Faraor níl aon teacht aniar i ndán do De Niro, Freeman ná Lee Jones in ‘The Comeback Trail’

Dá mbeadh Robert De Niro, Morgan Freeman agus Tommy Lee Jones tar éis tabhairt faoi shaothar fiche bliain ó shin bheadh cad é bús faoi agus duaiseanna Oscar á lua leis. Ní hamhlaidh atá leis an truflais seo

Faraor níl aon teacht aniar i ndán do De Niro, Freeman ná Lee Jones in ‘The Comeback Trail’

The Comeback Trail
Stiúrthóir:
George Gallo
Cliar: Robert de Niro, Tommy Lee Jones, Morgan Freeman, Zach Braff, Emile Hirsch, Kate Katzman

Tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá! Robert De Niro, Tommy Lee Jones agus Morgan Freeman, piardaí móra cumasacha na seanlaethanta, ag tabhairt faoi shaothair neafaiseach gan dealramh. I gcaitheamh na mblianta tá taispeántais bhreátha agus an ilomad saothar le dealramh tugtha ar an bport ag De Niro (77), Freeman (84) agus Lee Jones (74).

Dá mbeadh an triúr seo tar éis tabhairt faoi shaothar fiche bliain ó shin bheadh cad é bús faoi agus duaiseanna Oscar á lua. Is fada De Niro ar fán agus gan ach cúpla geábh tugtha aige, fé shaothair le téagair, The Irishman (2019) agus Joy (2015), mar shampla.  D’fhéadfaí an rud eile a rá faoin mbeirt eile ach is dóigh liom bhfuil tóin poill sroichte leis an saothar seo.

Is ait mar sin go mbeadh an teacht aniar mar théama lárnach sa scannán seo atá in ainm is a bheith greannmhar mar aon le bheith ábhairín spreagúil. Níl againn ach saothar seafóideach gan dealramh, gan samhlaíocht agus é bunaithe ar scannán den teideal céanna ó 1982.

Dar liom go raibh an t-amhábhar anseo le scannán greannmhar, agus fiú ceann ábhairín drámatúil a dhéanamh. Beirt léiritheoirí gan rath iad Max Barber (De Niro) agus a nia Walter (Braff) is iad ag strácáil leo in Hollywood na bliana 1974.  Tá teipthe glan ar scannán eile dá gcuid agus iad in ísle brí. Tagann Max glic ar sheift. Má mharaítear aisteoir is é i mbun éachta ar scannán déanfaidh an comhlacht léirithe cairéal as an árachas. Earcaíonn Max Duke Montana (Lee Jones), seanlaoch scannáin na mbuachaillí bó, le tabhairt faoi scannán agus le cur de dhroim seoil.

Ní mar a shíltear a bhítear, áfach agus éiríonn leis an seanchat éalú as na gaistí ar fad. In ainneoin, nó b’fhéidir de bharr, scéiméireacht Max, cuirtear ar a súile do dhaoine go bhfuil ag éirí thar barr leis an scannánú agus go bhféadfadh rath a bheith ar an scannán. I rith an ama tá Max ag iarraidh an bithiúnach Reggie Fontaine (Freeman), a dhein maoiniú ar scannán an mharaithe, a choimeád ó dhoras.

Tá taitneamh éigin le baint as taispeántas an triúir, Lee Jones ach go háirithe, a dhein iarracht éigin daonnacht a chur sa seanfhondúir atá ar strae agus in ísle brí. Ba chuma ann nó as carachtar Braff agus iontas orm gur thug sé faoin ról dá réir. Níl oiread is mír amháin a chuirfidh ag gáirí os ard tú agus sleamhnaíonn rudaí chun áiféise ar fad i dtreo cheann scríbe.

Fág freagra ar 'Faraor níl aon teacht aniar i ndán do De Niro, Freeman ná Lee Jones in ‘The Comeback Trail’'