Faoiseamh don Phríomh-Chonstábla, ach sochraid Bobby Storey ina húdar conspóide i gcónaí

Ba mhaith le Sinn Féin, an PSNI agus An Roinn Cirt in Stormont go gcuirfeadh tuairisc an chigire clabhsúr ar scéal shochraid Bobby Storey ach ní dócha go mar sin a bheidh

Faoiseamh don Phríomh-Chonstábla, ach sochraid Bobby Storey ina húdar conspóide i gcónaí

Éilimh gan údar a bhí sna glaonna go n-éireodh Príomh-Chonstábla an PSNI, Simon Byrne as oifig faoi shochraid an phoblachtánaigh Bobby Storey. Ba é sin cinneadh sheirbhís cigireachta na Breataine a scrúdaigh iompar an PSNI i dtaca leis an tsochraid chonspóideach a sháraigh srianta na paindéime Covid-19.

Ba mhór an faoiseamh don Phríomh-Chonstábla é an cinneadh agus Simon Byrne den bharúil gur dhearbhú é go raibh an ceart aige an fód a sheasamh in aghaidh lucht a cháinte. Ní raibh fianaise ar bith a dúirt an cigire go raibh iompar an PSNI claonta i bhfabhar na bpoblachtánach; b’fhacthas dó go mbeadh an cur chuige mar a chéile i gcás sochraid a bheadh ‘íogair ó thaobh na polaitíochta’ ar an taobh dílseach. 

Thug an PSNI tosaíocht do shábháilteacht phoiblí thairis rialacha Covid-19 a bhí trína chéile, a dúradh. Cé go bhfuarthas mionlochtanna ar an PSNI san tuairisc b’údar uchtaigh don bPríomh-Chonstabla é go mbeadh deis eile aige a theacht slán ó líomhaintí nach raibh sé inmhuiníne mar cheannaire na bpóilíní. 

Ba í íoróin lom na polaitíochta go raibh beirt den triúr ceannairí aontachtacha a d’éiligh a chloigeann de bharr easpa muiníne ina cheannaireacht dhá mhí ó shin curtha dá gcois faoin am ar eisíodh an tuairisc. Tá ceannairí nua tofa ar an DUP agus an UUP, Edwin Poots agus Doug Beattie.

Ba iad Arlene Foster, mar cheannaire an DUP, Steve Aiken mar cheannaire an UUP agus Jim Allister ceannaire TUV, a d’éiligh go n-éireodh Simon Byrne as an bPríomh-Chonstáblacht nuair a tháinig sé chun solais nach gcúiseofaí éinne ó Shinn Féin faoin tsochraid. Bhí Michelle O’Neill leasChéad-Aire Stormont agus Mary Lou McDonald i measc an 24 ball sinsearach de Shinn Féin a raibh ról suntasach acu sa tsochraid sa Mheitheamh anuraidh.

Taispeántas mór a bhí ann agus suas le dhá mhíle ar na sráideanna in onóir don bpoblachtánach. Tharla sé tráth a raibh daoine eile ag cloí le riail nach mbeadh aon duine ach gaolta i measc an scór go leith a bhí ceadaithe ar shochraid. 

Leathbhliain ina dhiaidh sin, chuir an PSNI comhad chuig Seirbhís Ionchúiseamh Thuaisceart Éireann agus mhol go gcúiseofaí daoine. Sa Mhárta i mbliana, dúirt an tSeirbhís Ionchúiseamh nach gcuirfí an dlí ar éinne ar dhá chúis. Ní bheadh seans ar bith go n-éireodh le cúisimh, a dúradh, toisc go ndeachaigh an PSNI i gcomhairle le lucht eagraithe na sochraide roimh ré agus toisc go raibh rialacha Stormont faoi shrianta Covid-19 doiléir. Chinn an cigire go raibh an ceart ag an tSeirbhís Ionchúiseamh.

Bhain cinneadh an ionchúisitheora siar as go leor daoine sa phobal trí chéile ach bhí na páirtithe aontachtacha ar buile. Is ar an PSNI a chuireadar an milleán agus rinneadh neamhaird ar dhoiléire rialacha Stormont. 

Chuir Arlene Foster agus Jim Allister póilíneacht chlaonta aontaobhach i leith an Phríomh-Chonstábla; taobh istigh de cheithre huaire fichead bhí Steve Aiken ar aon phort leo, iad go léir ag maíomh nach raibh muinín ag aontachtaithe i gceannaireacht Simon Byrne agus go gcaithfeadh sé imeacht.

 Níl Byrne gan locht, ná baol air, is minic gearáin faoi ó dhá thaobh na deighilte agus ceisteanna dlisteanacha faoina thuiscint ar an réigiún seo. Cé gur dhúirt tuairisc an chigire Matt Parr nach raibh bunús leis na héilimh go n-éireodh an Príomh-Chonstábla as oifig chinn sé go raibh láimhseáil an PSNI ar an tsochraid roimhe, lena linn agus ina diaidh easnamhach. 

Go bunúsach, ba chás leis nach raibh an PSNI in ann a léiriú gur thug sé foláirimh do lucht eagraithe na sochraide go mbeadh a bplean ag teacht salach ar shrianta Covid-19 agus gurbh fhéidir go gcúiseofaí daoine mar gheall air. Fadhb ab ea é nach raibh aon taifead nó páipéarachas ann chun a chruthú gur deineadh an obair sin. Bhí an chumarsáid idir iad agus na heagraithe neamhfhoirmeálta. Bhain na moltaí chun an cur chuige a fheabhsú leis an gcumarsáid roimh imeachtaí, taifead ceart iomlán a choinneáil agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an obair.

Níorbh é gnó na Cigireachta iompar Shinn Féin a scrúdú. An raibh sé de cheart acu a leithéid d’imeacht a eagrú le linn na paindéime? Ceist mhorálta agus pholaitiúil í sin, a dúirt an tuairisc agus is faoi dhaoine eile í a fhreagairt. Tá leithscéal gafa cúpla babhta ag Michelle O’Neill faoin gconspóid, ach ní faoina freastal ar an tsochraid. Ní bhfuarthas aon leide nach ndéanfaidís a leithéid arís. 

Ba mhaith le Sinn Féin, an PSNI agus An Roinn Cirt in Stormont go gcuirfeadh tuairisc an chigire clabhsúr ar an scéal. Beag an seans. Ní fios go beacht líon na ndaoine atá míshásta ach táthar ag rá go raibh riail amháin i bhfeidhm do ghnáthdhaoine agus riail eile ar fad do Shinn Féin agus poblachtánaigh. Níor léir go raibh maolú ar bith ar fhearg an DUP. Mervyn Storey, cara mór leis an gceannaire nua Edwin Poots ag fógairt “níl an cheist seo glanta ar siúl ná baol air”.

Fág freagra ar 'Faoiseamh don Phríomh-Chonstábla, ach sochraid Bobby Storey ina húdar conspóide i gcónaí'