Faigheann scríbhinn lochtach Southpaw an ceann is fearr ar Gyllenhaal

In ainneoin na háiféise i script Southpaw súitear isteach sinn agus bíonn ardú croí ag baint leis an gcríoch, más dár n-ainneoin féin é

Southpaw

Southpaw

Stiúrthóir: Antoine Fuqua

Cliar: Jake Gyllenhaal, Rachel McAdams, Forest Whitaker, 50 Cent, Oona Laurence, Naomie Harris.

Shamhlóinn go bhfuil iomaire na scannán dornálaíochta rómhartha níos minicí ná aon seánra eile. Chruthaigh leithéidí leithéidí Rocky (1976) agus the The Champ (1931 agus 1979) teimpléid faoi leith gur deacair éalú uathu. Dá fheabhas iad scannáin cosúil le Cinderealla Man (2005) agus The Fighter (2010), leanann siad an múnla seo, ach éiríonn leo é a dhéanmh ar shlí atá spreagúil, nádúrtha agus le craiceann na fírinne ar an scéal. Ní hamlaidh atá anseo, áfach agus murach an taispeántas iontach ó Jake Gyllenhaal, níorbh fhiú an deich triuf an saothar seo.

Ar an drochuair, beireann an táirge seo greim an duine bháite ar gach aon clíse agus ciúta seanchaite: dílleachta a raibh óige tiufáilte sa chóras altramais aige ach tá anois ina churadh dornálaíochta; an laoch céanna ag dul ar bhóthar a aimhleasa tar éis tragóide; a mhaoin shaolta á chailliúint aige; an tseirbhís do chúram leanaí ag tógaint a iníne ar láimh; cabhair á himpí ar shaoiste atá cortha den saol; agus an bheart á dhéanamh aige amach as duibeagán an éadóchais.

Ag tús an scannáin, címid Hope (Gyllenhaal) atá i mbarr a mhaitheasa agus a stádas mar churadh caomhnaithe aige uair amháin eile. Filleann sé ar a thigh mór groí agus a shaol gustalach. Ní fada nó go dtagann an tubaiste go leic an dorais aige. Tá blas láidir den mhéaldráma agus den áiféis ag baint leis an radharc ina n-imíonn a bhean (McAdams – atá le feiscint i láthair na huaire sa tarna sraith de True Detective) ar shlí na fírinne.

Léirítear dúinn go bhfuil Hope gan stiúir gan a leathbhádóir; ligeann sé na maidí le sruth agus tosaíonn ag caitheamh a shaoil go féindíobhálach. Sa deireadh thiar, tógtar a iníon uaidh. Ní srathar na hainnise go dtí é. Cuirtear a iníon i dtigh altramais agus sin buille maraithe na muice do Hope a théann ar bhóthar an athshlánaithe le cabhair ó thraenálaí gaoismhear (Whitaker). Tá lúb ar lár sa scríbhinn seo gan aon agó. Níorbh aon iontas é sin ar shlí mar, cé nach raibh an tsraith The Sons of Anarchy gan a mhaitheasaí, d’imigh saothar sin Kurt Sutter ar bhóléigear go minic. (Mar scéal thairis, ba mhinic Sutter ag dul i muinín na Gaeilge do theidil a chuid clár (bhí toise Éireannach leis an tsraith): Na Trioblóidí, Lochán Mór, Turas, Fírinne, Bainne agus Aon Rud Pearsanta – an googley Gaeilge ar nothing personal glacaim leis.)

Níl aon rud úrnua ná samhlaíocht ag baint leis an scríbhinn seo agus níl sé le maíomh aige fiú go bhfuil sé i dtuilleamaí na beathaisnéise.

Is é Hope agus léiriú Gyllenhaal an t-aon chúis go bhfuil bá againn leis an scéal. Is aisteoir é Gyllenhall seo nach leasc leis dul i muinín an chlaochlaithe fhisiciúil má tá sé riachtanach don ról. Bhí cuma scanrúil, mhídhaonna air in Nightcrawler (2014) agus anseo éiríonn leis corp agus teacht i láthair an dornálaí a léiriú go paiteanta, mar aon le pearsantacht an fhir chráite seo taobh amuigh den fháinne a léiriú dúinn.

Tá idir mhaith (Training Day (2001) agus olc (Shooter (2007) i gcartlann an stiúrthóra Antoine Fuqua. Déanann sé a dhícheall leis an scríbhinn seo agus ní féidir aon locht a fháil ar na radharcanna dornálaíochta réalaíche. In ainneoin na háiféise sa script, súitear isteach sinn agus bíonn ardú croí ag baint leis an gcríoch, más dár n-ainneoin féin é.

Fág freagra ar 'Faigheann scríbhinn lochtach Southpaw an ceann is fearr ar Gyllenhaal'