Is iomaí uair a thagair mé sa cholún seo do Sommarboken, sárshaothar ficsin leis an údar Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson (1914-2001), atá ar fáil i mBéarla faoin teideal The Summer Book, agus níl a fhios cá mhéad uair a d’athléigh mé an leabhar sin ó thit mé i ngrá leis an chéad lá.
Ach scríobh Jansson leabhar eile a bhfillim air arís is arís: Rent spel, a foilsíodh i 1989 agus atá ar fáil i mBéarla faoin teideal Fair Play.
Fearacht The Summer Book, ní furasta a rá an úrscéal nó bailiúchán gearrscéalta atá in Fair Play. Is féidir an saothar a léamh ina iomláine ó thús deireadh, ach seasann gach píosa leis féin chomh maith. Agus arís, fearacht The Summer Book, ní furasta a rá cé chomh ficseanúil agus atá Fair Play: is leor sracfhéachaint ar scéal bheatha Jansson lena thuiscint gur ficsean thar a bheith dírbheathaisnéiseach atá againn anseo.
Caidreamh idir beirt ealaíontóirí ban atá anonn go maith sna blianta is ábhar do Fair Play. Amharcealaíontóir í Jonna (mar a bhí in Tuulikki Pietilä (1917-2009), an bhean ar chaith Jansson an chuid is mó dá saol ina teannta) agus scríbhneoir is ea Mari, alter ego Jansson sa saothar seo.
Ar ndóigh tá ficsean faoi chaidrimh leispiacha gann a dhóthain ach saothar níos eisceachtúla fós atá in Fair Play: scéal é seo faoi chaidreamh socair, sona.
Scéal faoi chaidreamh socair, sona a deir tú? Cén chaoi a bhféadfá scéal a scríobh gan coimhlint ar bith?
Bhuel, ní hé nach bhfuil coimhlint ann. Tá pearsantachtaí Jonna agus Mari éagsúil go maith agus is minic a bhíonn míthuiscint nó míshuaimhneas éigin eatarthu. Ach an bealach a dtéann an bheirt bhan i ngleic leis na difríochtaí sin idir a bpearsantachtaí, an bealach a réitítear na fadhbanna, is ábhar don saothar seo dáiríre. Dá bharr sin, d’fhéadfá Fair Play a chur i seánra eile arís: i rannóg na leabhar féinchabhrach.
Tá a fhios ag éinne a bhí i gcaidreamh riamh nach aon dóithín é, do shaol a chaitheamh i dteannta duine éigin eile.
Agus tá a fhios ag éinne a bhí i gcaidreamh le healaíontóir riamh, agus tá a fhios ag aon ealaíontóir a bhí i gcaidreamh le gnáthshibhialtach riamh, go mbíonn castacht bhreise sa scéal: an t-am agus an spás a shlogann togra ealaíne.
Samhlaigh anois beirt ealaíontóirí i gcaidreamh le chéile.
Éiríonn leis an gcaidreamh idir Jonna agus Mari toisc go dtugann siad an t-am agus an spás sin dá chéile.
Níor fhiafraigh siad dá chéile riamh: ‘Ar éirigh leatsa aon obair a dhéanamh inniu?’ B’fhéidir go gcuiridís an cheist sin ar a chéile tríocha bliain ó shin, ach le himeacht ama d’fhoghlaim siad gan é sin a dhéanamh. Tá folúis ann nár chóir cur isteach orthu; na tréimhsí sin, tréimhsí fada go minic, nach bhfeiceann tú an pictiúr iomlán, nach n-éiríonn leat na focail a aimsiú, agus go gcaithfí a thuiscint go gcaithfear thú a fhágáil leat féin.
Saothar nach mbeadh as áit ar sheilfeanna teiripeora caidrimh atá in Fair Play, mar sin, chomh maith le ficsean agus dírbheathaisnéis – ach d’fhéadfaí an saothar a chur isteach i rannóg eile fós: rannóg na dtéacsleabhar faoin scríbhneoireacht chruthaitheach.
Mar a deir an t-údar as Albain, Ali Smith ina réamhrá leis an leagan Béarla atá foilsithe ag NYRB:
Lámhleabhar den scoth is ea Fair Play, lán comhairle agus treoirlínte faoin gcaoi a n-oibríonn an ealaín – ach ní gaois faoi chúrsaí aeistéitice amháin a bhíonn ann. Gaois mhothúchánach a bhíonn i gceist cuid mhór den am.
Úrscéal, cnuasach gearrscéalta, ficsean, dírbheathaisnéis, féinchabhair, téacsleabhar … dúshlán ann féin a bheadh ann an tseilf chuí a aimsiú don saothar ilchineálach seo, ach ar ámharaí an tsaoil níl an fhadhb sin agam: ar an gcófra in aice le mo leaba a bhíonn Fair Play.
Fág freagra ar 'Fair Play – sárshaothar ón bhFionlainn ar deacair an tseilf chuí a aimsiú dó'