Faoiseamh seal ón gcoróinvíreas i saol eile an tsnámha

Ní raibh ár gcolúnaí ag snámh le seacht mí anuas de bharr shrianta an choróinvíris, ach d’aimsigh sé féin agus a dheartháir lúb ar lár sna rialacha

Faoiseamh seal ón gcoróinvíreas i saol eile an tsnámha

‘Tá mo bhríste snámha orm,’ a dúirt mo dheartháir óg Brasaíleach.

Chuir mé mo cheann féin orm, cé go raibh amhras orm faoin bhfiontar.

Amach linn ar ár gcuid rothar. Agus is ea go deimhin, cé a bhí romhainn ag an trá ach oifigigh de chuid an guarda municipal, póilíní chomhairle na cathrach, iad ina seasamh ag barr na staighre síos go dtí an trá, a gcosa scartha, béil a gcuid fomheaisínghunnaí dírithe ar an gcosán.

Praia da Paciência a thugtar ar an trá áirithe seo i gcathair Salvador, mar a bhfuil cónaí orainn, ‘Trá na Foighne’. Ach tá foighne mo dhearthár óig agus go deimhin m’fhoighne féin leis na beartais a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn srian a choinneáil leis an gcoróinvíreas beagnach ídithe, go háirithe ós rud é nach léir mórán céille a bheith leo a thuilleadh. Cén fáth go bhfuil na hionaid siopadóireachta ar oscailt arís ach na tránna fós dúnta? Ar ndóigh ní amadáin muid agus tuigimid cén fáth; ní dhéantar airgead mór ar na tránna mar a dhéantar sna hionaid siopadóireachta.

Choinnigh muid orainn.

Stop muid i gceantar Barra, ag deireadh bhóithrín cósta a shíneann thar dhún a thóg na Portaingéalaigh i dtús an 17ú haois. Áit dhiamhrach í seo óna bhfuil radharc aoibhinn ar Chuan na Naomh Uile. Mura mbreathnófá ar dheis, áit a bhfuil túir spéire na cathrach le feiceáil, shílfeá gur ar oileán tréigthe a bheifeá. Bhuel, tréigthe – bíonn ioguánaí móra glasa agus éiníní trópaiceacha ar gach uile dhath ag sciorradh i nduilliúr na gcrann almóinní agus sa bhambú. Agus thíos fúinn, ar charraig mhór dhonnrua, bhí iascairí ag slatiascaireacht… agus ag snámh.

Ceann de na lúba ar lár sna beartais a cuireadh i bhfeidhm i gcathair Salvador d’fhonn srian a choinneáil leis an gcoróinvíreas ná go bhfuil eisceacht i riail na dtránna do na hiascairí. I rith na paindéime go léir, bhí cead acu a gceird a chleachtadh.

Síos linn an staighre caol fada go dtí an charraig. Ní muid an t-aon bheirt a bhí ag ligean orainn féin gur iascairí muid, de réir cosúlachta; bhí triúr ógánach ar léir ar an gcéad radharc nárbh iascairí iad san uisce cheana féin. Dúirt na fíoriascairí ar leo an charraig go raibh fáilte romham féin agus mo dheartháir óg Brasaíleach chomh fada is a thógfaimis aon bhruscar abhaile linn, agus léim muid isteach.

Ní raibh cónaí orm níos mó ná ceithre chiliméadar ón bhfarraige riamh i mo shaol, agus meabhraíodh dom arís eile cén fáth. De réir na nGael, ba é Manannán dia na farraige; de réir na nGréagach, Poseidon. Ach anseo i gcathair Salvador is í an bandia Afra-Bhrasaíleach Iemanjá atá i gceannas ar shaol eile na mara, agus thug sí barróg dom féin agus do mo dheartháir óg Brasaíleach a bhí ag teastáil go géar. Seacht mí gan snámh!

Agus muid ag spraoi idir na báidíní beaga adhmaid agus ag breathnú ar an ngrian ag dul faoi taobh thiar de na scamaill os cionn oileán Itaparica, ar an taobh eile den chuan, rinne muid dearmad ar feadh tamaill ar an gcoróinvíreas agus gach a mbaineann leis.

Ní féidir leis an duine eitilt, ach ar a laghad tá sé in ann snámh. Ach saol eile atá sa snámh nach bhfuil éagosúil ón suan. Bíonn sé i gcinniúint an té a bhíos ag brionglóideach dúiseacht, agus mura dteastaíonn uaidh an tsíoraíocht a chaitheamh i gcuideachta dhéithe na mara bíonn ar an snámhaí aghaidh a thabhairt, am éigin, ar thalamh tirim.

Fág freagra ar 'Faoiseamh seal ón gcoróinvíreas i saol eile an tsnámha'

  • Nóirín Ní Nuadháin

    Uisce fuar na farraige go maith duit ar chuile bhealach! Ag súil nach mbeidh aon chonstaic romhainn inniu i gCluain Tarbh.

  • Éilís Ní Anluain

    ‘Ní féidir leis an duine eitilt ach ar a laghad tá sé in ann snámh.’ Go hálainn, a Alex. Ach seacht mí gan snámh! Is méanar dúinn nár dúnadh na tránna abhus. ‘Na snáimhíní’ ag dul isteach ag an gcuainín i mBré gach maidin mar atá le blianta. Anois dá mbeinn chomh dílis don bpeann …