FAOI GHLAS: Léitheoireacht gan dua gan dualgas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta

Sa mhír seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo, Meascra ón Aer, in eagar ag Marcus Mac Conghail

FAOI GHLAS: Léitheoireacht gan dua gan dualgas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ar an iris a d’fhoilsítí i gCorcaigh a raibh Agus mar theideal uirthi bhíodh de mhana ‘Léitheoireacht gan dua gan dualgas’ aici más buan nó neamhbhuan mo chuimhne.

Níor dhrochmhana é mar is ceart nach mbeadh de dhualgas ar dhuine rud ar bith a léamh, ná go mbeadh dua ag baint leis de réir do chumais. Gan amhras, tá ‘léitheoireacht go simplí is go saonta’ ann chomh maith, agus ‘léitheoireacht go gasta is go grod’, ach ní cás dúinn iad sin.

B’fhéidir gurb í an aiste raidió is túisce lena samhlófá éisteacht go héasca is go héadrom leis agus b’in mar a bhí leis an tsraith d’aistí béil ‘Meascra’ a craoladh ar Raidió na Gaeltachta agus a bhfuil fáil anois air faoin teideal Meascra ón Aer (Coiscéim €10) in eagar ag Marcus Mac Conghail.

Cnuasach de chainteanna gearra i gcló atá ann arbh iarracht í ‘ardán a thabhairt don nua-scríbhneoireacht agus ábhar siamsaíochta (agus machnaimh, b’fhéidir) a chur ar fáil’ mar a deir an t-eagarthóir. Níl aon amhras ná gur éirigh leis, agus leis na scríbhneoirí. Chuala cuid de na cainteanna mar a d’airigh go leor eile, agus sin an fáth gur luachmhar é an cnuasach seo le dul siar air, agus le teacht ar an méid a d’imigh thar fháinní silte na gcluas.

Dhá cheann déag agus dhá scór d’aistí atá ann, ceann i gcomhair gach seachtain den bhliain. Ar éigean gur mar sin a léifear iad, áfach, mar is róbhaol go raghfar sáite ann an túisce is a ghlacfadh tú an leabhar chugat. Agus arís ar ais de thoisc nach féidir tagairt a dhéanamh don uile aiste agus mé ag iarraidh gan leithcheal a dhéanamh ar aon duine seo blaiseadh go neamhthuairimeach is go randamach ar a bhfuil ar fáil faoi ia an chlúdaigh:

Tristan Rosenstock ag iarraidh tiomáint a fhoghlaim agus an léargas oscailtchloigneach uaidh ‘go rothaíonn daoine amach os comhair gluaisteán’, agus coisithe mar an gcéanna,

Seaghan Mac an tSionnaigh ag míniú conas mar a chuir argóint le hÚcránach ar bhóthar na Gaeilge é,

Cathal Póirtéir ag iarraidh a chruthú dúinn go raibh tiarna talún maith amháin ar a laghad sa tír in aimsir na dtiarnaí talún gallda, agus sinn ag iarraidh gan géilleadh dó, Mícheál Ó Ruairc ar na séipéil ag dul i bhfoilmhe agus cad ba cheart a dhéanamh leo, Ciara Ní É ar an tslí ar chuir a gruaig ascaille isteach uirthi,

Aindrias Ó Cathasaigh ar an mbliain mhíorúilteach 1919 inar tharla lagú ar impireachtaí áirithe agus inar fhás tuiscint ar lofacht an chaipitleachais, agus mar a deir sé ‘an rud is iontach is annamh’.

Ola Majekodunmi ar fholt na mban dubh agus ar na fadhbanna a cheaptar a leanann, agus a leanann dáiríre, Éamon Ó Dónaill ar an réim bia a d’athraigh a shaol chun feabhais, mar is mó aiste bia agus dí a dhéanfadh a mhalairt,

Ailbhe Ní Ghearbuigh ar an ngiorranáil agus a leigheas agus ar mhíorúilt na breithe.

Dánta moiglí séimhe ealaíonta ó Chaitríona Ní Chléirchín arb í an t-aon soláthraí fílíochta í sa chnuasach.

Cé gur saothair fhileata go leor de na haistí, go háirithe Eoin P. Ó Murchú agus é ag múscailt radharcanna ar Bhaile Átha Cliath mar a bhíodh blianta ó shin, nó Simon Ó Faoláin ar liathróidí a dtángthas orthu thar bhalla isteach, nó Colm Ó Snodaigh ar an múineadh a fuair sé fan na slí ó shaoithe an róid.

Tá gol agus gáire, soineann agus doineann, thuas seal agus thíos seal, agus gach aon teideal clíchéúil a bhíodh ar leabhair Ghaeilge abhus iontu, fág nach clichéanna is dual dóibh seo ach a mhalairt. Ba í aiste Áine Ní Ghlinn is túisce a bhain an gáire seachas an gol sin asam mar is amhlaidh go dtráchtann sí ar an iarracht a dhein sí ar agallamh a tharraingt amach as Cathal Ó hEochaidh an lá ar éirigh sé as mar Thaoiseach. Gach aon cheist dar raid sí chuige (go béasach) ba é an freagra a tháinig chuici ná ‘Tost eile’ agus ‘Tost eile’ agus ‘Tost eile’. Déarfá gur fiú an leabhar an aiste seo amháin ar an ngreann dóite agus ar an léiriú polaitíochta amháin.

Ach is fiú an leabhar go leor de na haistí, go háirithe na cinn nár luaigh mé in aon chor!

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS: Léitheoireacht gan dua gan dualgas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta'