Fágaigí na boscaí gan ticeáil agus blaisigí de bhuanna diamhara Uí Scolaí

Sa mhír seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Fágaigí na boscaí gan ticeáil agus blaisigí de bhuanna diamhara Uí Scolaí

Nuair a léann tú leat trí na moltaí samhraidh a dhéanann saineolaithe agus seaneolaithe agus séaneolaithe ar an nuachtáin náisiúnta maidir leis na leabhair ar cheart duit iad a léamh, dar leo, tabharfaidh tú faoi deara gurb úrscéalta a bhformhór, úrscéalta a maítear ‘úrscéalta liteartha’ leo.

Ní bhfaighidh tú aon leabhar Gaeilge ina measc, gan amhras, ach scaoilimis an úrnuacht nua friseáilte sinn tharainn go fóill.

Mar atá ráite go rómhinic agam féin agus ag daoine eile, ní ghéillim go bog do na ballaí Béirlin seo idir genreaíocha éagsúla an úrscéil (ná an gearrscéal ná an fhilíocht ná an drámaíocht) óir is cluiche táiplise agus muganna mearaí é idir criticeoirí nach bhfuil faic eile le déanamh acu.

‘Ó sea, is píosa iontach scríbhneoireachta é seo, ach ní gearrscéal le ceart atá ann de réir na rialacha!’

Ticeáil na mboscaí.

‘Féach seo, prós álainn, ach ní féidir úrscéal a thabhairt air!’

Ticeáil cúpla bosca eile.

‘Dán maith, gan amhras, ach ní féidir an fhoirm sin a bheith sa Ghaeilge.’

Nuair a léigh mé Na Comharthaí  (Leabhar Breac  €18) le Darach Ó Scolaí ar dtús bhí a fhios agam go sacálfaí isteach é san earnáil a dtugtar ‘úrscéal liteartha’ uirthi.

Is é sin, d’fhocal gearr, ní leabhar é ina bhfuil an plota in uachtar ann (cé go bhfuil a leithéid tríd síos), ná go bhfuil aon lipéad inaitheanta eile ag éileamh aitheantais ann.

Is chuige sin a chuirfidh sé mearbhall ar an léitheoir saonta.

Tá aithne mhaith cheana ar Dharach Ó Scolaí mar údar an duaisúrscéil An Cléireach agus mar athchruthitheoir Táin Bó Cuailgne, ar gaisce míorúilteach scríbhneoireachta é a rabhamar ag feitheamh leis le fada.

Conair eile ar fad atá á leanúint aige san  úrscéal seo Na Comharthaí a bhaineann le saol comhaimseartha na hÉireann, fág go bhfuil smuit de thall thairis sa Ghréig agus sa Tuirc. Fear óg é Jó, neach inste an scéil, a shíleann go bhfuil cinniúint áirithe amach roimhe agus tá ag lorg na gcomharthaí a nochtfaidh an chinniúint sin dó. Tagann na comharthaí seo chuige i measc a chairde, ar scoil, ar an ollscoil, ina chuid léitheoireachta, ar bhláth na sceiche féin.

Tá i ndán dó, dar leis, a bheith ina ‘Ghiolla Rí’, rud a fhágann nach foláir dó a bheith umhal ina phearsa agus an rí ceart a lorg agus a fháil.

Dá réir sin is scéal turais lorgaireachta é seo i measc baicle neamhchoitianta daoine ar fud sráideanna agus pubanna Bhaile Átha Cliath agus Chonamara, turas siar san mhiotaseolaíocht, turas seandálaíochta, turas litríochta (sean agus nua), agus go deimhin féin, turas grá.

Ar léibheann amháin is féidir taitneamh a bhaint as an gcomhrá bulsaightiúil a bhíonn go minic idir daoine beageolais i dtábhairní an tsaoil, nó as an taisteal i gcéin a bhfuil trácht thar a bheith tuisceanach air, nó ar an síorshireadh ar rud éigin amuigh ansin a bhfuil a fhios agat cad tá ann ach a bhfuil ag dul duit breith air go lánchruinn.

Ar léibheann eile, is féidir go díreach é a léamh.

Is ea, diamhaireacht go héag atá anseo, ach is í an diamhaireacht fad an bhealaigh bua an scéil. 

Fág freagra ar 'Fágaigí na boscaí gan ticeáil agus blaisigí de bhuanna diamhara Uí Scolaí'