Faitíos i mBaile Átha Cliath i dtaobh phlean na Sasanach don Tuaisceart

Chuir rialtas na hÉireann fáilte dhrogallach theoranta roimh an bplean is déanaí ag Sasana don Tuaisceart i ndiaidh an Bhreatimeachta

Faitíos i mBaile Átha Cliath i dtaobh phlean na Sasanach don Tuaisceart

An Tánaiste, Simon Coveney. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Faoi dheireadh tá plean foilsithe ag rialtas na Breataine le feidhm a thabhairt don phrótacal do Thuaisceart na hÉireann i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Go hoifigiúil, chuir rialtas na hÉireann fáilte dhrogallach theoranta roimh an bplean, ach tugadh le fios sa Bhruiséil go rabhthas níos amhrasaí faoin bplean san Aontas Eorpach.

Ach má bhí tráchtairí na 26 contae ag rá go dtagann fógra na Breataine salach ar na geallúintí a tugadh sa Chomhaontú Aistarraingthe, ba léir sa Tuaisceart gur buille eile don DUP is d’aontachtóiri i gcoitinne a bhí ann, agus gur mó i bhfad an t-údar sásaimh an plean do náisiúnaithe.

Cén fáth mar sin go bhfuil dhá thuiscint éagsúla ag daoine ar fhógra Shasana?

Sa bprótacal a aontaíodh anuraidh glacadh leis go mbeadh an Tuaisceart mar chuid de limistéar custam na Breataine, ach go mbeadh rialacha custam an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm maidir le hearraí ar bith a théann isteach sna sé chontae, ach amháin nuair ba léir gan baol a bheith ann go seolfaí ar aghaidh ó dheas isteach san Aontas iad.

Tá sé á rá anois ag na Sasanaigh nach mbeidh rialacha an AE i bhfeidhm sa Tuaisceart ach amháin i gcás ainmhithe agus bia, ar an tuiscint go mbeidh aon earraí eile ag fanacht sna sé chontae.

Ach tá an tAontas Eorpach ag iarraidh go mbeadh córas ann a chinnteodh a leithéid agus go mbeadh seiceálacha agus cáipéisí mar chuid den chruthúnas.

Ó thuaidh feictear do dhaoine go bhfuil smacht á chur ar thrádáil idir an Tuaisceart agus Sasana, cé go mbíonn rialtas na Breataine ag rá nach cóir go mbeadh mórán difríochta ann ó thaobh cúrsaí trádála sa dá áit.

Dúirt an tráchtaire Aontachtach Newton Emerson go bhfuil an DUP ag glacadh leis anois go mbeidh teorainn eacnamaíochta de shaghas eicínt ann ar Mhuir Éireann, rud a dúirt an DUP roimhe seo nach mbeadh aon ghlacadh go deo acu leis.

Tá a bheag á dhéanamh ag an DUP den scéal agus ag tabhairt le fios go bhfuil siad sásta leis an míniú a thug Michael Gove ar an scéal, ach tá an Páirtí Aontachtach agus Jim Allister an TUV ag rá go bhfuil feall mhór déanta ag Rialtas na Breataine ar aontachtóirí.

Ar an taobh eile den scéal, dúirt Chris Hazzard, feisire parlaiminte de chuid Shinn Féin sa Dún Theas, go bhfuil sé soiléir go bhfuil rialtas na Breataine ag beartú oifigigh a chur sna calafoirt sna sé chontae le seiceálacha a dhéanamh ar earraí ón mBreatain agus áiteacha eile taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Más fíor sin, cén fáth nach bhfuil caithréim i mBaile Átha Cliath?

Is é fírinne an scéil ná go bhfuil a lán éiginnteachta ann fós faoin gcaoi go gcuirfí an córas nua i bhfeidhm agus tá faitíos ar an Aontas Eorpach go bhféadfadh an Tuaisceart a bheith mar chúldoras isteach sa Mhargadh Aonair mura gcoimeádtar smacht níos déine ar chúrsaí.

Agus tá faitíos mór ar an rialtas i mBaile Átha Cliath go gcuirfeadh an tAontas iachall orthu teorainn chrua a chur i bhfeidhm ar an teorainn leis na sé chontae.

Ó thaobh na polaitíochta, ní féidir é sin a dhéanamh. Ach cé acu is láidre, a ndílseacht do leas is do chearta na hÉireann nó a ndílseacht don Aontas Eorpach is don Mhargadh Aonair?

Cheana féin, tá fadhb mhór ann sa mhéad is go ndéanfaí dochar mór d’eacnamaíocht na 26 contae dá gcuirfí táillí ar ár gcuid easpórtálacha bia go dtí an Bhreatain, agus anois tá baol soiléir ann go bhféadfadh muid a bheith fágtha idir dhá thine Bhealtaine.

Tá fáil ar réiteach na faidhbe ar ndóigh, ach ní réiteach é a thaitneodh leo siúd a chreideann go bhfuil leas na hÉireann ceangailte go huile is go hiomlán leis an Aontas Eorpach, is cuma cén cruth a bheas ar an Aontas céanna.

Is é an réiteach sin ná córas smachtaithe is seiceálacha a chur i gcalafoirt na hÉireann ar aon earraí a bheadh ag dul go dtí aon bhallstát eile de chuid an Aontais: iad a seiceáil abhus maidir leis an tír ónar tháinig siad agus na cáipéisí cuí a chur ar fáil.

Ach is cosúil go bhfuil an leisce chéanna orainne ó dheas glacadh le córas smachtaithe idir muid féin is an tAontas is atá ar na haontachtóirí glacadh lena leithéid idir iad féin agus an Bhreatain.

Ní nach ionadh mar sin nach bhfuil an rialtas i mBaile Átha Cliath róchinnte faoi fháilte a chur roimh phlean seo na Sasanach fiú má dhéanann sé na haontachtóirí míchompordach.

Fág freagra ar 'Faitíos i mBaile Átha Cliath i dtaobh phlean na Sasanach don Tuaisceart'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Molann Eoin dúinn a bheith mar dhlúthchuid de mhargadh aonair na Breataine agus súil aige go mbeidh na Sasnaigh macánta agus iontaofa linn….

  • Eoin O Murchu

    Ní mholaim a leithéid is níor mhol mé riamh é, agus is maith atá a fhios sin ag Dáithí. Ach bheadh sé níos éasca mé a ionsaí dá ndéarfainn a leitheid ná tabhairt faoi mo chuid argóintí. Molaim gur chóir dúinn deighleáil le Sasana agus leis an AE go cothrom, neamhspleách ón dá dhream, mar ní bheidh ceachtar acu macánta nó iontaofa linn, Sasana nó an AE.
    Ceapaim go léiríonn sé laigeacht argóint Dháithí nach bhfuil sé in ann labhairt faoin argóint féin.