Fan anois go bhfeice mé an dtuigim an díospóireacht seo faoin Ochtú Leasú mar is ceart…

Is doiligh bheith ar son ruda agus ar son an rud nach bhfuil ag teacht leis an rud a bhfuil tú ar a shon!

Fan anois go bhfeice mé an dtuigim an díospóireacht seo faoin Ochtú Leasú mar is ceart…

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Chuireadh an Taoiseach, Leo Varadkar, ceannaire rialtas mionlaigh, chuireadh sé síos air féin go dtí le deireanas mar pholaiteoir a bhí ar son na beatha. Tá athrú intinne anois air. “Éabhlóid” ar a dhearcadh ba chúis leis sin agus tá sé anois ar son na rogha. Tá sé ar son na pobalbhreithe fosta b’fhéidir, pobalbhreith a léiríonn go bhfuil buntáiste ag lucht na rogha. Go fóill ar aon nós. Cad é a tharlóidh sa chás go dtagann éabhlóid ar mheon na vótóirí, go dtagann siadsan ar athrú intinne?

B’amhlaidh an scéal lena iarchomhghleacaí agus iarthaoiseach, Enda Kenny, fadó. Dúirt sé go raibh sé ar son an ruda chéanna ach tháinig athrú intinne air. Dá réir sin, thug Kenny reachtaíocht chonspóideach chun cinn faoin ghinmhilleadh, thug léasadh don Eaglais Chaitliceach sa Dáil agus chuaigh os comhair an phobail – agus chaill olltoghchán. Sin an fáth go bhfuil Varadkar ina cheannaire ar rialtas mionlaigh. Chuirfeadh duine ceist air féin cad chuige ar chaill Kenny olltoghchán sa chás go raibh an oiread sin vótaí sa ghinmhilleadh?

Nach raibh mórán tráchtairí á mholadh as an chúram a rinne sé den gheilleagar, as a stuama agus a bhí sé mar Thaoiseach agus an Stát san fhaopach? Cad chuige ar chaill sé olltoghchán, mar sin, agus é i ndiaidh múineadh a chur ar a chuid easaontóirí inmheánacha, daoine – ar nós Lucinda Creighton – nach raibh ar son a chuid reachtaíochta? Chaill Creighton a suíochán, is fíor, ach chaill Kenny ní ba mhó.

Leoga, b’éigean do Kenny imeacht go luath mar Thaoiseach. Bhí sé in ann an oifig a bhronnadh ar Varadkar – bíodh is nach raibh toil ghnáthbhaill an pháirtí le Leo. Thacaigh siadsan le Simon Coveney, polaiteoir atá ag luascadh anonn agus anall ar cheist an leasaithe agus na reachtaíochta. (Ach sin scéal do lá eile.)

Oiread chéanna le Varadkar, níor bhain ceannaire Fianna Fáil, Micheál Martin, olltoghchán. Murab ionann agus Varadkar, ámh, tá baill an pháirtí leis den chuid is mó ach níl, ait go leor, polasaí an pháirtí leis; tá polasaí ar son na beatha ag Fianna Fáil ón ardfheis dheireanach. Thugadh Martin polaiteoir a bhí ar son na beatha air féin lá den tsaol. Oiread chéanna leis an Taoiseach, tá athrú intinne anois airsean fosta. Tá sé ar son rogha anois agus níl sé ag teacht le polasaí a pháirtí féin. Mhol mórán tráchtairí nach molfadh ceannaire Fhianna Fáil de ghnáth, mhol siad go hard na spéire é. Ach níl Martin ag teitheadh ar fad óna chuid seantuairimí. Thug sé le fios go raibh sé ar son na beatha agus ar son na rogha. Tá lucht tuairimíochta den tuairim gur “nuance” atá anseo, gur maith ann é, go léiríonn sé meon aclaí polaitiúil i leith cheisteanna crua.

Sea, bhuel, tá “nuance” go deas – go dtí go ndéanann tú iarracht an cur chuige sin a chleachtadh i réimsí eile: tá mé ar son na neodrachta agus ar son NATO; ar son an chaipitleachais agus ar son an chumannachais; ar son Éireann aontaithe agus ar son an aontais; ar son Donald agus ar son Hillary…

Tig leat do cheann féin a chur leis an liosta. Ach is doiligh bheith ar son ruda agus ar son an rud nach bhfuil ag teacht leis an rud a bhfuil tú ar a shon! Má thuigeann tú leat mé. (Ach b’fhéidir go díreach nach bhfuil an t-iriseoir seo chomh haclaí ina intinn agus atá Martin.)

Leoga, chuirfeadh “nuance” Martin tuilleadh mearbhaill ort nuair a chuimhníonn tú go bhfuil a pháirtí féin i ndiaidh polasaí ar son na beatha a chur chun cinn. Sa chás nár thacaigh Martin lena leithéid, cad é mar a lig sé do bhaill a pháirtí é a cheadú? Cad é an sórt ceannaire a cheadaíonn a leithéid agus fios aige nach fada uaidh reifreann garbh ar an cheist chéanna?

Níos measa fós, ó tharla go bhfuil Martin ar aon fhocal leis an rialtas mionlaigh a bhfuil sé ag tacú leo, cad é an mhaith a dhéanfaidh an “nuance” dá pháirtí féin? Tá sé thar a bheith ionraic aige gan “ceist pháirtí-pholaitiúil” a dhéanamh de cheist pháirtí-pholaitiúil ach an féidir le polaiteoirí gan ceist pholaitiúil a dhéanamh de cheist pholaitiúil?

Agus sa chás go mbaineann lucht cosanta an Ochtú Leasú, beidh a chosa polaitiúla féin nite agus sa chás go mbaineann lucht cáinte an Ochtú Leasú, beidh bonn níos fearr faoi thacaíocht Varadkar agus deis níos lú ag Martin bheith ina thaoiseach. (B’fhéidir go bhfuil Martin ar son olltoghchán a bhaint agus olltoghchán a chailleadh?)

Beidh le feiceáil cad é a bheas ann sna míonna romhainn. Ach sa chás go bhfuil tú ar son ‘an tOchtú’ a scor an mbeadh muinín agat go mbeadh an cumas sa bheirt cheannairí é a dhéanamh agus sa chás go bhfuil tú ar son ‘an tOcthú’ a choinneáil, cad é an eagla a chuirfeadh ceachtar acu ort, bíodh siad chun cinn sna pobalbhreitheanna nó ná bíodh?

Fág freagra ar 'Fan anois go bhfeice mé an dtuigim an díospóireacht seo faoin Ochtú Leasú mar is ceart…'

  • Micilin

    Sár-alt.
    An ceart ar fad agat
    An meas céanna ag na slíbhíní sleamhain úd ar an gcosmhuintir agus a bhí ag na Gall ar na Gael ní fada ó shin. Síleann siad go bhfuilimid go léir aineolach agus go bhfuilimid chomh “tiubh” le…