheilleagar san áireamh – gurbh í a bhféiniúlacht mar Sasanaigh an rud a ba thábhachtaí daofa. Anois, an bhfuil sé indéanta ag Éireannaigh agus ag muintir na ‘Gaeltachta’ an meoin intinne sin a bheith acu?? …ní shílim é…