Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil aon ghá le haire stáit don Ghaeltacht ó tharla go bhfuil Dara Calleary ceaptha ina aire sinsearach sa roinn ar a bhfuil an cúram sin.
Tá Dara Calleary, cainteoir Gaeilge, ceaptha ina Aire sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Níl sé soiléir fós an ar Calleary féin a bheidh cúram laethúil na Gaeltachta nó an ndéanfar é a tharmligean chuig aire stáit mar a rinne gach rialtas eile ó 2011 i leith.
Fógrófar na hairí stáit nua an tseachtain seo chugainn.
Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte mhór aréir roimh cheapachán Dara Calleary.
“Más é Dara Calleary an t-aire sinsearach níl aon ghá le haire stáit don Ghaeltacht – tá an saineolas, an tuiscint agus an taithí aige. Is ó chontae Gaeltachta é, tá gach rud a theastaíonn ó aire Gaeltachta aige,” a dúirt Julian de Spáinn.
“Bíonn sé le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, feicfidh tú é ag Oireachtas na Gaeilge. Táimid ag plé leis ar feadh blianta fada agus tá suim aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus tuiscint aige orthu.
“Má bhíonn aire stáit ann beidh na fadhbanna céanna ann – agus ní cáineadh é seo ar aon aire stáit Gaeltachta roimhe seo – maidir le cumhacht, go háirithe aimsir an bhuiséid.
“Chonaic muid é sin sa rialtas deireanach sa mhéid mór maoinithe a fuair cúrsaí ealaíon, a raibh an t-aire sinsearach ag plé go díreach leo, i gcomparáid leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.”
Tá Gaeilge ag seachtar a bheidh ag Bord an Rialtais, seisear ó Fhianna Fáil agus duine amháin ó Fhine Gael. Is iad an seisear ó Fhianna Fáil, Dara Calleary, an Taoiseach féin, Micheál Martin, an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, an tAire Aeráide agus Iompair, Darragh O’Brien, an tAire Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas, Norma Foley agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers.
An tAire Cumarsáide Ealaíon agus Meán, Patrick O’Donovan, an t-aon duine de sheachtar airí Fhine Gael a bhfuil dóthain Gaeilge aige le hagallamh beo a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge.
Iar-airí stáit Gaeltachta iad O’Donovan agus Jack Chambers agus chaith Dara Calleary tamall gearr sa phost sin chomh maith.
Chaill an t-aire stáit Gaeltachta deireanach, Thomas Byrne,
Tá roinnt Gaeilge freisin ag duine de na sár-airí sóisearacha nua, Hildegarde Naughton, a bheidh freagrach as daoine atá faoi mhíchumas.
Toghadh Micheál Martin inné ina Thaoiseach den dara huair.
95 Teachta Dála a vótáil ar son a ainmniúcháin agus 76 a vótáil ina choinne.
Beidh Martin ina Thaoiseach go dtí mí na Samhna 2027 nuair a thiocfaidh ceannaire Fhine Gael agus an Tánaiste nua Simon Harris i gcomharbacht air.
Dúirt sé gur “onóir an-mhór” a bhí ann dó féin a bheith ainmnithe “le bheith ina cheannaire ar an Rialtas i bpoblacht a bhí saor, daonlathach agus ilghnéitheach”.
Agus séala a oifige faighte in Áras an Uachtaráin aige, d’fhill sé ar Dháil Éireann agus d’fhógair sé a chuid airí.
Fág freagra ar 'Fáilte mhór curtha roimh cheapachán Dhara Calleary ina aire Gaeltachta, Gaeilge ag seachtar airí nua'