Fadscannán Gaeilge le taispeáint oíche oscailte Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath den chéad uair

Taispeánfar An Cailín Ciúin le Colm Bairéad, a rinneadh faoi scéim de chuid TG4 Cine4, ar oíche oscailte na féile ag deireadh na míosa seo chugainn

Fadscannán Gaeilge le taispeáint oíche oscailte Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath den chéad uair

Le fadscannán Gaeilge a chuirfear tús i mbliana le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, an chéad uair ar tharla a leithéid.

Taispeánfar An Cailín Ciúin le Colm Bairéad, a rinneadh faoi scéim de chuid TG4 Cine4, oíche oscailte na féile ag deireadh na míosa seo chugainn.

Beidh an scannán Gaeilge á thaispeáint den chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín an mhí seo chugainn chomh maith, an chéad uair go mbeidh scannán Gaeilge á thaispeáint ag an bhféile sin.

Is é An Cailín Ciúin, an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ó Inscéal.

Fís Éireann, TG4, agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chuir maoiniú ar fáil do An Cailín Ciúin faoin scéim Cine4.

Tá an scannán An Cailín Ciúin, bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú anuraidh i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí. Dráma casta leochaileach é seo faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig.

Break Out Pictures a bheidh á dháileadh anseo in Éirinn agus atá i mbun a eisiúna.

Fág freagra ar 'Fadscannán Gaeilge le taispeáint oíche oscailte Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath den chéad uair'

  • Antoine Ó Coileáin

    Comhghairdeas le Colm agus Cleona as an éacht seo. Ag dúil go mór leis an scannán a fheiceáil!