Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh cómhaoiniú do €262,900 atá ceadaithe ag Údarás Fuinnimh Inmharthanta na hÉireann (SEAI) chun tacú le clár infheistíochta caomhnaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Ceadaíodh an maoiniú faoin scéim ‘Pobail Fuinnimh Níos Fearr’ chun tacú le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as fuinneamh trí chostas agus úsáid fuinnimh a ísliú.
Rinne an tÚdarás iarratas ar mhaoiniú chun clár infheistíochta sábháil fuinnimh a chur i bhfeidhm do 17 dtogra Gaeltachta a bhfuil baint acu leo.
Tá costas iomlán de €688,545 ar an bplean infheistíochta seo, agus déanfar é a mhaoiniú tré sholáthar €262,900 ó SEAI, €329,000 ón Údarás agus €103,000 ó na comhlachtaí agus agus na grúpaí atá páirteach ann.
Mar chuid d’obair an phlean, déanfar uasghrádú coire, insliú ballaí, síleáil agus tanc uisce agus uasghrádú ar fhuinneoga agus doirse. Tabharfar isteach chomh maith córais bhainistithe soilse agus córais smachtaithe ar théitheoirí.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, go raibh an clár infheistíochta “thar a bheith tábhachtach ó thaobh sábhála fuinnimh de do ghnóthaí chun tacú leis na gcostais a ísliú, le cur le cumas iomaíochta na gnóthaí agus le caomhnú fostaíochta dá réir”.
Na tograí atá roghnaithe:
Co Dhún na nGall |
Oifigí an Údaráis Ghaoth Dobhair |
Áislann Gaoth Dobhair |
Aonad 1 (Uppiddee Teo.), Na Dúnaibh |
Aonad 3 (Feidhm Mara Teo.), An Fál Carrach |
RA Pacáistí Teo., Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair |
Snáth Dhún na nGall, Cill Charthaigh |
Oileán Glas Teo., Cill Charthaigh |
Faisc Miotail Éireann Teo., Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair |
Áras Ghaoth Dobhair |
Co Mhaigh Eo |
Aonad Fiontraíochta, An Eachléim |
Iarfhoirgnimh Warners, Béal an Mhuirfead |
Co na Gaillimhe |
Árd Oifig, Na Forbacha |
Aonad Fiontraíochta, Ros Muc |
Co Chiarraí |
Eastáit Bhaile na Buaille |
Eastáit Bhaile an Mhuilinn |
Co Chorcaí |
Eastáit Bhaile Bhúirne |
Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag ÚnaG roimh mhaoiniú do chlár infheistíochta sábháil fuinnimh do 17 dtogra Gaeltachta'