Faoiseamh gearrthréimhseach don timpeallacht, ach an ndéanfar dochar fadtréimhseach?

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tugtar faoin gcath i gcoinne athrú na haeráide nuair a bheidh ráig seo an choróinvíris thart – in ainneoin an dochair a dhéanfaidh sé sin don eacnamaíocht sa ghearrthréimse

Faoiseamh gearrthréimhseach don timpeallacht, ach an ndéanfar dochar fadtréimhseach?

Seans mór go raibh dul amú ar an Saoithín Aeráide nuair a mhaígh sé an mhí seo caite gurbh é an laghdú ar aschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain an ‘gealán’ a bhain le ‘scamall’ an choróinvíris.

Cinnte, ní féidir a shéanadh go mbeidh tionchar dearfach – sa ghearrthréimhse – ag ráig an ghalair COVID-19 ar chúrsaí timpeallachta.

Ní gá ach breathnú amach an fhuinneog.

Is beag carr atá le feiceáil ar na bóithre. Níl eitleán sa spéir. Tá praghas na hola tar éis titim chomh mór sin nach fiú an tairbhe an trioblóid í a bhaint amach as an talamh.

Ach sa mheántréimhse agus san fhadtréimhse, d’fhéadfadh sé go gcuirfidh an coróinvíreas agus an ghéarchéim eacnamaíochta a leanfaidh é deireadh le haon iarrachtaí dáiríre dul i ngleic le téamh an domhain.

Is cinnte nach í ceist na haeráide is mó a bheidh ag déanamh tinnis don phobal agus do na húdaráis nuair a bheidh ráig an choróinvíris thart.

Beidh na céadta milliún duine as post.

Beidh geilleagair na dtíortha is measa a buaileadh le hatógáil.

Ní bheidh an toil pholaitiúil ná tacaíocht na sochaí ar fáil chun na beartais a chuirfeadh srian leis an athrú aeráide, ach a chosnóidh go leor leor airgid, a chur i bhfeidhm.

Is mór an trua sin, óir tá na saineolaithe ar fad ar aon tuairim faoi go gcaithfimid gníomhú anois díreach, ar an bpointe boise, má theastaíonn uainn ollchliseadh aeráide a chosc.

Go deimhin, ní tada é ráig reatha an choróinvíris lena bhféadfadh a bheith i ndán don chine daonna amach anseo mura dtéitear i ngleic leis an athrú aeráide láithreach bonn.

Agus speicis á ndíothú ar ráta níos airde ná riamh, bíonn óstach nua ag teastáil ó na víris a mhair sna speicis nach maireann – agus níos minice ná a mhalairt is sinne, atá ag déanamh ionraidh ar chuile fhiántas dá bhfuil fágtha ar chlár na cruinne, an t-óstach nua.

Ní déagóir é an Saoithín Aeráide, ach an lá cheana, rinne sé iarracht breathnú ar dhomhan an lae inniu trí shúile duine 15 bliain d’aois.

Níor dheas an radharc é.

Ní hamháin gur scrios na glúnta a tháinig roimh an déagóir bocht an pláinéad, ach tá sé sáinnithe ina theach anois – díreach agus a chuid hormón ag dul craiceáilte – d’fhonn na glúnta sin a ghoid a thodhchaí uaidh a choinneáil slán ón gcoróinvíreas.

Murar leor sin, beidh géarchéim eacnamaíochta faoi lán seoil nuair a fhágfaidh sé an scoil.

Drochsheans go bhfaighidh sé post agus, níos measa fós, drochsheans go rachfar i ngleic leis an athrú aeráide – rud a fhágfaidh gur in olcas a bheidh rudaí ag dul dó go síoraí seasta.

Cromtar ar an gcath i gcoinne athrú na haeráide nuair a bheidh ráig seo an choróinvíris thart, in ainneoin an dochair a dhéanfaidh sé sin don eacnamaíocht sa ghearrthréimhse, mar sin atá dlite don aos óg.

Cé a íocfaidh as sin? Tá moladh umhal ag an Saoithín Aeráide (tabhair éiceachumannach air más maith leat.)

Cuirimis bunioncam ar fáil do chách.

Glacaimis seilbh ar chistí pinsin na nglúnta a thruailligh an pláinéad (duine ar bith os cionn 30, abair – an Saoithín Aeráide féin ina measc) agus úsáidimis an t-airgead sin agus an t-airgead a shábhálfar ar thuarastail an fhórsa saothair reatha chun sochaí chothrom, inbhuanaithe a thógáil don ghlúin atá ag teacht in inmhe anois agus do na glúnta a thiocfaidh ina diaidh.

Caolseans go dtarlóidh réabhlóid shóisialta dá leithéid dáiríre. Ach cá bhfios nach gcoinneodh cuid mhór againn orainn ag obair sa bhaile oiread agus is féidir nuair a bheidh ráig an choróinvíris thart, agus cá bhfios nach n-éireodh linn gearradh siar ar an tsíorcheannach, mar a d’éirigh linn nuair a bhí muid ar fad sáinnithe inár gcuid tithe.

Cá bhfios.

Fág freagra ar 'Faoiseamh gearrthréimhseach don timpeallacht, ach an ndéanfar dochar fadtréimhseach?'