‘An fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge’ ó thuaidh le comhlíonadh faoi dheireadh – coimisinéir le ceapadh

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur chóir aitheantas a thabhairt do na “scórtha mílte Gael” a bhí i mbun feachtasaíochta agus a “thug dúshlán an stáit arís agus arís eile” i gcaitheamh na mblianta agus tús curtha faoi dheireadh le hearcú na gCoimisinéirí

‘An fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge’ ó thuaidh le comhlíonadh faoi dheireadh – coimisinéir le ceapadh

Pobal “radacach, fadradharcach, agus neamheaglach” a thug ar an bhFeidhmeannas ó thuaidh “ceann de na forbairtí is mó agus is stairiúla i stair na Gaeilge” a dhéanamh, dar le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, agus é fógartha ag Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill go gcuirfear tús le próiseas ceapacháin an Choimisinéara Gaeilge.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, a toghadh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua” agus gur uaidh sin a thiocfaidh “gach feidhm eile” de chuid an Achta. Bhí Mac Giolla Bhéin féin lárnach san fheachtas a bhí ar bun ag an Dream Dearg agus ag Conradh na Gaeilge le hAcht Gaeilge a bhaint amach sa Tuaisceart.

Dúirt sé gur chóir aitheantas a thabhairt do na “scórtha mílte Gael” a bhí i mbun feachtasaíochta agus a “thug dúshlán an stáit arís agus arís eile” i gcaitheamh na mblianta.

“Níor tháinig athruithe móra den leibhéal seo gan gníomh pobalbhunaithe atá eagraithe agus tiomanta, nó mar a dúirt iarUachtarán Chonradh na Gaeilge Gearóid Ó Cairealláin – gluaiseacht agus pobal atá ‘radacach, fadradharcach agus neamheaglach,” a dúirt sé.

Gheall Mac Giolla Bhéin go mbeidh Conradh na Gaeilge “ag obair, ag eagrú, agus ag brú” le go gceapfaí an Coimisinéir nua “chomh luath agus atá an comórtas poiblí curtha i gcrích”.

“Níl aon amhras orm, má bhíonn an toil pholaitiúil ann, gur féidir le Coimisinéir láidir, a dhíríonn ar an dea-chleachtas, an stát ó thuaidh a athrú ó bhonn, agus muid ag tabhairt céim ollmhór níos cóngaraí don chomhionannas a gealladh dúinn síos fríd na blianta,” a dúirt sé.

Tá fáilte curtha ag an Dream Dearg freisin roimh an scéala go bhfuil tús le cur le hearcú Coimisinéir Gaeilge sa Tuaisceart sna laethanta atá amach romhainn.

Dúirt an Dream Dearg gur “forbairt stairiúil” a bhí san fhógra agus gur “bua ollmhór” a bhí ann don ghrúpa feachtais atá ag feachtasaíocht ar son reachtaíocht teanga sa Tuaisceart le breis agus deich mbliana anuas.

“Forbairt stairiúil agus céim chun tosaigh a dúirt cuid mhór nach dtarlódh riamh. Bua ollmhór a d’eascair as feachtas pobalbhunaithe ‘Acht Anois’ ar son cearta, cothromas, agus cóir.

“Tréaslaímid le gach duine a shiúil, a throid linn, agus a sheas an fód. Comhghairdeachas libh ar fad. Cloch mhíle iontach suntasach agus tús le haistear agus dúshláin úra. Tá muid ag dúil le bheith ag obair leis an Choimisinéir úr agus le cearta agus dul chun cinn a chinntiú dár bpobal,” a dúradh i ráiteas ón ngrúpa.

D’fhógair Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill, oíche Dé Céadaoin go raibh “lúcháir” uirthi a fhógairt go raibh tús á chur leis an bpróiseas ceapacháin don Choimisinéir Gaeilge agus do Choimisinéir Ultaise.

“Tá [na ceapacháin] ina ndlúthchuid de chur i bhfeidhm an Achta Teanga agus Féiniúlachta agus ba mhaith liom fáilte a chur roimh an dul chun cinn ar an gceist seo. Tá mé tiomanta saibhreas agus éagsúlacht ár dteangacha agus ár gcultúir a cheiliúradh agus a chur chun cinn,” a dúirt O’Neill.

Chuir an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly fáilte roimh an bhfógra freisin agus dúirt gur theastaigh uaithi go gcuirfeadh an oiread daoine agus ab fhéidir isteach ar na poist.

Gealladh go gceapfaí Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a síníodh in 2020. Tugadh an reachtaíocht isteach a chuir bonn faoin gcomhaontú dhá bhliain ina dhiaidh sin ach bhí moill ar cheapachán na gcoimisinéirí nua ó shin. Cuireadh moill mhór ar chúrsaí nuair a d’fhág an DUP Stormont mar gheall ar na socruithe Brexit a bhí le cur i bhfeidhm.

Is é an ról an bheidh ag an gCoimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.

Beidh lámh ag an gCéad-Aire agus ag an LeasChéad-Aire araon i gceapachán na gcoimisinéirí nua.

Fág freagra ar '‘An fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge’ ó thuaidh le comhlíonadh faoi dheireadh – coimisinéir le ceapadh'