Faraor, bhí cúrsaí polaitíochta lárnach i scéal na paindéime ó thús

Tá an dóchas a bhain le scéal na vacsaíní féin maolaithe ag easaontas

Faraor, bhí cúrsaí polaitíochta lárnach i scéal na paindéime ó thús

Taca an ama seo anuraidh a chuir muid eolas ar COVID-19 den chéad uair.

Bhí aicíd aisteach ag scaipeadh sa tSín agus gan eolas ann cén chaoi an gcuirfí faoi smacht í. Ní raibh ainm tugtha go fóill uirthi agus tuairim ann go mb’fhéidir nach mbeadh aon bhaol don domhan trí chéile. Ansin thángthas ar chás san Iodáil ag deireadh mhí Eanáir seo caite agus scaip an galar ar nós na gaoithe tríd an tír sin.

Cé mhéad againn a chreid ag an tráth sin go mbeadh an domhan ar fad i ngreim ag an ngalar nua seo? Dá mbeifí in ann é a choinneáil faoi smacht sa gCianoirthear bheadh muid togha. Tuigeann muid anois nach raibh barúil an uair sin ag eolaithe ná saineolaithe leighis cén chaoi leis an víreas seo a chur faoi smacht. 

Chuir an luas lenar scaip an galar imní agus eagla ar na húdaráis idirnáisiúnta, ach ní raibh aon tuairim faoin mbealach ab fhearr lena cheansú agus bheadh sé blianta sula mbeadh vacsaín éifeachtach ar fáil.

Pé rud faoin éiginnteacht a bhain le scaipeadh an ghalair agus na bealaí lena cheansú bhí rud amháin gurbh fhéidir brath air ó lá go lá – tábhacht na polaitíochta sa scéal agus tionchar na polaitíochta ar an rath a bheadh ar pholasaithe sláinte phoiblí agus straitéisí ar fud na cruinne.

Bhí Uachtarán i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Príomh-Aire sa Bhreatain nach raibh sásta glacadh leis an bpráinn a bhain le Covid-19. A mhalairt a tharla san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, áit a ndeachaigh na húdaráis i mbun gnímh láithreach le polasaithe diana chun  scaipeadh an ghalair a stopadh. Anseo in Éirinn bhí an Rialtas ó dheas éifeachtach i dtús báire cé gur chuir an doicheall roimh shrianta taistil de bharr rialacha Eorpacha agus cás na teorann an plean trína chéile. Ba léir luath go maith gur chóir breathnú ar straitéis uile-oileánda a chur i bhfeidhm ach chuir na seanchlaonta agus dearcaí polaitiúla stop leis sin.

Ansin, iontas na n-iontas, tháinig dea-scéala chugainn faoi vacsaín amháin, ansin ceann eile agus ceann eile. 

Ach tá an dóchas a bhain leis an scéal sin féin maolaithe ag easaontas idir an tAontas Eorpach agus AstraZeneca. Deir Astra Zeneca go bhfuil siad ag soláthar níos mó vacsaíní don Bhreatain faoi láthair mar gur shínigh na húdaráis leighis ansin conradh leis an gcomhlacht trí mhí sula ndearna an tAE amhlaidh.

Rinneadh socrú linne freisin, a deir an Eoraip. 

 “Ní ghlacfaimid leis an loighic sin gur de réir mar a tháinig tú féin a thiocfaidh do sheal. B’fhéidir gur mar sin a oibríonn sé i siopa an bhúistéara ach ní hamhlaidh a bhíonn i gconarthaí ná sna conarthaí réamhcheannaigh atá againne,” arsa Stella Kyriakides. Coimisinéir Sláinte an AE

Inniu a thabharfaidh Áisíneacht Leigheasra na hEorpa a mbeannacht don vacsaín AstraZeneca. 

Ach dúirt gníomhaireacht sláinte phoiblí na Gearmáine inné nár chóir an vacsaín a rinne AstraZeneca agus Ollscoil Oxford a thabhairt d’aon duine atá os cionn 65 bliain mar nach raibh “dóthain sonraí ar fáil”.

Shínigh an tAontas Eorpach conradh le AstraZeneca mí Lúnasa seo caite faoina mbeadh 300 milliún dáileog ar fáil agus deis ar 100 milliún eile. Deir AstraZeneca go mbeidh moill ar sholáthar na vacsaíní don AE de bharr deacrachtaí ina gcuid monarchana Eorpacha. Tá na monarchana sa Ríocht Aontaithe ag táirgeadh leo agus é deimhnithe ag Boris Johnson go bhfuil dóthain den vacsaín ag an mBreatain.

Ní ghlacann an Eoraip leis an argóint seo agus deir siad gur cheart go mbeadh soláthar ó na monarchana sa Ríocht Aontaithe ar fáil don Eoraip mar a aontaíodh. 

Tá roinnt tíortha ag rá gur chóir stop a chur le heaspórtáil vacsaíní a dhéantar san AE chuig tíortha taobh amuigh den AE. Easaontas eile idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach? Sárú polaitiúil ag cur moille le dáileadh vacsaíne. Cé a chreidfeadh é?

Fág freagra ar 'Faraor, bhí cúrsaí polaitíochta lárnach i scéal na paindéime ó thús'