Faraor níl aon vacsaín ar fáil do chlaonadh an duine a leas féin a dhéanamh

In ionad an chomhoibrithe faoin vacsaín, tá na tíortha saibhre ag breathnú ina ndiaidh féin

Faraor níl aon vacsaín ar fáil do chlaonadh an duine a leas féin a dhéanamh

Ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat agus is cosúil, an Coimisiún Eorpach ag crónán agus srianta fógartha an tseachtain seo ar easpórtáil vacsaíní taobh amuigh den AE. Is deacair an claonadh i dtreo an fhéinleasa in intinn an duine a chur faoi smacht is léir, fiú nuair is dochar atá á dhéanamh ag an gclaonadh seo go fadtéarmach.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil iar-uachtarán an Choimisiúin féin Jean-Claude Juncker den tuairim gur botún atá sa gcinneadh is tá sé cáinte ag an WHO freisin.

An chomhairle atá ag an WHO ó thús na paindéime nach ndéanfaí taisceadh ná cruinniú ar threalamh leighis ná ar vacsaíní, ach go roinnfí iad go cothrom idir tíortha an domhain. Mhol an WHO go dtabharfaí vacsaíní ar dtús do na daoine atá i mbaol láidir ón víreas ar fud an domhain agus ansin go mbogfaí ar aghaidh go dtí na grúpaí eile. Ní hé sin an cur chuige atá curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach ná ag tíortha saibhre ar fud an domhain, áfach.

A mhalairt atá á dhéanamh. In ionad an chomhoibrithe idir tíortha an domhain lena chinntiú go bhfaighidh na daoine is mó atá i mbaol an vacsaín ar dtús, tá na tíortha saibhre ag breathnú ina ndiaidh féin.

I ndeich dtír a tugadh amach 95% de na vacsaíní a tugadh amach go dtí seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 185 tír (isteach is amach) eile ann nach bhfuair ach 5% den dáileadh vacsaíní eatarthu. Tá Covid-19 i mbeagnach gach tír ar domhan agus na tíortha nach bhfuil sé iontu, tíortha ar nós Tonga agus Palau, is tíortha iad a bhraitheann go mór ar thurasóireacht is atá buailte go dona ag an easpa turasóirí de bharr na paindéime.

Mura mbeadh na tíortha saibhre ag cuimhneamh ach ar a bpócaí féin, shílfeá go ndéanfadh sé níos mó céille vacsaíní a dháileadh ar bhonn idirnáisiúnta chun srian a chur leis an víreas go domhanda le go bhféadfaí tús i gceart a chur leis an trádáil idirnáisiúnta arís. Is é an toradh a bheidh ar na polasaithe cosantacha seo ná moilliú ar an mbisiú eacnamaíochta domhanda. Gortóidh na srianta easpórtála tíortha eile agus gortóidh siad muid féin freisin.

Chuir iompar an Choimisiúin Eorpaigh le seachtain anuas teoiric chluichí an mhatamaiticeora John Nash i gcuimhne dom. 

Ní hé Nash a tháinig aníos le teoiric na gcluichí, ach d’fhorbair sé an bunsmaoineamh chun tuar a dhéanamh faoin ngníomh a dhéanfaidh daoine atá in iomaíocht lena chéile i gcásanna éagsúla.

Is minic a bhris béal duine a shrón, a deirtear, agus déanann Cothromaíocht Nash (Nash Equilibrium) cur síos i dtéarmaí matamaitice ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bhfírinne seo. 

D’fhéadfaí é a úsáid chun múnlú a dhéanamh ar chásanna éagsúla – cén tsrón a bhrisfí, cé a bhrisfeadh í, an mbrisfí gach srón nó an mbeadh aon rud ann a d’fhéadfaí a dhéanamh sa gcaoi is go dtiocfadh gach srón slán?

Theastódh sé sin an tseachtain seo chun anailís a dhéanamh ar iompar an choimisiúin. An mbeadh muid níos fearr as go fadtéarmach mura mbeadh srianta curtha ar easpórtáil vacsaíní amach as an mbloc? Tá namhaid á déanamh dá rún ag an gCoimisiún agus ní fearr a bheidh muid dá bharr.

Fág freagra ar 'Faraor níl aon vacsaín ar fáil do chlaonadh an duine a leas féin a dhéanamh'