AR SON NA CÚISE: ‘Give a hug, ladybug!’ – conspóid na gcrogall ag éirí níos teasaí

Tagann conspóid seo na reiptílí fuarfhuilteacha sna sála ar chonspóid na scéime teasa inathnuaite

AR SON NA CÚISE: ‘Give a hug, ladybug!’ – conspóid na gcrogall ag éirí níos teasaí

Leanadh ar maidin leis an díospóireacht thoghcháin chaolchúiseach atá ar bun idir Sinn Féin agus an DUP ó chuir Arlene Foster lucht an pháirtí phoblachtánaigh i gcomparáid le “crogaill”.

Tagann conspóid seo na reiptílí fuarfhuilteacha sna sála ar chonspóid na scéime teasa inathnuaite a d’fhág gur Teach Fuar do Chaitlicigh agus Protastúnaigh araon é Stormont faoi láthair.

Dúirt ceannaire an DUP nach ngéillfeadh a páirtí go deo don éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh agus gurb ionann Sinn Féin agus ‘crogaill’ toisc, ach an oiread le ‘boiler’, gur “níos amplaí a éiríonn siad dá mhéid a bheathaítear iad”.

Mar fhreagra ar an gcaint sin, dúirt Uachtarán Shinn Féin, “See you later, alligator”, ach má dúirt ní raibh deireadh fós le hallagar na n-ailigéadar.

I ráiteas aon líne amháin a eisíodh thar ceann Foster aréir, dúradh:

“Bye-bye butterfly”.

Measadh gurb é sin críoch agus deireadh na mbeart, ach chuir Gerry Adams an lasair sa bharrach arís go gairid ina dhiaidh sin nuair a dúirt sé,

“Give a hug, ladybug”.

Bhí aird ansin ag gach duine ar Foster féachaint cén freagra a thabharfadh sí ar an ráiteas is déanaí ó Adams.

Ní raibh fanacht rófhada ann, agus ag preasocáid a tionóladh faoi dheifir ar maidin, dúirt Foster, “Toodle-ee-oo, kangaroo”.

Is in olcas a chuaigh an caidreamh idir an dá pháirtí ina dhiaidh sin nuair a dúirt Adams, “See you soon, racoon”.

Spreag an méid sin ráiteas eile fós ó cheannaire an DUP, a dúirt, “Time to go buffalo”.

Bhí na hionsaithe buille ar bhuille ag teacht go tiubh anois agus go gairid roimh am lóin, shéid Uachtarán Shinn Féin faoin gconspóid athuair nuair a dúirt sé, “Can’t stay blue jay”.

Chuaigh ceannaire an DUP i muinín na na meán sóisialta an babhta seo agus thug sí ráiteas uaithi ar Twitter a mheastar a bhí dírithe go sonrach ar Adams.

“Mañana, iguana”, a dúirt Foster.

Taobh istigh d’uair a chloig, rinne Uachtarán Shinn Féin preasócáid speisialta a ghairm, ócáid ar fhéach tráchtairí áirithe uirthi mar iarracht deireadh a chur leis an gconspóid.

“The end, my friend!”, a dúirt Adams ag an bpreasocáid nár mhair rófhada.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: ‘Give a hug, ladybug!’ – conspóid na gcrogall ag éirí níos teasaí'