Faraor craobhacha 2021 is túisce a bheidh againn, ach is fearr an tsláinte ná na táinte

Ba mhaith liom féin go mbeadh an spórt ar siúl sula i bhfad nó ar a laghad uair éigin i mbliana, ach is beag seans a fheicim gur amhlaidh a bheidh

Faraor craobhacha 2021 is túisce a bheidh againn, ach is fearr an tsláinte ná na táinte

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Seachtain ó shin d’eagraigh Cumann Lúthchleas Gael cruinniú speisialta ar líne chun cúrsaí an chumainn a phlé agus chun cumhachtaí sealadacha a thabhairt don Choiste Bainistíochta.

Beidh cead ag an gcoiste sin cinntí a dhéanamh faoi aon chluichí a bheidh ar siúl i mbliana a eagrú. Bhí caint ann cheana féin faoi mhoill a chur ar na cluichí go léir agus caint freisin faoi na comórtais chraoibhe a rith mar chomórtas díbeartha.

Dar ndóigh tá gach cinneadh bunaithe ar conas mar a bheidh cúrsaí leis an gcoróinvíreas agus ar na srianta a bheidh i bhfeidhm sa tír i lár an tsamhraidh.

Taca an ama chéanna seachtain ó shin leag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen plean oibre amach faoi na srianta atá i bhfeidhm a scaoileadh diaidh ar ndiaidh.

Dar ndóigh labhair sí faoi choinníollacha a bheadh ag teastáil chuige sin.

Agus ag uimhir a haon aici bhí go mbeadh laghdú ollmhór déanta ar scaipeadh an víris. Labhair sí freisin faoi acmhainn sa gcóras sláinte freastal ar othair agus cumas údaráis na dtíortha ar fad a bheith ábalta faireachas agus monatóireacht a dhéanamh. Tá ciall agus stuaim leis sin ar fad.

Mar a sheasann rudaí i láthair na huaire ar fud na cruinne, tá méid na gcásanna deimhnithe den víreas ag druidim chuig na trí mhilliún agus an méid duine atá básaithe beagnach ag 200,000.

Chuala díospóireacht freisin le déanaí faoi shraith an Premiership i Sasana agus an méid airgid a bheidh caillte mura gcríochnófar an tsraith. Bhíodar ag caint faoi bhilliún punt, idir chearta teilifíse agus airgead ag na geataí.

Ach mar a sheasann rudaí faoi láthair anseo in Éirinn tá srianta diana againn agus daoine fós faoi dhianghlasáil go dtí an cúigiú lá de Bhealtaine ar a laghad.

Níl a fhios againn cad iad na srianta a bheidh fós orainn i ndiaidh an dáta sin ach pé laghdú a dhéanfar orthu ní bheidh an galar imithe.

Sin bun agus barr an scéil mar a sheasann sé faoi láthair.

Agus mura mbeidh an galar imithe conas is féidir linn cluichí a imirt?

Tá a fhios againn cé chomh héasca a scaipeann an Covid-19 seo agus tá a fhios againn freisin go raibh an-bhaint ag an scaradh fisiciúil sa tír seo leis na huimhreacha a bheith íseal go leor sa tír.

Mar sin an cheist a bheadh agam ná conas a d’fhéadfaimis cluichí a imirt mura mbeidh an galar imithe ar fad agus an scaradh fisiciúil críochnaithe?

Mura mbeidh (agus ní bheidh) an galar faoi smacht ar fad, conas ar féidir le himreoirí taisteal le chéile chuig cluichí ar bhusanna nó i gcarranna?

Ma bhíonn lucht féachana ceadaithe ag na cluichí cén leagan amach a bheidh ar na staideanna agus conas a rachaidh daoine chuig na cluichí?

An mbeidh orthu taisteal agus gan ina dteannta ach a gclann féinig amháin.

An mbeidh daichead duine idir imreoirí agus lucht cúlseomra istigh i seomra feistis amháin?

An mbeidh ar dhochtúirí tástáil a chur ar gach imreoir roimh chluiche?

An mbeidh orthu scaradh fisiciúil a leanúint ar an bpáirc imeartha?

Tá a fhios agam go bhfuil an rialtas agus CLG ag déanamh iarracht údar misnigh a thabhairt dúinn in am seo an ghátair. Ach is éigeandáil eisceachtúil ar fad an phaindéim seo agus ní féidir í a stopadh mar a mhúchfá solas.

Dé Máirt seo caite fógraíodh go bhfuil cosc curtha ar aon ócáid a mbeadh níos mó ná 5,000 i láthair aici go dtí tús mhí Mheán Fómhair ar a luaithe.

Agus ná bíodh aon dabht faoi ach ní scaoilfear mórán srianta má bhíonn aon imní ar chor ar bith ar Tony Holohan agus a choiste go go scaipfeadh an víreas go forleathan arís.

Níl siad chun an córas sláinte a chur faoina thuilleadh brú.

Ba mhaith liom féin go mbeadh an spórt ar siúl sula i bhfad nó ar a laghad uair éigin i mbliana, ach is beag seans a fheicim gur amhlaidh a bheidh.
Ceapaim gur faoi Chraobh 2021 a bheimid ag caint mura mbeidh vacsaín ar fáil go luath.

Mar a deir an seanrá ‘is fearr an sláinte ná na táinte’.

Fág freagra ar 'Faraor craobhacha 2021 is túisce a bheidh againn, ach is fearr an tsláinte ná na táinte'