D’fhógair an rialtas scéal gan choinne Déardaoin. Tugadh le fios go raibh dídean ar fáil do gach teifeach agus iarrthóir tearmainn – an chéad uair ó thús na bliana go rabhthas ábalta éacht dá leithéid a fhógairt.
Tá a fhios ag airí go maith áfach go bhfuil sé ionann agus cinnte nach fada go mbeidh práinn dídine ag cur brú orthu arís. Is soiléire ná riamh dóibh nach féidir dualgais an stáit a chomhlíonadh cheal toil an phobail – toil a lagaítear uaireanta mar gheall ar easpa eolais oifigiúil nó bréaga na n-antoisceach.
Is chun aghaidh a thabhairt ar an gcéad chontúirt a d’iarr an Roinn Leanaí ar chomhlacht príobháideach cúpla mí ó shin feabhas a chur ar sholáthar faisnéise faoi theifigh agus iarrthóirí tearmainn.
Níl aon eolas tugtha fós faoin gcur chuige nua, atá á réiteach i gcomhairle le roinn an Taoisigh, ná faoin dáta ar a dtosóidh sé. Fiú más léir faoi cheann tamaill áfach go bhfuil an plean agus a chur i bhfeidhm ar fheabhas, ní bheidh ar a chumas ach sciar den dochar a dhéanann scaipeadh mífhaisnéise, ar na meáin sóisialta go háirithe.
Léiríonn a bhfuil ráite ag airí go dtí seo an imní atá orthu go neartóidh an míshásamh a chothaíonn lonnú teifeach.
Dúirt an tAire stáit Joe O’Brien sa Dáil an mhí seo caite go raibh an plean á ullmhú ag an gcomhlacht caidrimh phoiblí Q4 (an t-aon chomhlacht a chuir tairiscint isteach) i gcomhar le roinn an Taoisigh. Glacadh le tairiscint an chomhlachta, a dúirt sé, mar gheall ar an gcomhairle a thug siad do thogra Bus Connects agus scéimeanna stáit eile a raibh tionchar díreach acu ar an bpobal.
Tá difríocht shoiléir áfach idir tograí dá leithéid agus polasaí a bhfuil dlúthbhaint aige le riachtanas a mhéadaíonn gach lá agus nach féidir a mhéadú amach anseo a thuar.
Admhaíonn airí gur chóir tuilleadh faisnéise faoi lonnú teifeach agus iarrthóirí tearmainn a thabhairt d’ionadaithe agus do ghrúpaí áitiúla. Is léir dóibh freisin áfach go spreagann eisiúint eolais róluath agóidí uaireanta a dhiúltaíonn go hiomlán do lonnú na dteifeach.
Is cabhair shuntasach don rialtas seasamh láidir pháirtithe an fhreasúra in aghaidh dreamanna a chothaíonn fuath agus mímhuinín. Sin ráite, ní leasc le Sinn Féin laigí i gcur chuige an rialtais a cháineadh ar dhóigh atá cóngarach don cháineadh a dhéanann grúpaí atá glan in aghaidh theacht na dteifeach.
Sa Dáil an mhí seo caite cháin Mary Lou McDonald ciníochas agus imeaglú den uile chineál díreach sular thagair sí don bhrú a chuireann lonnú na dteifeach ar dhochtúirí agus ar sheirbhísí eile ar chóir iad a fheabhsú chun freastal ar mhéadú pobail.
Is treise áfach an dainséar don rialtas a bhaineann le hagóidíocht na heite deise, go háirithe i bhfianaise na mbréaga agus na mífhaisnéise a úsáideann siad rómhinic. Is fiú cuimhneamh ar thrí shampla dá neamhscrupall sin agus amhras gan chúis á chothú le gairid acu in áiteanna éagsúla.
Bréag a hAon: Dúradh i dteachtaireachtaí a cuireadh ar Facebook faoi Nollaig nach mbeadh scoil i nDroimeanach i mBaile Átha Cliath ábalta athoscailt san athbhliain toisc go raibh teifigh ón Úcráin ag cur fúthu inti. Bhí ar an bpríomhoide scéala a chur chuig tuismitheoirí gur tairgeadh dídean gearrthéarmach sa scoil do na hÚcránaigh, go raibh siad imithe mar a socraíodh agus go n-athosclódh an scoil ar an dáta a fógraíodh.
Bréag a Dó: Taispeánadh busanna a páirceáladh i Seantrabh i mBaile Átha Cliath i bhfíseán a cuireadh ar Twitter agus ar mheáin sóisialta eile i mí Feabhra. Dúradh gur fir a bhí ag iarraidh tearmainn a bhí ar bord agus go gcuirfí lóistín áitiúil ar fáil dóibh. Thug urlabhraí ó Athletics Ireland le fios nach iarrthóirí tearmainn ach lúthchleasaithe óga a bhí páirteach i rásaí trastíre sa cheantar a bhí ar na busanna go léir.
Bréag a Trí: Cuireadh grianghraif agus físeán ar líne i mí na Bealtaine a dúradh a thaispeáin scata fear ón Afraic a bhí “in aois mhíleata” agus a bhí á lonnú i gceanncheathrú Ord na Toirbhearta i gCorcaigh. Tar éis agóide, thug ceannaire áitiúil an Oird le fios gur bráithre ón Afraic a bhí ag freastal ar chomhdháil a taispeánadh sna pictiúir. Dúirt sé freisin gur Éireannaigh gan dídean a bhí ag cur fúthu sa chuid is mó den fhoirgneamh.
Ní foláir cuimhneamh ar eachtraí mar na cinn thuas agus an t-amhras a chothaíonn bréagfhaisnéis á mheá. Go háirithe toisc nach bhfaigheann iriseoir nó duine freagrach ar bith amach ar feadh i bhfad scaití go bhfuil bréaga á scaipeadh.
Ní bheadh córas oifigiúil faisnéise ar bith, dá fheabhas é, ábalta dul i ngleic leis an gcuid is mó den bhréagfhaisnéis a scaipeann daoine agus grúpaí mímhacánta. Is treise bréag ná an fhírinne, go háirithe nuair nach eol do na húdaráis scaití (1) cén bhréag atá á hinseacht, (2) cé atá á cumadh ná (3) conas a scaiptear í.
Fiú má fhágtar an fhadhb sin i leataobh, ní bheidh an rialtas ábalta gach fadhb a bhaineann le soláthar dídine do theifigh a réiteach go dtí go mbeidh deireadh leis an gcogadh san Úcráin a thugann ar dhaoine imeacht ón tír sin. Ní foláir a admháil freisin nach maolóidh amhras abhus go dtí go léireofar feabhas suntasach ar sholáthar tithíochta d’Éireannaigh.
Sin ráite, ní cóir mór is fiú a dhéanamh den mhíshásamh. Dúirt Joe O’Brien, atá freagrach mar aire stáit as lonnú na dteifeach, sa Dáil go raibh breis agus 73,000 tagtha ón Úcráin ó thosaigh ionradh na Rúise, agus go raibh 26,000 duine eile (15,000 sa bhreis ar an am seo anuraidh) ag iarraidh tearmainn. Bunaíodh thart ar 150 ionad práinneach dídine le bliain anuas, a dúirt sé, agus cé nár cuireadh eolas ar fáil mar ba chóir i ngach áit ghlac an pobal áitiúil lena bhformhór.
Thagair an Taoiseach d’ábhar gaolmhar nuair a labhair sé seachtain ó shin faoin dualgas atá ar an rialtas dídean a sholáthar do theifigh agus d’iarrthóirí tearmainn. Dúirt sé nár chóir neamhaird a dhéanamh den chóras faoinar féidir daoine a dhíbirt má dhiúltaítear dá n-iarratais tearmainn.
Tá 500 ordú díbeartha eisithe ó thús na bliana. Níor thug Leo Varadkar ná aire ar bith le fios fós áfach cé mhéad duine ar ordaíodh dóibh imeacht a d’imigh.
Ní féidir amhras faoi chóras ar bith a mhaolú murar léir don phobal go bhfuil an córas ag feidhmiú, nó mura bhfuil an lánfhírinne ábhartha á hinseacht dóibh.
Fág freagra ar 'Faraor is treise go minic an bhréag ná an fhírinne i gcás na dteifeach'