Fanacht fada eile ar ‘bhrat gorm’ do thrá Ghaeltachta a bhfuil rabhadh tugtha gan dul ag snámh ansin

Deir Uisce Éireann go mbeidh críoch á cur acu leis an obair atá ar siúl chun ionad cóireála fuíolluisce nua a thógáil ar an Spidéal i mí an Mheithimh

Fanacht fada eile ar ‘bhrat gorm’ do thrá Ghaeltachta a bhfuil rabhadh tugtha gan dul ag snámh ansin

Beidh sé ar a laghad 2027 faoin am go mbeidh deis ann brat gorm a fháil do thrá Ghaeltachta a bhfuil rabhadh tugtha arís i mbliana gan dul ag snámh ag an trá sin.

2003 an uair dheireanach ar bronnadh Brat Gorm ar Thrá na mBan ar an Spidéal i gConamara, trá atá ar cheann de na trí thrá sa tír a bhfuil rabhadh tugtha ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) do dhaoine gan dul ag snámh ansin an samhradh seo toisc droch-chaighdeán a bheith ag an uisce.

Caithfear tástáil uisce ar ‘ardchaighdeán’ a fháil ceithre bliana as a chéile chomh maith le critéir eile a chomhlíonadh sula mbeadh aon ghlacadh le hiarratas ar Bhrat Gorm.

Faoi láthair tá séarachas amh á scaoileadh i bhfarraige gar do Thrá na mBan ar an Spidéal agus is beag seans go mbainfidh an trá an caighdeán atá de dhíth le Brat Gorm a fháil faoi cheann ceithre bliana eile.

I ráiteas a chuir Uisce Éireann ar fáil do Tuairisc, deirtear go mbeidh críoch á cur acu leis an obair atá ar siúl chun ionad cóireála fuíolluisce nua a thógáil ar an Spidéal i mí an Mheithimh, obair a deirtear atá riachtanach le réiteach a fháil ar fhadhb an droch-chaighdeáin uisce ar Thrá na mBan.

Dúradh sa ráiteas go bhfuil €4.8milliún caite ar chóras nua cóireála fuíolluisce an Spidéil agus ar an ionad nua cóireála fuíolluisce a bhfuil mar aidhm leis “deireadh” a chur leis an “cleachtas mícheart” séarachais neamhchóireáilte a scaoileadh amach san fharraige.

I mí Lúnasa 2021 a cuireadh tús leis an obair chun an t-ionad cóireála fuíolluisce nua ar an Spidéal a thógáil, ionad a bheidh in ann freastal ar mhíle duine ar an sráidbhaile.

Mar chuid den tionscadal, deir Uisce Éireann go bhfuil stáisiún pumpála faoi thalamh nua á thógáil chomh maith le píopaí camrais nua leis an chamras a thabhairt go dtí an stáisiún sin agus go bhfuil athchóiriú á dhéanamh ar an phíopa atá ansin chun uisce cóireáilte a scaoileadh amach i gCuan na Gaillimhe ar bhealach sábháilte a chloífidh le caighdeáin rialacháin.

Deir an an EPA sa tuarascáil Bathing Water Quality in Ireland, 2022 nár chóir do dhaoine dul ag snámh ar Thrá na mBan le linn an tséasúir snámha seo, idir an 1 Meitheamh agus an 15 Meán Fómhair.

Rinneadh an t-uisce ar Thrá na mBan a thástáil cúig huaire le linn na bliana seo caite. Fuarthas amach go raibh ‘caighdeán den scoth’ uisce ansin i dtástálacha mhí na Bealtaine agus i Meán Fómhair. Caighdeán ‘sásúil’ a bhí ag an uisce i mí an Mheithimh, ‘caighdeán maith’ i mí Iúil agus ‘droch-chaighdeán’ i mí Lúnasa.

Caighdeán uisce den scoth ag formhór tránna Gaeltachta ach rabhadh gan dul ag snámh i gcás amháin

Deir an EPA gur fuíolluisce uirbeach, rith talmhaíochta agus sceitheadh ó dhabhcha séarachais is cúis leis an droch-chaighdeán uisce ar Thrá na mBan.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil dualgas ar Uisce Éireann agus an Chomhairle áitiúil an caighdeán uisce ar Thrá na mBan agus na tránna eile ar a raibh droch-chaighdeán a fheabhsú.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoin scéal.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt rúnaí Bhailte Slachtmhara an Spidéil, Christine Cox, go raibh droch-chaighdeán an uisce ar Thrá na mBan ag cur isteach “go mór ar fh0rbairt an bhaile”.

“Ciallaíonn sé nach mbeidh aon tarraingt ar phríomhthrá an Spidéil. Beidh comharthaí ag dul in airde go luath le cur in iúl do dhaoine go bhfuil cosc orthu a bheith ag snámh san uisce amach ó Thrá na mBan.

“Is mór an trua é nach féidir le daoine snámh ann mar ar lá breá bíonn an-tóir ar an trá thiar ag Céibh an Spidéil, áit a bhfuil caighdeán maith uisce ach ní bheidh aon éileamh ar Thrá na mBan arís i mbliana,” a dúirt Christine Cox.

In 2012 an uair dheireanach a bhfuair an trá ag Céibh an Spidéil, Brat Gorm. Tá uisce ar “ardchaighdeán” ag an trá ag Céibh an Spidéil, de réir tuarascáil dheireanach an EPA.

Fág freagra ar 'Fanacht fada eile ar ‘bhrat gorm’ do thrá Ghaeltachta a bhfuil rabhadh tugtha gan dul ag snámh ansin'