823 – is mór an líon é. B’in an méid uaireanta a ndearna an PSNI iarracht spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí agus dlíodóirí le trí bliana déag anuas. Bhain 323 iarratas le hiriseoirí agus 500 le dlíodóirí.
Nocht tuairisc ón PSNI an t-eolas i dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann Déardaoin. Má bhí súil ag an bPríomh-Chonstábla Jon Boutcher go gciúnódh an tuarascáil an t-aighneas agus an míshuaimhneas faoi mhí-úsáid faireachais faoi cheilt, bhí thiar air.
Dúirt cathaoirleach an Bhoird, Mukesh Sharma nár sholáthair an tuarascáil an chinnteacht atá riachtanach. Níor shásaigh sé iriseoirí ná dlíodóirí ach an oiread. Scanrúil, uafásach, millteanach, cuid de na freagraí ón dá ghrúpa.
Tháinig sé chun solais ag cúirt i Londain, an Investigative Powers Tribunal (IPT), a éisteann gearáin faoi mhí-iompar na seirbhísí faisnéise go raibh faireachas faoi cheilt ar iriseoirí agus dlíodóirí coiteann. Tá an IPT ag fiosrú gearáin ó na hiriseoirí Barry McCaffrey agus Trevor Birney faoin gcaoi ar caitheadh leo i ndiaidh a scannáin No Stone Unturned faoi chlaonpháirteachas agus fiosrú lochtach ar uafás Loch an Oileáin i 1994. Gabhadh an bheirt agus rinneadh faireachas orthu ag iarraidh eolas a fháil faoina gcuid foinsí.
Rinne an méid a chualathas ag an IPT dochar mór do chlú an PSNI agus tá an Príomh-Chonstábla ag iarraidh cuid den nimh a bhaint as, é ag maíomh gur baineadh míbhrí as eolas faoi ghutháin a bheith á seiceáil gach sé mhí, go háirithe nuair b’iriseoirí ‘trioblóideacha’ a bhí i gceist, daoine a bhí go síoraí sa tóir ar scéalta. Iarracht in aisce, go dtí seo. Theastaigh uaidh a thabhairt le fios nach raibh ach líon beag cásanna inar deineadh faireachas faoi cheilt chun foinsí a aithin t- 10 gcinn a bhain le hiriseoirí de réir na tuarascála ar féidir í a aimsiú anseo.
Tugtar le fios gur chun baill den PSNI a bhí ag sceitheadh eolais a rinneadh an spiaireacht ach ní freagra é sin ar shárú cearta iriseoireachta. Maítear gur mar fhinnéithe nó íobartaigh a rinneadh an 313 eile – ar mhaithe leis na hiriseoirí, má b’fhíor. I gcás na ndlíodóirí bhain 365 as 500 cás le hiarrachtaí chun cumarsáid eatarthu féin a scrúdú. Ina theannta sin ar fad is údar mór míshuaimhnis é gur baineadh leas as ‘gníomhairí’ i gceithre chás chun spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí agus dlíodóirí. Is léir ón stair nach mbíonn ‘gníomhairí’ an-tógtha le modhanna dleathacha i gcónaí.
Ní haon iontas é nach raibh Bord na bPóilíní sásta leis an tuarascáil. Tá dualgas ar an mBord a chinntiú nach sáraíonn an PSNI cearta daonna. Tá siad ag súil le freagraí níos iomláine ó fhiosrú atá bunaithe ag an bPriomh-Chonstabla faoi chathaoirleacht an abhcóide, Angus McCullough.
Cé go bhfuil meas ag gearánaithe ar dhaoine atá ainmnithe mar chomhairleoirí d’fhiosrú McCullough, Nuala O’Loan, an t-iarOmbudsman, Patrick Corrigan, Amnesty agus Daniel Holder, CAJ, deir a lán nach leor é mar go bhfuil seans nach gcomhoibreoidh póilíní áirithe leis an bhfiosrú.
Teastaíonn fiosrú a bheadh in ann iallach a chur ar fhinnéithe faisnéis a sholáthar. Dá uireasa sin ní féidir a bheith muiníneach nach leanfar le faireachas mídhleathach d’ainneoin dualgais faoin dlí. Dhiúltaigh an tAire Cirt in Stormont, Naomi Long fiosrú poiblí a bhunú, í ag fanacht le torthaí an iniúchta faoi chathaoirleacht McCullough.
Luath nó mall caithfear a dhul i ngleic leis an bhfadhb seo. Conas is féidir muinín a chothú i seirbhís póilíneachta a bhaineann úsáid as modhanna a thagann salach ar chleachtadh dlíthiúil an dlí agus na hiriseoireachta – péire de chlocha coirnéil an daonlathais?
Fág freagra ar 'Faireachas faoi cheilt an PSNI ar iriseoirí ina údar scannail'