Fáilte curtha ag eagraíochtaí Gaeilge roimh chinneadh stop a chur le bogadh Páipéar a hAon na hArdteiste

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge agus Gaeloideachas roimh chinneadh an Aire Oideachais gan dul ar aghaidh leis an gcinneadh Páipéar a hAon scrúdú Gaeilge na hArdteiste a bhogadh go dtí deireadh an chúigiú bliain

Fáilte curtha ag eagraíochtaí Gaeilge roimh chinneadh stop a chur le bogadh Páipéar a hAon na hArdteiste

Tá ráite ag eagraíochtaí teanga agus gaeloideachais gur “bua mór” a bhí i gcinneadh an Aire Oideachais stop a chur lena plean Páipéar 1 scrúdú Gaeilge na hArdteiste a thabhairt chun cinn go dtí an cúigiú bliain.

Fógraíodh inné go raibh an plean conspóideach, a bhí le teacht i bhfeidhm an bhliain seo chugainn, le cur siar ar feadh bliana agus tuilleadh machnaimh le déanamh faoi.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge agus Gaeloideachas roimh chinneadh an Aire agus deir an dá dhream nach raibh aon bhunús leis an gcinneadh Páipéar a hAon a bhogadh go dtí deireadh an chúigiú bliain.

“Ní raibh aon bhunús eolaíoch ná oideachasúil leis an moladh, agus ní dhearnadh aon anailís ar na himpleachtaí d’eispéireas foghlama an scoláire, do theagasc agus foghlaim na teanga síos tríd an gcóras oideachais, ná do thodhchaí agus stádas na teanga,” a dúirt urlabhraí ó Ghaeloideachas.

Dúradh go raibh sé ríthábhachtach gach deis a chur ar fáil do scoláirí a gcuid scileanna sealbhaithe teanga a fhorbairt agus a fheabhsú sula dtabharfaidís faoin gceapadóireacht agus an chluastuiscint a bhíonn i gceist le Páipéar 1.

“Tá an cinneadh ceart déanta ag an Aire Oideachais gan leanúint leis an gcinneadh. Tá súil againn go dtógfar tuairimí na n-oideoirí, an phobail agus na n-eagraíochtaí tacaíochta san áireamh agus anailís ar bun maidir le leasuithe ar an tSraith Shinsearach.”

Deir an tAire gur curtha ar athlá atá an cinneadh faoin moladh Páipéar a hAon a bhogadh chun cinn, deir Conradh na Gaeilge gur chóir an plean a chaitheamh i dtraipisí uile agus plean cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt.

“Le pleananna do Pháipéar a hAon anois curtha siar, na moltaí do na sonraíochtaí T1/T2 don Ardteist le cur ar leataobh agus na drochthorthaí atá le foilsiú i dtuarascáil go luath faoi shonraíochtaí nua T1/T2 Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ar fad san áireamh, tá deis iontach ag an Aire Oideachais cinneadh a dhéanamh le cur chuige nua a ghlacadh agus polasaí #Gaeilge4All a chur i bhfeidhm,” a dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.

“Bheadh sé seo ag teacht le gealltanas Fhianna Fáil san olltoghchán in 2020 agus leis an tagairt don pholasaí sin sa Chlár Rialtais.”

Bhí Gael Linn, An Gréasán, Aontas Múinteoirí Éireann, Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre i measc na ndreamanna eile a bhí ag éileamh nach rachadh an tAire Foley ar aghaidh leis an bplean.

Tháinig sé chun solais anuraidh gur chuir Príomh-Chigire na Roinne an moladh go ndéanfaí cuid den Ardteist ag deireadh an chúigiú bliain i láthair mar ‘easy win’ a d’fhéadfadh an tAire Foley a fhógairt mar chuid d’athbhreithniú ar an tsraith shinsearach.

I gcáipéisí a fuair Conradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léiríodh go raibh imní mhór ar oifigigh shinsearacha sa Roinn Oideachais, i gCoimisiún Scrúduithe an Stáit agus sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin moladh na scrúduithe a athrú.

Mhaígh tAire Oideachais go raibh na pleananna bunaithe ar aiseolas a bhí faighte ó scoláirí agus ó thuismitheoirí faoin strus a bhain leis na scrúduithe a dhéanamh in achar cúpla seachtain.

Tá tuilleadh plé le déanamh ar an nGaeilge sna scrúduithe stáit i dTithe an Oireachtais inniu. Tá cruinniú ag Coiste Gaeilge an Oireachtais faoi Pháipéar T2 na sraithe sóisearaí.

Tá conspóid ag baint leis an siollabas nua T2 don Teastas Sóisearach, a mhúintear i scoileanna lán-Bhéarla, agus roinnt mhaith múinteoirí den tuairim go bhfuil an scrúdú i bhfad róchasta, ródheacair agus rótheibí don ghnáthdhalta Gaeilge.

“Fuath don teanga ag fás in ionad grá a bheith á chothú don Ghaeilge” an toradh a bheadh ar an gcúrsa nua T2, a dúirt múinteoir amháin nuair a pléadh an cheist i dTeach Laighean anuraidh.

Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit le teacht os comhair Choiste na Gaeilge chun an scéal a phlé inniu.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag eagraíochtaí Gaeilge roimh chinneadh stop a chur le bogadh Páipéar a hAon na hArdteiste'