Fáilte curtha roimh fhilleadh bhord Údarás na Gaeltachta

Bhí an seachtar comhaltaí nua, an cathaoirleach eatramhach Mary Uí Chadhain san áireamh, i láthair ag an gcéad chruinniú de bhord nua an Údaráis

Fáilte curtha roimh fhilleadh bhord Údarás na Gaeltachta

Bhí a chéad chruinniú inniu ag bord nua Údarás na Gaeltachta, an bord deireanach a bheidh ann sula dtabharfar ar ais toghchán an Údaráis an bhliain seo chugainn.

An cathaoirleach sealadach, Mary Uí Chadhain, a bhí i bhfeighil an chruinnithe agus an cúigear comhaltaí nua a d’ainmnigh na húdaráis áitiúla i láthair- Anthony Molloy; Joe Conway; Pádraic Ó Conaire; Breandán Mac Gearailt agus Pádraig Mac an Iomaire.

I láthair freisin bhí Debra Ní Shúilleabháin, atá athcheaptha ar an mbord.

Bhí Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan aon bhord ó thús na bliana.

Dúirt Mary Uí Chadhain gur údar sásaimh di agus do na comhaltaí eile go bhfuil an bord ag gníomhú arís.

“Is údar sásaimh dúinn é go bhfuil muid ar ais arís i mbun obair thábhachtach bhord Údarás na Gaeltachta ag iarraidh saol sóisialta agus eacnamúil na Gaeltachta a fheabhsú, agus muid airdeallach i gcónaí ar chaomhnú agus ar neartú na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta.”

Tá cúigear comhaltaí eile fós le ceapadh ar an mbord tríd an gcóras ceapacháin phoiblí ach bhí cuid mhaith doiléire ag baint le fógairt na bhfolúntas.

D’fhógair Roinn na Gaeltachta ar dtús go raibh seacht bhfolúntas le líonadh, ceann an chathaoirligh san áireamh, ach deimhníodh ansin do Tuairisc an mhí seo nach raibh ach cúig cinn d’fholúntais i gceist.

Ligeadh don bhord deiridh dul in éag i mí Eanáir gan aon chomhaltaí a bheith ceaptha ar an mbord nua. Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios go raibh bord eatramhach le ceapadh, is léir anois go mbeidh na comhaltaí a ceapadh an mhí sa caite ar an mbord go dtí go dtabharfar ar ais toghchán an Údaráis, rud a ghealltar a dhéanfar taobh istigh de dhá bhliain.

Chuir Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, fáilte roimh fhilleadh an bhoird inniu.

“Tá pleananna agus tograí uaillmhianacha idir lámha ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire, obair nach bhféadfaí a chur i gcrích gan bord láidir agus gníomhach. Is údar misnigh dúinn go mbeidh muid ábalta brú chun cinn le cur i bhfeidhm na bpleananna sin.

“Ta súil againn freisin nach mbeidh sé i bhfad go gceapfar breis comhaltaí tríd an tSeirbhís um Cheapúchán Poiblí, agus go mbeidh bord iomlán Údarás na Gaeltachta i mbun oibre, ag cur straitéis na heagraíochta chun cinn.”

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh fhilleadh bhord Údarás na Gaeltachta'