Fáinne Fí agus foréigean cheantar na mbocht léirithe go paiteanta ar scannán nua ó Netflix

Léiriú gruama atá in ‘All Day and a Night’ ar an saol i gceantair áirithe i Meiriceá mar a ndéantar glúin i ndiaidh glúine a shluaisteáil chun príosúin

Fáinne Fí agus foréigean cheantar na mbocht léirithe go paiteanta ar scannán nua ó Netflix

All Day and a Night
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Joe Robert Cole
Cliar: Ashton Sanders, Jeffrey Wright, Isaiah John, Kelly Jenrette, Shakiran Ja’nai Paye

“Slavery taught black people how to survive but not how to live,” a deirtear linn cúpla babhta i gcaitheamh an scannáin seo agus tá an tuiscint sin ina théama lárnach sa scannán All Day and a Night (Netflix).

I saothar Joe Robert Cole imríonn sochaí Mheiriceá cos ar bolg ar phobail imeallaithe na tíre, an cine dubh go háirithe. Ciníochas, easpa deiseanna agus easpa dóchais a fhágann ná bíonn an dara suí sa bhuaile ag an dream óg ach bóthar na coiriúlachta a thabhairt orthu féin. Ciallaíonn sin go ndéanann an córas dlí agus cirt glúin i ndiaidh glúine a shluaisteáil chun príosúin.

Duine díobh sin is ea Jakhor (Sanders); é ina bhall de theaghlach díobh sin i gceantar díobh sin. I dtosach an tsaothair címid é agus fear is bean á lámhach aige go neamhthrócaireach. Sa chuid eile den scannán déantar cíoradh ar an gcomhthéacs, ar na daoine agus na heachtraí a thug chuig an bpointe brúidiúil sin é agus tugtar éachtaint dúinn ar impleachtaí an fhoréigin.

Trí thréimhse ama éagsúla atá i gceist mar sin; óige Jakhor, an tréimhse chinniúnach roimh na dúnmharuithe agus a shaol sa phríosún i ndiaidh príosúnacht saoil a ghearradh air.

Sí tréimhse a óige is mó a bhfuaireas blas uirthi. É ag éirí chun coinlíochta i gcathair Oakland, ceantar tiufáilte, faoi mhíbhuntáiste. Cuirtear abhaile orainn gur tógaint chrua atá i ndán duit anseo; seasamh na dtréan agus treascairt na lag. Deir an Sanders níos sine, atá mar thráchtaire againn i rith an ama, gurb í an t-aon difríocht idir an príosún ina bhfuil sé sáinnithe agus an fód dúchais ná nach féidir na fallaí a fheiscint in Oakland.

Címid smut de sin níos déanaí agus an Sanders níos sine ag iarraidh a chrústa a thuilleamh i bpost measúil ach an ciníochas agus an chlaontacht ag fáil an ceann is fearr air. Agus é sa phríosún aithníonn sé cuntanóis ón mbaile, daoine a d’imigh gan tásc ná tuairisc blianta roimhe sin, iad ligthe i ndearmad ag an tsochaí agus a ndaoine muinteartha.

Fáinne fí atá ann le glúin i ndiaidh glúine á tabhairt i mbraighdeanas. Go deimhin buaileann sé lena athair féin (Wright), fear a bhí tíoránach agus cruálach nuair a bhíodh sé ina thimpeall ina óige. Cad a dhéanfadh mac an chait ach an dlí a bhriseadh?

Cuirtear abhaile nach aon drochdhuine é Jakhor; é beagfhoclach agus gafa lena cheol agus lena chailín atá ag súil. Déanann Sanders léiriú ciúin, machnamhach ar an gceann feadhna, cé gur beag bá atá againn leis mar charachtar. Faigheann an saol agus an chinniúint, an ceann is fearr ar Jakhor. Scannán duairc ábalta a dhéanann cíoradh ar théamaí tábhachtacha cé nach n-éiríonn le Cole an bá is dual a chothú dá phríomhcharachtar.

Fág freagra ar 'Fáinne Fí agus foréigean cheantar na mbocht léirithe go paiteanta ar scannán nua ó Netflix'