‘Faillí’ á déanamh ag Foras na Gaeilge i leith scríbhneoirí na Gaeilge

Deir Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go bhfuil ‘creimeadh leanúnach’ á dhéanamh ar ‘stádas’ scríbhneoirí na Gaeilge agus nach bhfuil Foras na Gaeilge ag tacú leo mar ba cheart

Foras na Gaeilge

“Comhartha dímheasa” ar scríbhneoirí na Gaeilge iad na ciorruithe atá déanta ar earnáil litríocht na Gaeilge, dar le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

Ag Cruinniú Cinn Bhliana Aontas na Scríbhneoirí, cháin baill an Aontais na ciorruithe atá déanta ar mhaoiniú Oireachtas na Gaeilge agus an titim i nduaischiste Chomórtais Liteartha an Oireachtais go háirithe.

Maíonn Aontas na Scríbhneoirí go bhfuil an duaischiste sin tite ó €60,000 in 2008 go €31,000 in 2015.

“Tuigeann Aontas na Scríbhneoirí gur gearradh siar ar mhaoiniú an Fhorais féin le blianta anuas, ach tá gearradh siar níos mó déanta ar earnáil na litríochta ná mar atá ar earnálacha eile agus goilleann sin ar na scríbhneoirí,” a dúirt Cathaoirleach an Aontais, Cathal Póirtéir.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go raibh “ciorruithe leanúnacha” déanta ar bhuiséad na heagraíochta féin ó 2006 ach go rabhthas chomh tiomanta céanna do chur chun cinn na litríochta Gaeilge is a bhí riamh.

“Is oth le Foras na Gaeilge an tionchar atá ag ciorruithe leanúnacha ar a ollbhuiséad, atá laghdaithe beagnach 25% ó 2006, ar a chlár oibre agus ar chlár oibre na gCeanneagraíochtaí Gaeilge chomh maith leis na ciorruithe suntasacha atá déanta ar bhuiséad Chlár na Leabhar Gaeilge, atá laghdaithe níos mó ná 40% ó 2008. Cé go bhfuil ár mbuiséad ag laghdú ó bhliain go bliain, níor laghdaigh ár dtiomantas d’earnáil na litríochta agus do scríbhneoirí Gaeilge,” a dúirt urlabhraí Fhoras na Gaeilge.

Dúirt Cathal Póirtéir, áfach, gurb ionann ag scríbhneoirí na Gaeilge na ciorruithe agus “comhartha dímheasa” ar a saothar.

“Bhí sé deacair i gcónaí ar scríbhneoirí Gaeilge luach saothair a bhaint amach, ach tá an creimeadh leanúnach seo ar fhoinsí spreagtha agus aitheantais ag goilliúint go mór ar scríbhneoirí a bhraitheann gur comhartha dímheasa é orthu féin agus ar a saothar,” a dúirt Póirtéir.

Dúirt Rúnaí Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, Éilís Ní Anluain “gur léir go mothaíonn na baill go bhfuil faillí á déanamh ag an Fhoras maidir le tacaíocht láidir leanúnach a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge”.

Dúirt Ní Anluain go mba mhór ag an Aontas deis a fháil chun “an bhuairt atá ar na scríbhneoirí” a phlé le feidhmeannaigh agus le Bord an Fhorais.

Bhí díomá ar leith ar bhaill Aontas na Scríbhneoirí faoin gciorrú a rinneadh ar mhaoiniú na nduaiseanna liteartha i mbliana “go háirithe nuair a bhí súil ann go mbeadh méadú ar dhuaiseanna agus ar choimisiúin le saothar Gaeilge a spreagadh mar chuid de chomóradh an chéid ar 1916”.

Cathal Poirtéir a sheol an leabhar.
Cathal Poirtéir

Dúirt Cathal Póirtéir go raibh “roinnt scéimeanna fiúntacha á riaradh ag an Fhoras”.

Ba léir, áfach, ón méid a dúradh ag cruinniú an Aontais “go bhfuil na baill go láidir den tuairim go mba chóir don Fhoras athmhachnamh ó bhun a dhéanamh chun freastal níos éifeachtaí a dhéanamh ar scríbhneoirí agus ar léitheoirí na Gaeilge”.

Chuir Foras na Gaeilge fáilte roimh iarratas an Aontais ar chruinniú leis an gceist a phlé.

“Is cás linn nach bhfuil ar ár gcumas tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge agus do ghrúpaí eile a dtacaíonn muid leo. Cuirimid fáilte roimh iarratas Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ar chruinniú. Tá iarrtha againn ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge dátaí a chur ar fáil lena haghaidh le go mbeidh plé eadrainn faoin tacaíocht bhreise a d’fhéadfaí a chur ar fáil leis an mbuiséad agus leis na hacmhainní teoranta atá againn,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt an t-urlabhraí gur éirigh leo €200,000 a fháil anuraidh ón gCoimisiún Eorpach don tionscadal Focail Eile agus go raibh €200,000, thar thréimhse trí bliana, á chaitheamh ar an scéim margaíochta Love Leabhar Gaeilge.

Dúradh gur ceadaíodh os cionn €700,000 in 2015 i ndeontais faoi Scéim na bhFoilsitheoireachta agus Scéim na gCoimisiún.

 

 

Fág freagra ar '‘Faillí’ á déanamh ag Foras na Gaeilge i leith scríbhneoirí na Gaeilge'