Faoi na polaiteoirí féin atá sé cinneadh a dhéanamh cur i gcoinne forbairtí sa Ghaeltacht – An tAire Tithíochta

Bhí ábhar conspóide ann anuraidh nuair a chuir Seanadóir in aghaidh eastát tithíochta nua i nGaeltacht Phort Láirge cé nach raibh cónaí uirthi sa cheantar

Faoi na polaiteoirí féin atá sé cinneadh a dhéanamh cur i gcoinne forbairtí sa Ghaeltacht – An tAire Tithíochta

Faoi Theachtaí Dála agus faoi Sheanadóirí iad féin atá sé cinneadh a dhéanamh cur i gcoinne forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht, dar leis an Aire Tithíochta.

Ní raibh an tAire Darragh O’Brien sásta géilleadh go raibh “dualgas” ar pholaiteoirí cur i gcoinne forbairtí a mbeadh drochthionchar acu ar chúrsaí teanga i gceantair Ghaeltachta ach dúirt sé gur fúthu féin a bheadh sé cinneadh a dhéanamh.

Agus an tAire os comhair an chruinnithe is déanaí a bhí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, d’fhiafraigh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee de ar mheas sé go raibh dualgas ar chomhaltaí an choiste sin cur i gcoinne forbairtí tithíochta i limistéir Ghaeltachta, a dhéanfadh dochar don teanga.

“Is faoi choiste agus a chomhaltaí a bheadh sé má táthar ag iarraidh dearcadh a nochtadh faoi rud ar bith, más i bhfabhar nó i gcoinne atáthar. Tá saoránach ar bith den stát in ann tuairim a thabhairt ar iarratas pleanála,” a dúirt an tAire O’Brien.

“Is faoi Theachtaí agus Seanadóirí a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir le haon aighneachtaí atá siad ag iarraidh a dhéanamh ar aon iarratas pleanála in aon áit sa tír.”

Bhí conspóid ann i bhfómhar na bliana seo caite nuair a tháinig sé chun solais go raibh aighneacht déanta ag an Seanadóir Clifford-Lee in aghaidh eastát tithíochta nua i nGaeltacht Phort Láirge, cé nach raibh cónaí uirthi féin sa cheantar. 

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ag an am go raibh seisean i gcoinne polaiteoirí a bheith ag cur in aghaidh forbairtí tithíochta “go ginearálta” mar go raibh géarchéim tithíochta ann. Dúirt sé nach raibh dóthain sonraí aige chun breithiúnas a thabhairt faoin gcás sa Rinn.

Dúirt an tAire O’Brien, atá sa toghcheantar céanna le Clifford-Lee i Fine Gall, nach raibh dóthain eolais ar an gcás sin aige féin ach gur thuig sé an tábhacht a bhain le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa chóras pleanála.

Chuir an Seanadóir Clifford-Lee fáilte roimh chinneadh Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge gan cead pleanála a thabhairt chun 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne.

Dúirt an Seanadóir nach gcuireann sí in aghaidh forbairtí tithíochta riamh ach gur cás speisialta a bhí ann mar gheall ar an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar chúrsaí teanga.

Rinne an dream a chuir isteach ar an gcead pleanála don eastát sa Rinn, Shinebright Limited, achomharc ar chinneadh na Comhairle agus tá cinneadh le fógairt go luath ag An Bord Pleanála faoin chás.

Fág freagra ar 'Faoi na polaiteoirí féin atá sé cinneadh a dhéanamh cur i gcoinne forbairtí sa Ghaeltacht – An tAire Tithíochta'