Fáilte curtha ag an Seanadóir Ó Donnghaile roimh mholadh na Náisiún Aontaithe

Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Niall Ó Donnghaile (SF) roimh an scéala go bhfuil molta ag na Náisiúin Aontaithe Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh

30/06/2016. Sinn Fein National Forum. Pictured (L to R) Sinn Fein President Gerry Adams le Niall O Donnghaile. Pictiúr: RollingNews.ie
Gerry Adams le Niall O Donnghaile. Pictiúr: RollingNews.ie

Dúirt Ó Donnghaile, a toghadh ina Sheanadóir ar an bPainéal Riaracháin den chéad uair i mbliana, gur “díol díomá” é nach bhfuil Acht Gaeilge tugtha isteach ó mhol na Náisiúin Aontaithe go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach den chéad uair sa bhliain 2009.

“Is díol díomá é go bhfuil muid go fóill ag fanacht le hAcht Gaeilge, seacht mbliana i ndiaidh gur foilsíodh an tuarascáil dheireanach de chuid na Náisiún Aontaithe – tuarascáil a mhol Acht Gaeilge an uair sin fosta.

“Tá dualgas ar Rialtas na Breataine cearta teanga a chomhlíonadh agus a chinntiú. I láthair na huaire, tá ag teip ar Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge,” a dúirt sé.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir an tseachtain seo, dúradh gur údar imní a laghad “beartas éifeachtúil” atá ag an Stát leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Dúirt an Coiste, arís eile, gur údar imní é go bhfuil cosaint dlí ag an nGáidhlig agus ag an mBreatnais ach go bhfuil an Ghaeilge fós gan an chosaint chéanna aici. Mhol lucht an Choiste arís go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach a chuirfeadh an teanga agus a hoidhreacht chultúir chun cinn.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag an Seanadóir Ó Donnghaile roimh mholadh na Náisiún Aontaithe'