Tá ráite ag Iarnród Éireann go bhfuil ainmneacha Gaeilge á litriú i gceart faoi dheireadh ar a dtraenacha uile.
Bhí fadhb le fada ag gcomhlacht iompair le sínte fada a thaispeáint ar chomharthaí áirithinte leictreonacha.
Ní raibh an córas a bhí in úsáid ag Iarnród Éireann in ann ainmneacha a raibh síneadh fada iontu a léiriú go cruinn ar na comharthaí digiteacha a thaispeánann go bhfuil suíochán curtha in áirithe ag duine.
D’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara Teanga an scéal agus chinn an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill anuraidh gur shárú ar an dlí é ag Iarnród Éireann gan ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu a léiriú go cruinn.
Tugadh le fios do Tuairisc.ie an mhí seo caite go raibh leigheas faighte ag Iarnród Éireann ar na deacrachtaí agus go mbeadh formhór na dtraenacha acu in ann na sínte fada a thaispeáint.
Dúradh nach féidir sínte fada a thaispeáint i gceart go fóill ar an tseirbhís idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, de bharr gurb iad Translink, an comhlacht iompar poiblí i dTuaisceart Éireann, a dhéanann soláthar do na traenacha ar an líne sin.
Dúirt urlabhraí ó Iarnród Éireann go raibh siad ag obair leosan chun an fhadhb a réiteach “chomh luath agus is féidir” agus d’fhógair Oifig an Choimisinéara Teanga inniu go raibh sé deimhnithe ag Iarnród Éireann leo go bhfuil sínte fada anois le feiceáil ar na córais áirithinte suíochán ar a bhflíteanna go léir.
Tá sé deimhnithe ag Iarnród Éireann d’Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil sínte fada á dtaispeáint anois ar ainmneacha ar na córais áirithinte suíochán ar fud na bhflíteanna go léir.
— Coimisinéir Teanga (@ceartateanga) September 14, 2020
Conn
Go maith. Anois, an bhfuil aon seans go bhfaighidís duine éigin ata in ann an Ghaeilge a fhuaimniú i gceart chun na teachtaireachtaí taifeadta a rá? Táim bréan ag éisteacht leis an ainniseoir sin ag rá ‘Meala’, nuair is é Mala, i Contae Chorcaí, atá i gceist aige.