Faigh an díolaim Ghaeilge seo agus is gearr go n-imeoidh an aois díot…

Sa mhír seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa

Faigh an díolaim Ghaeilge seo agus is gearr go n-imeoidh an aois díot…

Is maith liom féin díolaimí mar is féidir leat tumadh isteach iontu, snámh tamall agus do chloigeann a thógáil aníos arís. Agus má thaitníonn díolaimí liomsa, níl aon chúis nach dtaitneodh siad leatsa chomh maith céanna.

Ceann fíorspéisiúil agus luachmhar is ea Aois na hÓige: díolaim próis (CIC €15) atá curtha in eagar ag Aisling Ní Dhonnchadha agus ag Máirín Nic Eoin. Is é atá ann cnuasach de shleachta as dírbheathaisnéisí agus as scéalta (nó scéalta iad féin) a bhaineann leis an óige agus le taithí an pháiste.

Is de shuimiúlacht nuair a scríobhann duine scéal a bheatha féin gurb iad na luathbhlianta seo is láidre a dhathaítear sa chuimhne, in ainneoin go gcailltear níos mó fós trí chriathar pollta na haigne. Dearmadtar, leis, gur geall le saol rúnda dá chuid féin a chaitheann an leanbh, saol nach gceadaítear don duine fásta seasamh isteach ann. Nochtadh ar an saol rúin agus rúnda sin atá sna sleachta sa leabhar seo, sleachta a roghnaíodh le bá is le gean.

Tá go leor de chlasaicí na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta anseo, Peig i mbaile mór gallda gránna an Daingin den chéad uair, Micí Mac Gabhann agus Róise Rua ar an Lagán, Muiris Ó Súilleabháin ag dul don oileán, Máirtín Ó Direáin ar an oileán.

Tá trí phíosa gearra anseo le triúr cailíní ó Ghaeltachtaí Chiarraí a scríobhadh nuair a bhí siad ar an mbunscoil féin.

B’fhéidir gurb iad is macánta ar fad sa leabhar, cinnte is iad is úire a scríobhadh gan ceo na mblianta ag teacht idir iad agus ar tharla. Dialanna scoile agus baile iad. Dhein Máire Ní Shéagha piscíní an chait a bhá san abhainn agus gach ‘mí-abha’ astu: ‘Ach am briathar ná raibh aon bhrón ormsa ’na ndiaidh, na rudaí salacha!’

Maidir leis an Máire eile, Séamus Ó Grianna, tá sliocht as Nuair a bhí mé óg ina bhfuil trácht ar a chuid deacrachtaí leis an mBéarla ar scoil. Fág go bhfuil an píosa thar a bheith greannmhar, ní chreidim focal de. Ní chreidfeadh aon duine ach an oiread, go háirithe toisc go ndeir sé ‘Ní tháinig aon fhocal searbh nó nimhneach as mo bhéal riamh.’ Agus níl aon chomhartha uaillbhreasa tar éis na habairte sin.

Rud eile a rithfeadh leat i gcás fhormhór na sleachta: bhí óige shonasmhar ag formhór na bpáistí seo go fiú nuair a bhí mearbhall orthu ar nós Lúidín Eoghain Uí Thuairisc nó bligeardaíocht shaonta Jimín an tSeabhaic. Ní fhágann sin nach bhfuil scéalta coscracha ina measc a chasfadh do chroí, leithéid ‘An Buille’ le Liam Ó Flaithearta, nó ‘An Seamlas’ le Seán Mac Mathúna. Agus ní taobh leis an saol traidisiúnta atáimid ach oiread i gcás na n-eachtraí anseo le hÉilís na Dhuibhne agus le Lorcán S. Ó Treasaigh…agus go leor eile.

Muran leor leat an méid seo, tá liosta cuimsitheach d’fhoilseacháin ar chúl an leabhair a thugann treoir bhreise duit maidir le litríocht na hóige in Éirinn. Is gearr go n-imeoidh an aois díot…

Fág freagra ar 'Faigh an díolaim Ghaeilge seo agus is gearr go n-imeoidh an aois díot…'