Faoiseamh sna Barrscéalta ó mheanapás nádúrtha Raidió na Gaeltachta

Tá dhá chlár cainte anois ar Raidió na Gaeltachta a bhfuil fuinneamh, fiosracht, nádúr agus spleodar na dea-chraoltóireachta agus na Gaeltachta ina n-orlaí tríothu

Faoiseamh sna Barrscéalta ó mheanapás nádúrtha Raidió na Gaeltachta

Tá mise san aois gur cuimhneach liom an saol d’uireasa Raidió na Gaeltachta nuair ab fhaide ón nGaeltacht Baile Átha Cliath is Domhnach Broc ná Timbuctu. Is minice go mór a luaití cathair an ghaineamhlaigh agus ‘go dtuga an diabhal go Timbuctu ..’ coitianta. Is cinnte gur iontach go deo an fuinneamh agus an croí a thug teacht RnaG do phobal Gaeltachta m’aoise.

Ó bhain an aicíd is déanaí seo an mothú asam, is minic an raidió á thachtadh agam leis an tseanphaidir chéanna sin. Is léir don deisceabal is dílse an creimeadh ar théagar na gclár cúrsaí reatha Gaeilge a bhíonn ar na meáin Ghaeilge agus easpa foirne is acmhainní á lua leis ach airím féin táimhe is ísle meanman ar an aer – an tuirse agus an lagmhisneach céanna atá orainn uilig le scaitheamh. 

Arb é pá a gcomhchraoltóirí in RTÉ a thraoith an misneach nó an meanapás nádúrtha é a bhaineann lena aois, beagnach 50 bliain i ndiaidh a bhunaithe?

Ach tá dhá chlár cainte ar Raidió na Gaeltachta a bhfuil fuinneamh, fiosracht, nádúr agus spleodar na dea-chraoltóireachta agus na Gaeltachta ina n-orlaí tríothu – An Saol Ó Dheas, mar atá ráite agam cheana ar Tuairisc, agus Barrscéalta a bhfuil feabhas mór tagtha air le tamall.

Cuirtear i mo leith gur cnoic-i-bhfad-uaimeachas is bonn le mo chraos ach cuireann an dá chlár sin giúmar níos fearr agus níos dóchasaí orm agus ní bhraithim ar na craoltóirí gur dualgas gan sult a gcuid oibre agus an saol. 

Ní haon iontas gur éirigh le Barrscéalta an gradam do ‘Shraith Raidió na Bliana’ a thabhairt leis ón Oireachtas mar aithníonn an t-éisteoir an ghairmiúlacht agus an cúram a dhéantar do léiriú an chláir. 

Michelle Nic Grianna na gealgháire croíúla a chuireann an clár i láthair agus is maith uaithi – bíodh grá, gruaim nó greann ann tá Michelle in ann chuige agus cuireann sí a cuid aíonna ar a gcompord. Is léir gur ardealaín shofaisticiúil atá sa léiriú ag Dónall Mac Ruairí agus is binn a thuigeann sé gur ionann is scíth an t-athrú. 

Chomh maith le ciútaí snasta cliste fuaime, an hootenanny fhéin b’fhéidir, agus comórtais bharrúla, cloisfidh tú cúrsaí siamsaíochta, sláinte, saoire, ceoil, oideachais, garraíodóireachta, smaise, siopadóireachta, féiríní agus duaiseanna ar chlár eadra seo na nDoirí Beaga. 

Sa gcarr is mó a chloisim an clár seo ach tá Nic Grianna in ann ocras a chur orm ag cur síos ar mhilseog bhlasta éigin atá mar dhuais aici. Ní bhíonn aon doicheall ar Mhichelle ach an oiread a luach leithphingine féin a chur leis an gcomhrá as a taithí féin, rud a chuireann le nádúr an chraolta. Mheallfadh leanbh a bhíodh acu le bliain ag cur comhairle shláinteachais orainn an phráisc is brocaí ar domhan lena lámha a níochán.

Léirigh Michelle an tseachtain seo a tuiscint ar dhualgas an chraoltóra phoiblí ó thaobh bolscaireachta agus chuir sí sin in iúl go gonta agus go hoscailte Déardaoin do mhisinéir gan ainm a raibh soiscéal frith-vacsaíne le scaipeadh aige faoi choim. 

Luaitear ar shuíomh éigin dá gcuid gur scéalta a bhaineann le naoi gcontae Uladh a bhíonn acu ach is iomaí áit ar fud na cruinne a mheallann na craoltóirí siúlacha seo sinn. 

Más fíor go bhfuil leigheas sa ngáirí caithfidh tú éisteacht le Michelle agus í ag caint le Diane Ní Chanainn faoi pé truc nó mangaisíní a bhíonn á reic ag Diane agus cá bhfágfainn Mary Aggie? Is mór an gar do Mhary Aggie go bhfuil an chinsireacht ar Ghaeilge Chonaill caite in aer. Cha dtuigimse a leath ach déanann Michelle lán cúpla cógaslann de gháire, agus goideann mise liom slám den chógas luachmhar sin atá gann ar aer.

Agus mé ag crothnú uaim craic is croí Rónáin Mhic Aodha Bhuí, is mór agam ardú croí, scéalta, Gaedhlig Uladh agus neart gáire ar Barrscéalta ag a 11.00am. Bain blaisín as.

Fág freagra ar 'Faoiseamh sna Barrscéalta ó mheanapás nádúrtha Raidió na Gaeltachta'