Faoiseamh sealadach don seanchóras atá sa rialtas nua

Sinn Féin is fearr dhéanfaidh as an gcomhrialtas nua

Faoiseamh sealadach don seanchóras atá sa rialtas nua

Faoi dheireadh tá sé ina mhargadh agus mian a chroí bainte amach ag Micheál Martin – tá sé ina Thaoiseach. Ar ndóigh, tá a pháirtí tugtha aige go bruach a scriosta chomh maith.

Ach osna mhór faoisimh thar aon rud eile atá le tabhairt faoi ndeara ón mbunaíocht i gcoitinne, na hiriseoirí, na saineolaithe acadúla agus, ar ndóigh, ceannairí agus polaiteoirí na bpáirtithe féin.

Rinne Pat Leahy san Irish Times coimriú ciallmhar ar an scéal:

“Dá n-éireodh leis an dream sa Chomhaontas Glas a bhí i gcoinne an mhargaidh an bua a fháil,” a scríobh sé, “bheadh roth stiúrtha pholaitíocht na hÉireann sractha as lámha lucht an láir, lucht na measarthachta, is lucht cuardaigh na comhthola; bheadh cath fíochmhar ann don roth stiúrtha ina dhiaidh sin.

“Bheadh géarchéim mhór pholaitíochta mar thoradh air an deireadh seachtaine seo, d’éireodh beirt cheannairí páirtí as is dócha, agus seans maith go mbeadh olltoghchán ann a scriosfadh ar a laghad péire de na trí pháirtí atá anois ag teacht le chéile.”

Is léir go raibh faitíos an diabhail orthu siúd a bhíodh i gceannas riamh ar an tír is ar na daoine a nochtann na tuairimí a chuireann i dtreo páirtí amháin nó páirtí eile muid. Sea, tá buíochas mór ag dul do sheomraí nuachta RTÉ is an Irish Times as an ‘mbua’ seo.

Ach an bhfuil an seanchóras sábháilte ón anachain, nó an é nach bhfuil ann ach faoiseamh sealadach?

Níl, chomh fada agus is léir domsa, aon rud nua sa chlár rialtais a leigheasfadh na fadhbanna tithíochta agus sláinte, a chuirfeadh stop le meath na tuaithe ná a réiteodh fadhbanna an bhochtanais ar fud na tíre. Tá an bhéim i gcónaí ar an margadh, ar an earnáil phríobháideach, ar an gcur chuige céanna ar theip air aon réiteach a chur ar fáil go dtí seo.

Is ní fheicim gur fiú mórán an dea-chaint faoin timpeallacht, na geallúintí gan aon amlíne chinnte i dtaobh na haeráide, ná na buanna eile sin a bhfuil lucht ceannaireachta an Chomhaontais Ghlais ag maíomh astu.

Ar ndóigh ní raibh an oiread sin spéise i gcúrsaí sóisialta ná sna fadhbanna atá ag daoine ag bun an dréimire ag an gcuid is mó den Chomhaontas Glas.

Go deimhin, bhí vóta níos láidre acu ar son an mhargaidh seo ná mar a bhí ag Fianna Fáil féin.

Labhair mé le roinnt sa pháirtí sin a raibh díomá orthu faoin gcomhaontú le Fine Gael. Bhí faitíos orthu go scriosfadh an cinneadh seo an páirtí, ach bhí siad den tuairim freisin go scriosfar iad ar aon nós má bhíonn toghchán ann go luath.

 “Tugann an margadh seo spás dúinn,” a dúirt comhairleoir contae amháin liom, “agus seans go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí dá n-éireodh leis an rialtas nua seo. Seans.”

Tá sé soiléir ón gclár rialtais go mbeidh Paschal Donohoe agus Michael McGrath ar aon fhocal faoi ghreim docht a choinneáil ar an gcaiteachas poiblí ar mhaithe le bille na paindéime a íoc.  

Ciallaíonn sé sin tréimhse eile déine, agus cuirfear an milleán ar na Glasaigh chomh maith lena gcomhghuaillithe nua.

Ní bheidh a lán den aos óg a thug vóta don Chomhaontas Glas sásta leis sin, is beidh sé níos deacra ag an bpáirtí vótaí aistrithe a fháil ó pháirtithe na heite clé sa todhchaí.

Beidh vótóirí ag breathnú orthu mar pháirtí meánaicmeach amach is amach: páirtí ar son an rachmais, ach an rachmas sin a dhéanamh ar bhealach atá níos fearr don timpeallacht.

Tá an Comhaontas Glas ag brath go huile is go hiomlán ar ionracas Fhine Gael is Fhianna Fáil agus go gcomhlíonfaidh siad a gcuid geallúintí i dtaobh na haeráide.  

Ní chuirfinn airgead air sin.

Maidir le Fine Gael, b’fhéidir go bhfuil seans caillte acu agus iad chomh hard sin sna pobalbhreitheanna faoi láthair, ach, má mhaireann an comhrialtas seo, is iadsan a bheidh i gceannas nuair a bheidh olltoghchán eile á ghairm.

Tá féiniúlacht pháirtí Fhine Gael soiléir, rud nach féidir a rá faoi Fhianna Fáil. Tá baol mór ann go rachaidh vótaí na meánaicme ó Fhianna Fáil go dtí Fine Gael, agus vótaí an lucht oibre, faoin tuath agus sna cathracha, go dtí Sinn Féin.

Ar bhealach, is é Sinn Féin is fearr a dhéanfaidh as an gcomhrialtas seo.  

Ní bheidh aon mhilleán orthusan agus bille na paindéime á íoc, agus beidh siad in ann éadaí na timpeallachta a ghoid ón gComhaontas Glas agus tacaíocht thraidisiúnta Fhianna Fáil a mhealladh chucu. Beidh siad in ann cath a dhéanamh den chéad olltoghchán eile idir iad féin, na ceannairí ar son an athraithe, agus Fine Gael, ceannairí an tseanchórais.

Tá gach deis ag Sinn Féin anois a thaispeáint cén rogha eile atá ann seachas na polasaithe ar theip orthu go dtí seo, agus iad féin a ullmhú le bheith i gceannas ar an rialtas, agus comhghuaillíocht na heite clé taobh thiar díobh.

Fág freagra ar 'Faoiseamh sealadach don seanchóras atá sa rialtas nua'