Ar chlúdach an leabhair tá bóthar fada díreach ag síneadh amach thar íor do radhairc, cré rua agus scrobarnach gharbh do gach leith, comhartha bóthair buí a bhfuil cangarú ag preabadh air mar a bheadh fia in Éirinn, agus spéir ghorm ghorm os a gcionn uile go léir. Is maith an tsamhail den leabhar é, óir tá fad agus fairsingeacht agus airde na spéire d’insintí éagsúla laistigh.
Is é an leabhar é Ceo Bruithne agus Scéalta Eile (CIC €10) le Colin Ryan, agus abair gurb í an úire an chéad rud a bhuaileann sa phus tú nuair a ghabhann tú isteach ann. Úire ábhair, úire stíle, úire áiteanna. Óir, ní in Éirinn atá log na scéalta seo ach san Astráil, nó sa Rúis, nó i bPáras nó i dtír shamhailteach éigin nach bhfeadair sinn go beacht. Scéalta gairide iad ar fad, ach tá speach iontu ar láidre é ná a laghad.
Ar shlí amháin, is é an teidealscéal ‘Ceo Bruithne’ an scéal is coinbhinsiúnta díobh ar fad. Saghas gabh-i-leith atá ann. ‘Tar isteach anseo,’ atá sé ag rá, ‘agus taispeánfaidh mé saol eile duit, agus nuair a bheidh sin feicthe agat…bhuel…’.
Tá fad agus leithne na hAstráile sa chéad scéal seo amuigh ar an uaigneas ina bhfuil bean óg ag fuireacht leis an tseanmháthair a thóg í, agus tá a hathair tar éis í agus iad a thréigean leis na blianta. Filleann sé, agus sin casadh an scéil. Dá mba ar fhásaigh gharbha na Stát Aontaithe a tharlódh, dhéanfaí amhrán Country & Western de, ceann a bheadh maoithneach ar barra, ach go mbeadh fírinne dhomhain chroíbhrúite istigh ina bholg ann.
Tá scéalta eile anseo atá lonnaithe san Astráil, leis, ach nuair a ghabhann tú ina thaithí sin ní mó nó tábhachtach é ina dhiaidh sin. Eachtra dhraíochtúil is ea ‘Na Focail’ ina bhfuil bean óg ag dul chun oibre i leabharlann, ach gur cumhachtaí na leabhair agus na briathra agus an mhistéir dhiamhair atá iontu mar fhocail ná a dtarlaíonn di féin, má tharlaíonn.
Go deimhin, tá focail agus údair agus siopaí leabhar go mór i gceist thall is abhus. Luciana Wu, mar shampla, bean óg eile (mná is ea príomhcharachtair fhormhór na scéalta) de phór na Síne agus na hIodáile a ghabhann chun oibre i siopa leabhar gan slacht, ach ránaíonn go bhfuil gnó an bhleachtaire aici chomh maith. Is ealaíonta agus is cliste mar a tharraingítear an dá chúram seo le chéile, fara dúnmharú agus lorgaireacht.
Fág go bhfuil an scríbhneoireacht líofa agus éasca, agus go minic fileata, ní fada uainn an t-uafás ná an gheit ach an oiread. Tá an bhean Rúiseach seo, Valentina nach miste léi daoine a dhúnmharú, mar a chuireann sí roimpi a dhéanamh i gcúpla ceann de na scéalta, cé go bhféadfadh amhras áirithe a bheith faoi sin chomh maith céanna. Tréith de na heachtraí seo is ea an chaolchúis agus is féidir go bhfágtar fúinne cuid de na bearnaí a líonadh isteach dúinn féin de réir na fianaise a leagtar os ár gcomhair. Gach scéal ag tuirlingt go dea-thráthach nuair a shíl tú go raibh tú go fada amú maidir lena chlabhsúr.
Agus ansin, tá an teangeolaí atá ag déanamh dianstaidéar ar an Ibéiris, agus a shantaíonn lámhscríbhinn luachmhar amháin…
Scéalta ealaíonta taitneamhacha inléite soghluaiste gan bhréig.
Pól ò Griffin
Tugann Alan blas na scèalta seo dùinn agus ceist at ann don lèitheoir an fiú è a chuid moladh chun sin a spreagadh chun léamh.