Fágfaidh Farage faoi na Tóraithe an 317 suíochán atá acu

Bhí imní ar Nigel Farage a dúirt sé, gurbh amhlaidh gur mhó an seans go mbeadh an dara reifreann Breatimeachta ann dá gcuirfeadh an Páirtí Breatimeachta iarrthóirí chun cinn ar fud na tíre

Fágfaidh Farage faoi na Tóraithe an 317 suíochán atá acu

Tá fógartha ag Nigel Farage nach gcuirfidh an Páirtí Breatimeachta aon iarrthóir san iomaíocht in olltoghchán na Breataine sa 317 toghcheantar inar bhuaigh na Tóraithe suíochán i dtoghchán 2017.

Bhí Farage buartha, a dúirt sé, gurbh amhlaidh gur mhó an seans go mbeadh an dara reifreann Breatimeachta ann dá gcuirfeadh sé iarrthóirí chun cinn ar fud na tíre.

Dhein Farage an fógra sin i ndiaidh do Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson geallúint a thabhairt go gcuirfí an Breatimeacht i bhfeidhm faoi 2020 agus go lorgófaí margadh trádála leis an AE amhail an ceann atá ag Ceanada.

Mhaígh Farage roimhe seo go gcuirfeadh sé 600 iarrthóir chun tosaigh ar fud na tíre. Dúirt sé inniu nár éirigh leis margadh réamhthoghcháin a dhéanamh leis na Tóraithe ach gur gá “tús áite” a thabhairt do “leas na tíre”.

Fógróidh ceannaire Pháirtí an Bhreatimeachta Dé hAoine cad iad na háiteanna ina gcuirfear iarrthóirí chun cinn.

Meastar nach gcuirfidh an páirtí iarrthóir ar bith chun tosaigh sna sé chontae ná in go leor áiteanna in Albain.

“Díreoimid go láidir ar na ceantair go léir ina bhfuil suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre, atá dulta siar ar fad ar an ngeallúint a thug siad ina bhforógra toghcháin go léireoidís meas ar thoradh an reifrinn agus tabharfaimid dúshlán na bpáirtithe eile atá ar son fanacht [san AE]. Déanfaimid an fód a sheasamh agus rachaimid chun troda leo ar fad,” a dúirt Nigel Farage.

.

Chuir Boris Johnson fáilte roimh fhógra Farage agus mhaígh sé gur aitheantas a bhí ann nach raibh aon bhealach eile chun a chinntiú go gcuirfí an Breatimeahct i bhfeidhm seachas vótáil ar son na dTóraithe.

Dúirt leascheannaire na nDaonlathach Liobrálach, Ed Davey, gur léirigh cinneadh Farage “gurb é an dá mhar a chéile anois iad na Tóraithe agus an  Páirtí Breatimeachta”.

Fág freagra ar 'Fágfaidh Farage faoi na Tóraithe an 317 suíochán atá acu'