Fanacht uair an chloig ar otharcharr ag othar a bhí go dona tinn ar thaobh an bhóthair i gConamara

Deir an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil beatha daoine ‘á cur i mbaol’ toisc an tseirbhís otharchairr i gConamara a bheith ‘easnamhach’

Fanacht uair an chloig ar otharcharr ag othar a bhí go dona tinn ar thaobh an bhóthair i gConamara

Tá ráite ag an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh go gcaithfidh an tAire Sláintefreagracht a ghlacadh” as an “soláthar easnamhach otharchairr do Chonamara, atá ag cur beatha daoine i mbaol”.

Bhí an Seanadóir de chuid Shinn Féin ag tagairt don scéala gur fágadh dochtúir teaghlaigh as an gCeathrú Rua, an Dr. Peter Sloane, 57 nóiméad ag tindeáil ar othar ar thaobh an bhóthair sular tháinig otharcharr ar an láthair.

“Caithfidh an Rialtas agus an tAire freagracht a ghlacadh as aon bhás a tharlóidh, mar gheall nach bhfuil siadsan toilteanach tosaíocht a thabhairt d’acmhainní a chur ar fáil do na seirbhísí otharchairr tuaithe seo ar an gcéad dul síos,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Dr. Peter Sloane le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil “an-imní” air go bhfaighidh duine éigin bás de thoradh na moille a bhaineann leis an tseirbhís otharchairr i ndeisceart Chonamara.

Dúirt an Dr Sloane nach dtógfadh sé ach deich nóiméad ar otharcharr teacht ar an láthair dá mbeadh seirbhís cheart ann ar an gCeathrú Rua. Bhíothas ag fanacht dhá uair a chloig ar otharcharr i gcás éigeandáil leighis eile sa cheantar céanna anuraidh, a dúirt sé. Scríobh an dochtúir teaghlaigh litir chuig an Aire Sláinte agus baill eile de Thithe an Oireachtais faoin scéal lena imní agus a mhíshástacht a chur in iúl dóibh.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil sé “ríshoiléir” nach bhfuil “dóthain acmhainní” ag na seirbhísí otharchairr agus “go bhfuil beatha daoine á cur i mbaol ar bhonn laethúil de bharr theip an Rialtais na hacmhainní cuí a sholáthar”.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin gur léirigh eachtra an deireadh seachtaine a “thromchúisí” is atá an scéal ach nárbh “eachtra aonuaire” í.

“Tá pobal Chonamara thuaidh ag tarraingt aird ar cheisteanna den chineál seo ina bpobal féin le fada chomh maith. Chas siadsan leis an Aire Harris chun na contúirtí a mhíniú agus tá a lámha nite ar fad aige ar na fadhbanna a d’ardaigh siad. Níl sé seo sách maith.

“Tá na fadhbanna seo ardaithe agam féin go leanúnach freisin ó toghadh mé don Seanad in 2011. An chluas bhodhar atá tugtha ag an Rialtas dom gach uair freisin.”

Fág freagra ar 'Fanacht uair an chloig ar otharcharr ag othar a bhí go dona tinn ar thaobh an bhóthair i gConamara'