FAOI GHLAS: Is mór a tharlódh d’fhear a dhíolfadh a scáil

Sa cholún seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo tá béaloideas is scéal álainn againn duit  Eachtra Pheadair Schlemihl: an fear a dhíol a scáth le Adelbert von Chamisso arna aistriú ag Piaras Béaslaí

FAOI GHLAS: Is mór a tharlódh d’fhear a dhíolfadh a scáil

Tá oiread sin de chleachtadh againn ar an úrscéal ar leith amháin, agus ar an scéal béaloideasa ar an leith eile, nach léir dúinn aon tóchar a bheith eatarthu. Cuid dhiamhair de stair na léitheoireachta is ea an bhearna sin idir daoine a raibh cleachtadh acu ar chineál amháin eachtraíochta a d’insítí agus cineál eile a scrítí ach nach raibh go hiomlán de réir toisí an lae inniu.

Bhí a leithéid sa Ghaeilge mar a léirigh Cathal Ó Háinle ina aiste mháistriúil ‘An tÚrscéal Nár Tháinig’. Bhí a leithéid de thóchar ann, leis, sa chuid is mó de theangacha móra na hEorpa, cé nárbh ionann am is réim dóibh.

Samhlaím gur ceann díobh sin is ea Eachtra Pheadair Schlemihl: an fear a dhíol a scáth le Adelbert von Chamisso arna aistriú ag Piaras Béaslaí agus é curtha in eagar arís ag Gabriel Rosenstock (FÁS €10). Munar léigh tú Séadna riamh, is é seo arís ar ais faoina chló Gearmánach-Ghaelach é ach gan aon Athair Peadarachas a bheith ina ghaobhar.

Ní fíor sin ar fad, mar is í Gaeilge iarthar Chorcaí a shealbhaigh Piaras Béaslaí go binn agus más maith leat gach eolas a bhfuil uait, agus nach mbeidh uait a choíche ná go deo a fháil faoin laoch sin, mholfainn duit triall ar An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Bhéaslaí (Coiscéim €30) le Pádraig Ó Siadhail. Ní foláir nó gurb í an bheathaisnéis is iomláine agus is cuimsithí dar scríobhadh riamh sa Nua-Ghaeilge í. Iomlán gach 1,144 leathanach plus de.

Ach ní chuige sin mé ach Peadar bocht agus a scáil. Ní gnó an léirmheastóra scéal an scéil a insint, ach caithfear a rá gur chas Peadar le fear diamhair a d’iarr air a scáil a dhíol leis. Rud a dhéanann sé le fonn. Faigheann airgead mór as an margadh agus gabhann i mbun an tsaoil. Níor léir dó go raibh puinn tábhachta le scáil go dtí gur thug uaidh é. Is mó sin duine ar baineadh stangadh astu nuair a chonaic siad an fear gan scáil.

Toisc na múrtha airgid a bheith aige is féidir leis saol an duine uasail a chaitheamh. Fostaíonn sé Bendel, seirbhíseach dílis a sheasann leis i gcaitheamh an ama, ach ní féidir scéal a bheith agat de cheal bithiúnach. Is seirbhíseach eile a dhéanann an bheart sa chás seo, seirbhíseach a bhfuil ainm oiriúnach air, mar atá Rascal. Agus cad a dhéanfaimis gan cuimilt ghrá a bheith istigh ina cheartlár? Soláthraíonn Minna an ról seo, bíodh nach dtagann sí chugainn ina craiceann i gceart riamh. Agus ansin, tá sí féin agus Rascal i gcumann…

Foilsíodh an leagan Gaeilge den leabhar seo i dtosach sa bhliain 1909, tuairim is céad bliain ó tháinig an bunleagan Gearmáinise amach; agus anois breis agus dhá chéad bliain ina dhiaidh sin tá cóiriú nua Gaeilge againn air.

Is fíor go bhféachfar air seo mar fhabhalscéal de shaghas áirithe. Cad dó a sheasann an scáil? Anam an duine? A phearsantacht nó a chuid féiniúlachta dílse?

Mar a chomhairlítear dó i ndeireadh na heachtra thiar: ‘Ná lig uait do scáil ar a bhfuil d’ór is d’ollmhaitheas ar dhroim talún.’

  Nach iontach sin mar chomhairle, pé brí atá leis?

  Agus nach cuma faoin mbrí? Má tá ‘brí’ uair, téir leat do dtí na heolaíochaí neamheolaíochtúla boga. Sásóidh siad sin an fonn ticeála a thagann ar d’intinn shimplí.

Sin é galar na ndaoine ar fearr leo boscaí ná aer úr an domhain. Scéal é seo a raibh éileamh mór air go gairid tar éis a fhoilsithe.

Tá an t-éileamh sin fós intuigthe go maith ach an leabhar beag álainn seo a léamh.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS: Is mór a tharlódh d’fhear a dhíolfadh a scáil'