Fáilte don éan is binne ar chraobh – an chuach

Luaitear an chuach go minic i litríocht na Gaeilge agus i seanchas na hÉireann

Fáilte don éan is binne ar chraobh – an chuach

Ghlaoigh éisteoir ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite ag rá go raibh an chuach le cloisteáil i mBearna.

Fáilte don éan is binne ar chraoibh, a bhí fonn ormsa a rá, mar a dúirt an file Séamas Mac Cuarta fadó.

Faraor ní raibh Séamas bocht in ann an chuach a fheiceáil. Dall a bhí ann.

Chuimhnigh mé freisin ar líne atá in Amhrán Mhaínse: ‘le linn don chuach a bheith ’goiriúint is gach duilliúr glas a’ fás’.

D’athraigh cuid de na fonnadóirí an líne sin go dtí ‘le linn don chuach a bheith seinm cheoil’.

Mhill siad é lena rá ar bhealach eile.

Níl a fhios agam ar ina shuí nó ina sheasamh a bhí an té a chuala an chuach i mBearna. Níl a fhios agam ach an oiread cé acu sa gcluas dheas nó sa gcluas chlé a chuala sé í.

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag freagraí na gceisteanna sin ar an gcineál saoil a bheas aige i rith na bliana.

Creideadh in Éirinn le fada dá gcloisfeá an chuach den chéad uair an bhliain sin i do chluas dheas go mbeadh an t-ádh i ndán duit i rith na bliana ar fad.

A mhalairt a tharlódh dá mba sa gcluas chlé a chloisfeá í.

Bhí sé ina chreideamh in Éirinn, sa mBreatain agus in áiteanna ar Mhór-roinn na hEorpa dá mbeadh airgead i do phóca nuair a chloisfeá an chuach ar dtús nach mbeadh aon easpa airgid ort an chuid eile den bhliain.

Níor mhaith dhuit í a chloisteáil agus tú ar bholg folamh nó roimh do bhricfeasta. Ocras a leanfadh é.

Théidís níos faide ná sin i mbaile Perigòrd sa bhFrainc mar go ndeiridís dá gcloisfeá an chuach agus gan aon ghreim ite agat nach mbeadh ionat ach leadaí díomhaoin go deireadh do shaoil.

Dá gcloisfeá an chuach agus tú cromtha nó i reilig gheobhadh duine de do mhuintir bás sula mbeadh an bhliain istigh.

Ní raibh sé ádhúil í a chloisteáil trí dhoras nó trí fhuinneog oscailte.

B’fhearr leo in iarthar Chorcaí an chuach a chloisteáil rompu seachas ina ndiaidh.

Chaithfeadh sé go raibh muintir chontae an Chláir níos diaganta ná dreamanna eile mar d’abraídís paidir ar chloisteáil na cuaiche dóibh.

Níorbh é an chéad sampla é i stair na nGael ar ndóigh de phisreoga agus den Chríostaíocht a bheith ag teacht le chéile.

Cé chomh luath agus a thagann an chuach go hÉirinn ar aon bhealach? D’fheicfeá litreacha sna nuachtáin blianta eile nuair a tharlaíodh sé. Ní fhaca mé aon cheann acu le gairid.

An bhféadfadh sé gur cuach faoi leith í cuach Bhearna?

Creideadh sa meánaois gur Lá Fhéile Pádraig a thagadh an chuach. Ceapadh go luíodh sí ar spuaic na hArdeaglaise in Ard Mhacha agus go dtosaíodh sí ag goiriúint le héirí na gréine.

Níor mhaith le daoine an chuach a chloisteáil Lá Bealtaine. Ansin aríst tá an oiread pisreog ag baint le Lá Bealtaine gur mór é a leath.

Bhíodh Féile na Cuaiche acu i mbaile Tewydnek (Tovednack) i gCorn na Breataine ar an 28 Aibreán. Thosaigh an nós ann fadó nuair a chuaigh drochaimsir an gheimhridh chomh fada sin amach sa mbliain.

Las fear de bhunadh an bhaile morc mór tine agus chuir sháigh sé blocán de chrann inti. Nuair a bhí muintir an bhaile ag ól agus ag canadh timpeall na tine d’éirigh éan as an mblocán agus cu-cú, cu-cú á rá aici.

Ba é an míniú a bhí acu air gur i seanchrainnte folmha a chaitheadh na cuacha an geimhreadh.

Is iondúil go n-imíonn an chuach uainn gan aireachtáil. Bhí sé ina thraidisiún in Éirinn nach mbíonn sí le cloisteáil tar éis an 29 Meitheamh.

Nuair a bhí Naomh Eoin le cur chun báis, a deirtí, bhí an chuach ag goiriúint i gcaitheamh an lae. Bhí an naomh chomh bodhraithe aici sa deireadh gur iarr sé uirthi éirí as.

Luaitear an chuach go minic i litríocht na Gaeilge. Tá cur síos uirthi i ndán faoi Fhionn Mac Cumhaill. Dúirt Oisín mac Fhinn gur bhreá leis glór na gaoithe, na cuaiche agus an loin dhuibh. Tá sí molta i scéal Dhiarmaid agus Gráinne.

Mar bhuille scoir, seo cuid de na háiteanna atá ainmnithe as an gcuach: Droim na Cuaiche i Longfort, Cnoc na gCuach i dTiobraid Árann, Cnocán na gCuach i Luimneach, Cloch na Cuaiche i dTír Chonaill.

An bhfuil sé in am Bearna na Cuaiche a bhaisteadh ar Bhearna na Gaillimhe?

Fág freagra ar 'Fáilte don éan is binne ar chraobh – an chuach'