Fáilte curtha ag COGG roimh chóras nua do scrúdú cainte na gcoláistí oiliúna

Roimhe seo bhíodh ar iarrthóirí ar an gcúrsa iarchéime sa bhunmhúinteoireacht trí scrúdú cainte Gaeilge a dhéanamh in aon lá amháin

Fáilte curtha ag COGG roimh chóras nua do scrúdú cainte na gcoláistí oiliúna

Tá fáilte curtha ag an gComhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh chóras nua don scrúdú cainte do dhaoine atá ag iarraidh iarchéim sa mhúinteoireacht bunscoile a dhéanamh sna coláistí oiliúna.

Roimhe seo bhíodh ar iarrthóirí ar an gcúrsa trí scrúdú cainte Gaeilge a dhéanamh in aon lá amháin (do na hinstitiúidí éagsúla), ach faoin gcóras nua a d’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh an tseachtain seo, scrúdú comónta amháin a bheidh ann feasta do na coláistí go léir.

Dúirt Príomhfhedhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin gur “céim an-dearfach chun tosaigh” a bhí sa chóras nua a bheidh á riaradh ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

“Agus scrúdú caighdeánaithe amháin ann, beidh an córas níos fearr, beidh níos mó trédhearcachta ann agus ba chóir go mbeadh toradh níos fearr air. D’fhéadfadh go mbeadh caighdeán níos airde Gaeilge acu siúd a n-éiríonn leo an cháilíocht a bhaint amach dá bharr, agus sin é an rud is tábhachtaí,” a dúirt Muireann Ní Mhóráin.

Cuirtear Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas Bunscoile ar fáil in DCU, Ollscoil Mhaigh Nuad, Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál.

Is é Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad a dhéanfaidh an scrúdú cainte Gaeilge nua a riaradh agus scrúdú Teastas Eorpach Gaeilge (TEG) a bheidh ann. Beidh an scrúdú ar siúl den chéad uair i mí Feabhra 2019. Ach an scrúdú a bheith déanta acu cuirfidh iarrthóirí isteach ansin ar a rogha institiúide.

Mhol na hinstitiúidí go mbeidh costas €65 in aghaidh an iarrthóra ag baint leis an scrúdú cainte Gaeilge nua.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh inniu go raibh áthas air go ndéanfaí táille an scrúdaithe cainte a aisíoc le mic léinn atá ar chlár PATH.

“Chomh maith leis sin, creidim go ndéanfaidh aon scrúdú cainte caighdeánaithe Gaeilge amháin go leor chun an imní agus an brú a laghdú agus go gcabhróidh sé le mic léinn ionchasacha a ndícheall a dhéanamh,” a dúirt McHugh.

Dúirt an tAire Stáit um Ard-Oideachas, Mary Mitchell O’Connor T.D. gur “forbairt dhearfach í seo do mhic léinn”.

“Cuirim fáilte roimh chomhoibriú agus comhordú na n-institiúidí ardoideachais don scrúdú béil nua seo a laghdóidh an strus a bhíonn ar mhic léinn ina leith,” arsa an tAire Stáit um Ard-Oideachas.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag COGG roimh chóras nua do scrúdú cainte na gcoláistí oiliúna'

  • Sibéal

    Deascéal!

    Tá an ceart ar fad an na coláistí oideachais an córas TEG a úsáid chun caighdeán Gaeilge na niarratasóirí dos na cúrsaí bunmhúinteoireachta a mheas.

    Níl scrúdú Gaeilge na hArdteiste oibiachtúil ar cor ar bith toisc na torthaí a bheith faoi smacht go hiomlán ag clogchuar Choimisiúin na Scrúduithe Stáit. Ní bhíonn mórán athrú ar na torthaí Ardteiste ó bhliain go bhliain de bharr an clogthuair chéanna.

    Tá fhios ag an saol gur cúrsa gan bhrí atá sa scrúdú Gaeilge Ardleibhéal Adteiste agus nach dtugann an cúrsa sásamh intleachtúil ar bith do dhaltaí na Gaeltachta, na nGaelcholáistí nó go dhaltaí atá á dtógáil le Gaeilge ach atá ag freastal ar scoil Bhéarla.