Is fada Liam Ó Flaithearta aitheanta mar dhuine de ghearrscéalaithe móra na Gaeilge in ainneoin nár scríobh sé ach an t-aon leabhar amháin sa teanga sin. Bíodh sin mar atá, clasaic is ea an leabhar sin Dúil, agus is iomaí duine a bhain ardtaitneamh as go fiú is na mic léinn arbh éigean dóibh é a léamh ar chúrsa. Bhí amhras riamh ann cé acu sa Ghaeilge nó sa Bhéarla a scríobh sé a bhformhór ar dtús, agus cé gur scríobh sé roinnt gearrscéalta Gaeilge i bhfichidí na haoise seo caite, is beag é m’amhras ná gurb athleaganacha Gaeilge ar scéalta Béarla an chuid is mó díobh. Ba dhual dóibh, áfach, a bheith i nGaeilge, mar is í a bhí á labhairt go nádúrtha ag mórchuid na gcarachtar iontu.
Ba dhual mar an gcéanna go mbeadh rogha fhairsing dá chuid scéalta Béarla ar fáil i nGaeilge, agus sin é mar atá againn in Liam Ó Flaithearta: rogha scéalta (CIC €15). Tá aistriúcháin mháistriúla déanta ag Micheál Ó Conghaile orthu ionas gur dhóigh leat gur craiceann níos nádúrtha go mór is go fada iad seo mar scéalta seachas mar a bhí ina seithe bhunaidh. Gaisce de shaothrú atá déanta orthu, mar fág go bhfuil oiread sin díobh de dhúchas Chonamara agus Árann, ní foláir nó bhí dua gan insint ag baint le teacht ar an bhfriotal ceart, leis an iomrascáil nárbh fholáir a dhéanamh d’fhonn an cló ceart nádúrtha a chur ar ais orthu.
Ach leagaimis é sin i leataobh, is é is tábhachtaí anois ná go bhfuil fáil orthu, trí cinn agus tríocha scéal den uile chineál a bhfuil séala an Fhlaitheartaigh go lánchruinn le blaiseadh arís níos iomláine agus níos fairsinge ná mar a nochtadh in Dúil.
Agus is scéalta iad, a bhformhór, a bhaineann le Conamara agus le hÁrainn nó áiteanna eile dá samhail. Gach aon cheann díobh simplí, éasca, domhain ach a mbíonn speach mhothálach iontu i gcónaí, ón gcéad scéal sin ‘An Litir’ a fhaigheann lánúin óna n-iníon i Meiriceá agus iad ‘ag obair i bpáirc bheag is na fuiseoga ag ceiliúradh sa spéir os a gcionn’ a chuireann gliondar croí orthu i dtosach go dtuigtear dóibh lándáiríre cad tá déanta aici, go leithéid ‘Unsa Tobac’ ina scriostar baile beag ar oileán de dheasca easpa an tobac chéanna agus a leanann mar iarmhairt, nó ‘Máthair agus Mac’ ina léirítear go séimh an cumann a éiríonn eatarthu beirt in ainneoin a gcuid pearsantachtaí éagsúla.
Tá damhna úrscéil iontu ar uaire. Scéal den scoth é ‘Obair an Diabhail’ a chuimsíonn idir chreideamh agus phiseoga nuair a shaolaítear lao a bhfuil dhá cheann air a chuireann an comhluadar trí chéile. Máistir ar an gcomhrá é an Flaitheartach, agus is anseo, leis, atá buaic na healaíne á léiriú ag Micheál Ó Conghaile, mar is dóigh leat gur ag cúléisteacht le cabaireacht is le háiteamh argóna atá tú go cruinn dílis sa teanga inar labhraíodh i dtosach é. Tá greann dubh an údair anseo, leis, agus samhlaíonn tú air gur ag gáire faoi chora aite an tsaoil atá sé siar amach.
Tá scéalta eile anseo arb é an t-ainmhí nó neach beo nach daonna is ábhar dóibh mar atá in ‘An Ballach’, agus ar filíocht inste atá á iompar.
Tá lé faoi leith agam féin leis na scéalta a bhfuil bligeardaíocht Fhlaitheartach ag baint leo. Eachtra picaresque atá in ‘Brosnan’ ar scéal buile é nach dtarlódh in aon tír eile ar domhan seachas sa cheann seo, déarfá. Agus ní in Éirinn atá gach mír suite ach an oiread. Cúba is log do ‘Samhradh Buí na Gréine’ ar scéal grá é faoi bhaitsiléir cruthanta ar a laethanta saoire nuair a thagann baintreach mná ar an bhfód chun an saol a chur bunoscionn air. Drochnós tráchtaireachta agus cleas leisciúil é comparáid a tharraingt le scríbhneoir eile, ach fág é sin uait, shamhlaigh mé Hemingway leis seo toisc é a bheith in Cúba, agus Chekhov leis an ngaidhrín de bharr ar tharla ann. Ina dhiaidh sin is uile, b’fhéidir nach áibhéil ar fad an méid sin. Máistir an ghearrscéil thraidisiúnta ba ea Liam Ó Flaithearta agus léiriú aiceanta is ea an leabhar seo air sin.
Is é an t-aon chúis a bhféadfadh a bheith ann nach mbainfidh sé Duais de Bhaldraithe an bhliain seo chugainn ná go n-áiteofaí nach aistriúcháin in aon chor iad ach bunscéalta Gaeilge le ceart.
Peter Groarke
Táim fíor bhuíoch den údar as an sárshaothar seo.
Ag déanamh iontais an mbeadh aon seans go mbeidh níos mó leabhair sa todhchaí? (na gearrscéalta eile a bhí scríofa ag O Flaithearta)