Fáilte curtha roimh dhiúltú cead pleanála do thuirbín gaoithe i gceantar Gaeltachta

Fógraíodh le gairid go raibh diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas tuirbín a bheadh breis is 120m ar airde a thógáil ar an mBóthar Buí in Indreabhán i gConamara

Fáilte curtha roimh dhiúltú cead pleanála do thuirbín gaoithe i gceantar Gaeltachta

Tá fáilte curtha ag lucht feachtais roimh chinneadh gan cead pleanála a thabhairt le tuirbín gaoithe a thógáil i gceantar Gaeltachta.

Fógraíodh le gairid go raibh diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas le tuirbín gaoithe a bheadh breis is 120m ar airde a thógáil ar an mBóthar Buí in Indreabhán i gConamara.

Bhain conspóid mhór leis an iarratas pleanála sa phobal áitiúil agus seoladh breis is 100 aighneacht i bhfabhar agus i gcoinne na forbartha chuig an gComhairle Contae.

Dúirt an grúpa ‘Pobal in Aghaidh Tuirbín Gaoithe’ ar an mBóthar Buí go raibh “ríméad” orthu tar éis dóibh a chloisteáil go raibh an t-iarratas ón gcomhlacht Natural Forces diúltaithe ag an gComhairle Contae.

“Cuireann Pobal in Aghaidh Tuirbín Gaoithe ar an mBóthar Buí, fáilte roimh chinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a dhiúltú don Tuirbín Gaoithe a bhí beartaithe ag Natural Forces a thógáil ar an mBóthar Buí ar an gCnoc in Indreabhán,” a dúirt urlabhraí ón ngrúpa.

“Ba mhaith leis an nGrúpa, buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a thug tacaíocht dá bhfeachtas agus a chuir aighneacht isteach in aghaidh an iarratais pleanála seo. Dar leis an ngrúpa go bhfuil sé soiléir nár chóir a leithéid de thogra a bheith á fhorbairt i gcóngar do thithe cónaithe.”

D’fhéadfadh Natural Forces cás a thabhairt go dtí an Bord Pleanála más mian leo achomharc a dhéanamh.

Is é seo an dara huair ag an gcomhlacht iarratas ar chead pleanála a dhéanamh do thuirbín gaoithe ar an mBóthar Buí. Tarraingíodh siar iarratas don suíomh céanna níos luaithe in 2021. Tá an suíomh a bhí beartaithe ag an gcomhlacht ó thuaidh d’fheirm ghaoithe atá ar an mbóthar sin cheana féin.

Faoi láthair, caithfidh tuirbín gaoithe a bheith ar a laghad 500m ó theach cónaithe chun cead pleanála a fháil ach tá an grúpa Pobal in Aghaidh Tuirbín Gaoithe ar an mBóthar Buí ag iarraidh go n-athrófaí sin go dtí idir 2-5km.

Tá imní léirithe cheana ag grúpaí sa cheantar faoin méadú suntasach atá tagtha ar líon na limistéar i gceantar Cois Fharraige atá aitheanta ag an gComhairle Contae mar áiteanna ina bhféadfaí tuirbíní gaoithe a thógáil.

Tá comhairleoirí contae le plé a dhéanamh an tseachtain seo ar cheist na zónála atá beartaithe d’fheirmeacha gaoithe i gCois Fharraige sa dréachtphlean chontae.

Moladh i dtuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar an Dréachtphlean Forbartha Contae go bhféadfaí crios maolánach 4km a bheith ann feadh chósta Chois Fharraige, áit nach molfaí feirmeacha gaoithe a thógáil ann.

Tá grúpa pobail eile sa cheantar, an Coiste um Zónáil Tuirbíní Gaoithe Chois Fharraige ag iarraidh go méadófaí an crios sin go dtí 6km ar a laghad.

“Ina theannta sin iarraimid ar na comhairleoirí go ndéanfaí gach zónáil d’fheirmeacha gaoithe i gCois Fharraige ar feadh achar 6km ón gcósta a bhaint den Phlean Forbartha Contae. Tá an daonra ag méadú i nGaeltacht Chois Fharraige agus ba cheart feirmeacha gaoithe a choinneáil amach ó thithe agus ó shuíomhanna do thithe,” a dúirt urlabhraí ón gcoiste.

Tá iarrtha freisin acu go dtaispeánfaí na léarscáileanna fuinnimh gaoithe leasaithe do Chois Fharraige sa leabharlann áitiúil a luaithe a bheidh siad réitithe ag an gComhairle.

Dhiúltaigh Comhairle Contae Dhún na nGall le gairid cead pleanála a thabhairt chun feirm ghaoithe a fhorbairt sa Ghaeltacht Láir.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh dhiúltú cead pleanála do thuirbín gaoithe i gceantar Gaeltachta'