‘Faoiseamh mór’ don teaghlach corp an tsagairt Ghaelaigh a bheith faighte i Meiriceá

An deis ag pobal Gaeilge oirthear Bhéal Feirste slán a rá le sagart nach ndearna dearmad riamh ar an áit gurbh as dó

‘Faoiseamh mór’ don teaghlach corp an tsagairt Ghaelaigh a bheith faighte i Meiriceá

Is ‘faoiseamh mór’ do theaghlach an tsagairt Ghaelaigh gur thángthas ar a chorp inniu i Meiriceá. Bhí cuardach ar siúl le ceithre lá anuas i Meiriceá don Athair Stephen Rooney a chuaigh ar iarraidh i dtimpiste bháid ar abhainn Detroit an Domhnach seo caite.

Ón Trá Ghearr in Oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas don Athair Rooney a bhí ar iarraidh ón Domhnach tráth ar iompaigh an bád 39 troigh ar a raibh sé béal fúithi san abhainn. Tarrtháladh na daoine a bhí ar bord agus tógadh as an uisce iad ach amháin an tAthair Rooney agus fear amháin eile, Rob Chiles, ó pharóiste an tsagairt in Michigan.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Caitlín Ní Ruanaidh, neacht leis an Athair Rooney, go raibh “faoiseamh mór” ag an teaghlach agus an deis acu anois “slán a rá” leis.

“B’fhear uasail é Stephen, fear léannta, scéalaí maith a raibh go leor ábhair suime aige. Tháinig sé ar ais ar cuairt go minic agus chuireadh sé suim i gcibé rud a bhíodh idir lámha againn.

“Thapaigh sé an deis an Ghaeilge a labhairt leis na garpháistí ar fad agus bhí sé iontach mór le mo dheirfiúr Niamh, a bhfuil siondróm Down uirthi. Bhaineadh sé gáire aisti gan stró. Bhí pearsantacht dhochreidte aige,” a dúirt Caitlín Ní Ruanaidh.

Bhí bigil i gcuimhne an Athar Rooney in oirthear Bhéal Feirste aréir áit ar ghlac a dheartháir, Philip Ó Ruanaigh, a bhfuil ard-aithne air as a chuid oibre i saol na Gaeilge ó thuaidh, buíochas leis an bpobal áitiúil as a dtacaíocht in am seo a mbris.

Dúirt sé go raibh muintir an phobail bródúil as an Athair Stephen agus a raibh bainte amach aige ina shaol agus gur bhraith siad gur leo féin é. “Ní dhearna Stephen dearmad riamh ar an áit gurbh as dó agus bhí sé an-bhródúil as a dhúchas,” a dúirt a dheartháir.

Bhí thart ar 30 bliain caite ag an Athair Rooney ina shagart i Meiriceá agus é ina thréadaí i Séipéal Naomh Seosamh in Trenton, in Ard-Deoise Detroit.

Rinne pobal a pharóiste dúchais i mBéal Feirste, Paróiste Naomh Maitias, achainí ar dhaoine guí ar son an tsagairt.

Thart ar dháréag a bhí ar bord ar an mbád agus iad ag freastal ar ócáid a eagraíodh i gcuimhne ar bhean chéile Rob Chiles a bhásaigh bliain ó shin. Ag an nóiméad deireanach a socraíodh go mbeadh an tAthair Rooney ina gcuideachta.

Le hOrd an tSlánaitheora a chuaigh an tAthair Rooney ar dtús ach oirníodh ina shagart de chuid  na gCistéirseach é ina dhiaidh sin. Cé gur chaith sé formhór a shaol sagartachta i Meiriceá ba mhinic é sa bhaile i mBéal Feiste agus léigh sé Aifrinn i bpríosúin na H-Bhlocanna agus i bPort Laoise nuair a bhí daoine a raibh aithne mhaith aige orthu ina bpríosúnaigh iontu.

Fág freagra ar '‘Faoiseamh mór’ don teaghlach corp an tsagairt Ghaelaigh a bheith faighte i Meiriceá'