Faigheann ‘aigne an ápa’ suaimhneas ó tvuíteanna an domhain…

Suíomh a thaispeánann tvúiteanna uile an domhain de réir mar a sheoltar iad a spreag ár gcolúnaí i mbun dianmhachnaimh

Phra_Ajan_Jerapunyo-Abbot_of_Watkungtaphao.

Bhí tráth ann, ní i bhfad ó shin, nuair a bhaininn triail as dianmhachnamh a dhéanamh. Shuínn síos, mo chosa fúm, mo lámha ar mo ghlúine, agus bhaininn lán mo dhá shúl as an mballa bán os mo chomhair ar feadh uair an chloig.

Suaimhneas intinne a bhaint amach an aidhm a bhí agam: ligint do smaointe rith tríom de réir mar a thagaidís, gan iarracht a dhéanamh breith orthu. Ba é seo m’iarracht thútach féin ar zazen, mar a thugann lucht an Zen ar cheann dá gcleachtais dianmhachnaimh.

Níor oibrigh sé dom.

Go deimhin, bhí sé ina chéasadh. Ní hamháin ar na glúine agus ar mo thóin (ní raibh mata sa teach agam) ach ar m’aigne bhocht go háirithe. Ní smaointe sona a shocraigh sruthlú tríom le linn na mbabhtaí dianmhachnaimh seo ach smaointe fánacha faoi chúrsaí airgid, fadhbanna maorlathais nó go deimhin faoin bpian i mo chosa agus i mo thóin. Níos minicí ná a mhalairt, ba mhó an strus a bhíodh orm tar éis an bhabhta dianmhachnaimh ná roimhe.

Ach tharla mé ar réiteach den scoth an lá cheana. Taispeánann an suíomh Tweetping tvuíteanna uile an domhain ar ar mhapa, beo, de réir mar a sheoltar iad.

“Céard!?” a deir tú. “Cén bhaint atá ag Twitter le dianmhachnamh?”

Cliceáil ar an nasc, agus feicfidh tú.

Screen Shot 2015-08-13 at 15.20.03

Nach aisteach é. Níl gléas ar bith ar domhan is mó a mhillfeadh aon iarracht dianmhachnaimh ná Twitter féin, a spreagann ‘aigne an ápa’ mar a thugann lucht an Zen ar an gcuid sin dár n-aigne nach mbíonn in ann fanacht socair agus a chaithfidh tuairim a bheith aige faoi chuile shórt ar an bpointe boise.

Ach malairt tionchair atá ag Tweetping orm. D’fhéadfainn breathnú ar an mapa gorm sin ar feadh an lae, faoi gheasa ag na splancanna beaga (a lasann gach uair dá gcuireann duine éigin in áit éigin ar domhan Tweet) ag cumascadh ina réaltbhuíonta geala sna háiteanna is mó a mbíonn rudaí le rá ag daoine.

Dá mbeinn ag breathnú ar an radharc seo ó i bhfad – anuas ó na Flaithis, abraimis – bhainfinn searradh as mo ghéaga tar éis tamaill, phlúchfainn méanfach agus déarfainn liom féin go raibh sé in am dul a chodladh: tá gach rud i gceart, tá an cine daonna ag twuítáil go sona sásta mar a bheadh éin sa dufair.

Bí ag brionglóideach leat.

An bua mór atá ag Tweetping ná nach féidir téacs na dtwuíteanna a léamh; ní thaispeántar an téacs ach ar feadh nanoshoicind. Dá léifeadh an té a bheadh á léamh twuíteanna uile an domhain de réir mar a sheoltar iad (agus, ar mhaithe le spórt, ligimis orainn gurb ann don aigne a mbeadh sé ar a cumas a leithéid a dhéanamh) ní chodlódh an té sin oíche ar bith feasta. Bheadh a chroí briste ag a bhfuil d’éagóir, d’anró agus de chrá croí sa domhan gorm seo.

Agus ag na ráflaí faoi Justin Bieber agus na pictiúirí cat.

 

Fág freagra ar 'Faigheann ‘aigne an ápa’ suaimhneas ó tvuíteanna an domhain…'