Fáilte roimh chách ag an gcéad Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste

Tá sé mar aidhm ag lucht an cheoil i mBéal Feirste a bheith ina príomhchathair ar Éirinn don cheol traidisiúnta as seo amach

Fáilte roimh chách ag an gcéad Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste

Beidh an ceol traidisiúnta ina fhuaimrian don samhradh i mBéal Feirste i mbliana agus súil leis na sluaite ag Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste, atá á reáchtáil den chéad uair riamh ag deireadh na míosa seo.

Idir an 31 Iúil agus an 4 Lúnasa, gheobhaidh na céadta ábhar ceoltóirí de gach aois deis chun foghlaim ó na hoirfidigh is aitheanta sa tír ag ócáid a d’fhéadfadh a bheith sa seanchas amach anseo.

Tá líon agus feabhas na gceoltóirí traidisiúnta i mBéal Feirste ag dul ó neart go neart agus tá ionaid úra ag cur fáilte mhór roimh an cheol traidisiúnta sa chathair. Tá caighdeán ard agus cruthaitheacht iontach á léiriú i measc ceoltóirí óga go háirithe. Go deimhin, tá sé mar aidhm ag Béal Feirste bheith ina príomhchathair ar Éirinn don cheol traidisiúnta as seo amach.

Beidh an scoil samhraidh ar siúl i dtuaisceart na cathrach (The Duncairn Centre); sa deisceart (An Droichead); san oirthear (Skainos Centre); san iarthar (Cultúrlann McAdam Ó Fiaich); agus beidh ranganna agus siamsaíocht ar fáil i gCeathrú na hArdeaglaise fosta.

I mbliana, ní bheidh ar mhuintir an tuaiscirt turas fada a dhéanamh siar ná ó dheas le ceachtanna ceoil a fháil ó phlúr na gceoltóirí traidisiúnta mar beidh máistir-ranganna in 18 n-uirlis ar siúl i bhfoirgneamh úr de chuid Ollscoil Uladh i sráid York i lár na cathrach.

Is iontach an dul chun cinn é seo, dar le stiúrthóir Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste, Ray Morgan.

“Gach bliain, caitheann na céadta ceoltóir agus a dteaghlaigh ó na Sé Chontae taisteal ó dheas más mian leo freastal ar scoileanna samhraidh ceoil nó chuig ceardlanna deireadh seachtaine ar nós Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach nó chuig Scoil Samhraidh Shligigh Theas i dTobar an Choire.

“Bíonn ráchairt mhór ar na scoileanna seo a mheallann na mílte rannpháirtí ach faoi láthair níl a macasamhail ar fáil i dTuaisceart Éireann agus is é an aidhm atá againn an t-atmaisféar agus an taithí ar leith a bhaineann leo a athchruthú anseo i gcroílár Bhéal Feirste,” arsa stiúrthóir na scoile samhraidh, Ray Morgan.

Deir Morgan go dtagann feabhas mór ar scileanna ceoil i ndiaidh seal a chaitheamh ag scoil samhraidh. Ní hamháin sin ach déantar “cairde saoil idir óg agus aosta” chomh maith, dar leis.

Tá scoth na múinteoirí roghnaithe don chéad Scoil, ina measc  Siobhán Peoples, Allan McDonald, John Joe Kelly, Harry Bradley, Kevin Crawford, John McSherry, Ed Boyd, Ríoghnach Connolly agus Laoise Kelly.

Ach beidh an Scoil Samhraidh ag briseadh talaimh úir chomh maith.

Is éigean de ghnáth do bhaill bhannaí píb Thuaisceart Éireann dul go hAlbain agus chun an deiscirt le páirt a ghlacadh i gcomórtais agus i bhféilte, ach beidh fáilte mhór roimh cheoltóirí ón traidisiún Albanach/Ultach ag an Scoil Samhraidh agus ranganna fífe agus sreangdhruma ar fáil lena linn.

“Ar cheann eile de na haidhmeanna atá againn, tá muid ag iarraidh muinín, meas, agus tuigse a spréadh ar fud gach pobail,” arsa Ray Morgan.

Chomh maith leis na ranganna beidh imeachtaí corraitheacha eile ar bun a dtig le gach duine bheith páirteach iontu ó léachtaí, cainteanna agus ceardlanna go léirithe, ceadail, seisiúin agus ceolchoirm ollmhór.

Beidh damhsa mar chuid den scoil samhraidh fosta.

Mar sin, tá cuireadh ag gach duine in Éirinn, thuaidh agus theas, freastal ar an chéad Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste.

– Tá liosta iomlán na n-imeachtaí Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Fáilte roimh chách ag an gcéad Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste'