Faitíos ar dhearthóirí an tsuímh Ireland.ie roimh ‘political minefield’

Bhí drogall ar na dearthóirí aon íomhá chur ar an suíomh a tharraingeodh achrann eile polaitíochta

Screen Shot 2015-03-03 at 18.52.34

Bhíothas chomh buartha sa deireadh faoin gconspóid a lean seoladh Ireland.ie go raibh faitíos ar lucht a dheartha pictiúr a roghnú a bheadh mar chúlbhrat fad is a bhí obair chothabhála á déanamh ar an suíomh.

De réir cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, bhí amhras ar dhuine de dhearthóirí an tsuímh Ireland.ie faoi cén pictiúr ba cheart a úsáid fad is a bhí an suíomh bainte anuas agus fógra go raibh obair chothabhála á déanamh air curtha ina áit.

Scríobh fostaí de chuid Big O Media, lucht deartha an tsuímh, chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 18 Samhain 2014, sé lá tar éis sheoladh an tsuímh, ag fiafraí díobh pictiúr a mholadh a d’fheilfeadh an suíomh.

“Is there any image I can use for the landing page backgrounds? Not sure what to add to be honest given the political minefield,” a dúradh sa ríomphost ó Big O Media chuig an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ní raibh aon mholadh ag an Roinn maidir le pictiúr a sheachnódh an ‘political minefield’ seo.

Mar fhreagra ar ríomhphost Big O Media an lá céanna, mhol oifigeach ón Roinn don chomhlacht gan bacadh le híomhá ar bith ar an suíomh.

“Could we just pull the top of the page and start with the links rather than having the picture as a holding place?” a d’fhiafraigh oifigeach na Roinne.

Ar deireadh, roghnaíodh íomhá den sliabh cáiliúil Binn Ghulbain i gcontae Shligigh.

Sa ríomhphost céanna inar thug Big O Media le fios go raibh drogall orthu aon íomhá chur ar an suíomh a tharraingeodh achrann eile polaitíochta, dúradh go raibh an físeán conspóideach, a chuir olc ar mhórán a chreid nach raibh léiriú ceart ann ar oidhreacht 1916, bainte den suíomh.

Baineadh anuas Ireland.ie ar feadh roinnt laethanta i ndiaidh a sheolta de bharr na conspóide a bhain le cuid den ábhar ann, go háirithe an físeán agus an Ghaeilge air a thángthas uirthi trí Google Translate.

Bhí an teachtaireacht “Tá an suíomh gréasáin á chothabháil faoi láthair agus beidh sé ar fáil arís chomh luath agus is féidir”  le feiceáil ar an leathanach a fhad is a bhí an obair chothabhála á déanamh air agus aistriúchán go Gaeilge á dhéanamh ar chuid den ábhar ann.

 

Fág freagra ar 'Faitíos ar dhearthóirí an tsuímh Ireland.ie roimh ‘political minefield’'