Fágfar ag tochas do chinn thú i ndiaidh an ‘joint’ is déanaí de chuid Spike Lee

Téann Da 5 Bloods sa bhfraoch agus é ag iarraidh an chogaíocht, an ciníochas, an eachtraíocht agus an greann a chniotáil le chéile

Fágfar ag tochas do chinn thú i ndiaidh an ‘joint’ is déanaí de chuid Spike Lee
Da 5 Bloods
Stiúrthóir: Spike Lee
Cliar: Delroy Lindo, Johnathan Majors, Clarke Peters, Norm Lewis, Isiah Whitlock Jr., Mélanie Thierry, Chadwick Boseman.

Ní rabhas in ann tóin ná ceann a dhéanamh don ‘joint’ is déanaí ón gceardaí cruthanta Spike Lee.

Ar aon dul leis an ngobadán, bhí Lee ag iarraidh cúpla tráigh a thabhairt leis sa saothar seo atá bunaithe ar bhuíon den chine dubh a throid i gcogadh Vítneam. Bhí Lee ag iarraidh saothar a sholáthar dúinn a dhéanfadh tráchtaireacht ar an gciníochas agus éigiall na cogaíochta agus é sin cniotáilte le heachtraíocht agus greann.

Níor éirigh leis aon cheann de sin a dhéanamh chun mo shástachta.

Tosnaíonn rudaí amach láidir go maith le raidhse ábhar cartlainne a thugann sracfhéachaint ar chogaíocht Vítneam agus ciníochas Mheiriceá sna seascaidí is na seachtóidí. Malcolm X, Angela Davis, an foréigean ag léirsithe Ollscoil Kent agus Muhammad Ali ag fógairt go neamhbhalbh nár chaith an Vietcong aon mhasla ciníoch leis riamh ná nár dheineadar iarracht é a linseáil, ach an oiread.

Ag pointe amháin sa scannán deirtear linn gur den chine dubh 11% de dhaonra Mheiriceá ach ag an am céanna gur den chine céanna an tríú cuid díobh siúd a bhí i mbun troda in Vítneam.

An chos ar bolg á himirt ar dhream i bhfad i gcéin ag dream a bhí imeallaithe ar mhaithe le tír nár thug cothrom na Féinne dóibh sa bhaile.

An namhaid á lámhach acu i ndufair in oirdheisceart na hÁise fad is a bhí a gcine féin agus a laoch Martin Luther King á lámhach aige baile.

’Sí an choimhlint chiníoch sin croílár an scannáin agus dá mbeadh Lee tar éis cloí níos doichte leis an téama sin d’fhéadfadh scannán den scoth a bheith déanta aige. Ar an drochuair téitear i muinín na háiféise agus na heachtraíochta gan dealramh.

Ag tús an scannáin címid ceathrar fear cnagaosta go maith Paul (Lindo), Otis (Peters), Eddie (Lewis) agus Melvin (Whitlock Jr.) ag seiceáil isteach in óstán i Vítneam an lae inniu. Cuirtear abhaile orainn go bhfuilid tagtha an dúthaigh le teacht ar chorp a n-iarchomhghleacaí Stormin’ Norman (Boseman) a maraíodh i rith an chogaidh, tarrac ar chaoga bliain roimhe sin.

Tosaíonn rudaí ag imeacht sa bhfraoch luath go maith. Comhráite liobarnacha ag iarraidh an comhthéacs polaitíochta agus ciníoch a mhíniú, seanfhondúirí de chuid an Vietcong suite trasna uathu sa bhialann agus an ceathrar seanphlandaí á gcaitheamh féin chun talún taobh amuigh den bhialann nuair a phléascann pléascóg thine.

É sin ar fad agus Otis ag fáil amach go raibh iníon aige le bean as an áit. Cinnte tá aisteoireacht bhreá ó Lindo in áiteanna agus léiriú á dhéanamh aige ar an seansaighdiúir ciaptha suaite ach tá an téama sin caillte sa truflais.

Tá scannáin cosúil le Full Metal Jacket (1987), Platoon (1986) agus Apocalypse Now (1979) tar éis léiriú i bhfad níos cumhachtaí a dhéanamh ar éigiall agus tionchar na cogaíochta.

Níl an saothar seo inchurtha leo agus nuair a dhéantar ‘Ride of the Valkyries’, an ceol sainiúil sin ó shaothar 1979 a sheinnt i radharc amháin, meabhraítear dúinn go bhfuil an saothar seo in áit na leathphingine maidir leis an téama sin.

Insítear dúinn tar éis scaithimh go bhfuiltear ar thóir óir a chuir an bhuíon i bhfolach sa talamh i rith an chogaidh. Cad é cúbláil acu agus eatarthu, is iad ag iarraidh teacht air, gníomhartha a mheabhraíonn eachtraíocht Three Kings (1999) dom.

Baintear úsáid as iardhearcthaí le héachtaint a thabhairt ar eispéiris na buíne i rith an chogaidh mar aon le léargas a fháil ar Norman.

Ba mhór an trua, dar liom nár caitheadh níos mó ama sa tréimhse sin agus le Norman, carachtar a léiríonn Boseman go cumasach. B’ait liom chomh maith gur cinneadh na haisteoirí céanna a úsáid don dhá thréimhse ama agus gan aon iarracht déanta cuma na hóige a chur orthu.

Cúis eile gur fágadh mé ag tochas mo chinn ag deireadh an tsaothair.

Fág freagra ar 'Fágfar ag tochas do chinn thú i ndiaidh an ‘joint’ is déanaí de chuid Spike Lee'