Bíonn deifir ar scríbhneoirí nach mór i gcónaí agus iad de shíor ag iarraidh spriocdháta éigin a bhaint amach. Mar sin féin, tá an fhoighid ar cheann de na scileanna is bunúsaí a bhíonn ar dhuine a fhorbairt má theastaíonn uaidh maireachtáil ar an bpeann.
Cén fáth?
Nuair a bhíonn an spriocdháta bainte amach, tosaíonn an fanacht.
Fadó fadó, nuair a bhí mé i m’iriseoir lánaimseartha leis an nuachtán Foinse, bhíodh ar an bhfoireann ar fad obair go mall oíche Déardaoin. Bhíodh bús ar leith san oifig na hoícheanta sin: muid ar fad ar ár míle dícheall an nuachtán a fháil réidh in am le go bhféadfaí é a sheoladh chuig na clódóirí.
An Aoine a mharaíodh mé. Ní bhíodh Foinse sna siopaí go dtí an Satharn agus is ar éigean a d’fhéadainn fanacht go dtí go léifeadh lucht léitheoireachta an pháipéir a raibh scríofa agam an tseachtain sin.
Ach má bhíonn foighid ag teastáil ó iriseoirí óga díograiseacha, bíonn a dhá, a thrí, nó a chéad oiread foighde ag teastáil ó scríbhneoirí ficsin agus neamhfhicsin, ó fhilí, agus ó éinne eile a bheadh ag iarraidh leabhar a fhoilsiú.
Tá sé ráite agam roimhe seo agus déarfaidh mé arís é: gluaiseann tionscal na foilsitheoireachta ar luas oighearshrutha (roimh an athrú aeráide.) Is minic a théann bliain nó os a cionn thart idir an lá a gcríochnaíonn scríbhneoir an dréacht deireanach agus an lá go mbíonn an saothar sin sna siopaí.
Tá sé ag tarraingt ar chúig mhí anois ó chuir mé an dréacht deireanach d’úrscéal chuig mo ghníomhaire liteartha san Ísiltír. Fuair mé nóta gairid uaithi seachtain nó dhó tar éis dom an dréacht a chur chuici ina ndúirt sí go raibh an dréacht faighte aici agus go gcloisfinn uaithi nuair a bheadh sé léite aici, ach tá mé fós ag fanacht ar scéala.
Mar sin féin, is maith a thuigim gurbh fhearr dom gan ríomhphost a chur chuici ag clamhsán faoin moill – go ceann cúpla mí eile pé scéal é.
Ní dhéanfainn ach mé féin a chaitheamh sa chos dá gcuirfinn cantal uirthi. Ach oiread le chuile dhuine atá ag obair i dtionscal na leabhar bíonn gníomhairí liteartha i gcónaí faoi bhrú. Cuirim geall nach é dréacht m’úrscéilse amháin atá ina luí ar a deasc agus ar ndóigh bíonn leabhair le ceartú agus le díol agus conarthaí le cíoradh agus le síneadh. Agus tharlódh gur chuir víreas dána an saol as a riocht idir an dá linn.
Foighid, mar sin, agus díriú ar an gcéad togra eile d’fhonn m’aird a bhaint den fhanacht fada.
Tiarnan de Fréine
Leasdeartháir don leisce an fhoighne!