Fáilte curtha roimh fhiosrúchán nua faoi bhás naíonáin ag an té a tháinig ar a corp

Tháinig Uinsionn Mac Dubhghaill, léachtóir ollscoile, ar chorp an linbh, Noleen Murphy, i nDún Laoghaire i 1973, nuair a bhí sé 11 bliain d’aois

Fáilte curtha roimh fhiosrúchán nua faoi bhás naíonáin ag an té a tháinig ar a corp

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá fáilte curtha ag Gael aitheanta a tháinig ar chorp linbh 47 bliain ó shin roimh fhiosrúchán nua faoin chás.

Tháinig Uinsionn Mac Dubhghaill, léachtóir le cumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gConamara, ar chorp an linbh, Noleen Murphy, i nDún Laoghaire i 1973, nuair a bhí sé 11 bliain d’aois.

I ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie, dúirt Mac Dubhghaill go raibh sé ag súil go mbeidh “toradh” ar an fhiosrúchán nua.

“Tá mé ag smaoineamh inniu ar an gcailín óg ar rugadh leanbh di na blianta fada ó shin agus a d’fhulaing ar feadh a saoil de bharr dúnmharú brúidiúil an linbh sin. Tá súil agam go n-éireoidh léi sólás agus suaimhneas intinne a aimsiú ar deireadh thiar thall,” a dúirt sé.

Agus tús curtha le fiosrúchán nua, tá achainí eile á déanamh ag na Gardaí ar an phobal aon eolas a bhaineann leis an chás a chur ar fáil.

Chuir Mac Dubhghaill síos roimhe seo ar an lorg a d’fhág an eachtra ar a shaol ar feadh na mblianta ina dhiaidh.

I mála plaisteach glas i lána carrchlóis i nDún Laoghaire a tháinig Mac Dubhghaill agus a chara ar chorp an linbh.

Fuarthas sa scrúdú iarbháis a rinneadh ar chorp Noleen Murphy gur sádh le biorán cniotála í daichead uair agus gan ach í ach lá amháin ar an saol.

Tá máthair an linbh, Cynthia Owen, a bhí 11 bliain d’aois tráth ar saolaíodh a páiste, ag impí ar dhaoine teacht chun tosaigh má tá aon eolas acu faoin scéal. Dúirt sí go gcreideann sí go bhfuil daoine ann a bhfuil eolas acu a chuideodh leis an fhiosrúchán.

Theip ar an chéad fhiosrúchán a rinne na Gardaí i 1973. Tuigtear nár bailíodh aon sampla DNA agus gur cailleadh fianaise agus cuireadh deireadh leis an fhiosrúchán i ndiaidh roinnt seachtainí.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh fhiosrúchán nua faoi bhás naíonáin ag an té a tháinig ar a corp'